Seacht mBuaidh an Eirghe-amach/6

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Seacht mBuaidh an Eirghe-amach by Pádraic Ó Conaire
Rún an Fhir Mhóir

[ 151 ]



AN SEISEAḊ BUAIḊ

.i.

RÚN AN ḞIR ṀÓIR


[ 153 ]

Rún an Ḟir Ṁóir

Ṡiar i nIarĊonnaċtaiḃ ḃíos, i n-áit a dtugtar Coill Ḃuiḋe air má ḃí tú ann ariaṁ. Ḃí aonaċ ar an gCoill an lá sin, aċt ní ar an aonaċ ḃí mise; go deiṁin ní cuiṁneaċ liom anois cé’n gnó nó easbaiḋ gnóṫa ṫug san áit mé.

Lá mór báistiġe ḃí ann, agus óir naċ raiḃ mórán ar m’aire níor sgaras leis an leabaiḋ ṫe ṫeólaiḋe go raiḃ píosa maiṫ bainte de’n ṁaidin, giḋ gur dúisiġeaḋ le fáinne an lae mé le seitreaċ na gcapall, le géimneaċ na mbó, le méiḋleaċ na gcaoraċ, agus le sgreadġail míḟoiġdeaċ na ḃfear. Cúpla uair nó mar sin dom idir codlaḋ agus dúiseaċt ag iarraiḋ na ḃfocal borb Gaeḋilge a ṗiocaḋ amaċ as an tormán ḃí ag luċt an aonaiġ ṡíos fúm ar an tsráid, gur ṫáinic míḟoiġid orm, gur eiriġeas, go ndeaċas síos an staiġre le béile na maidne a ċaiṫeaṁ.

Cé ḃéaḋ ag an mbórd róṁam sa teaċ ósta aċt mo ṡeanċara Éamonn Ó Laoiġ, máiġistir sgoile Ros na gCaoraċ.

Ċuir sé na mílte míle fáilte róṁam. Ċuir sé na céadta ceist orm gan uain ṫaḃairt dom aon ċeann aca a ḟreagairt. An raiḃ mé beó ar ċor ar biṫ? Cé’n ċaoi a’ raiḃ an saoġal ag eirġe liom? An raiḃ mé pósta? Tuige naċ raiḃ? Naċ raiḃ sé ṫar am agam? Agus a liaċtaiġe bean áluinn ḃí sa tír!

[ 154 ]Ní raiḃ sé sásta liom ċor ar biṫ nár ṫugas an ḃean liom.

“Féaċ anois,” ar seisean, “tuige naċ ndeárna tú mar rinne do ḋuine muinntearḋa?”

“Cé aca?”

“An Fear Mór ar ndóiġ—Séamus Seóiġe d’eile?”

“Agus céard tá déanta aigesean?”

“Ṗós sé a ṁ’anam.”

Ḃí iongantas orm. Ḃí mo ḋuine muinntearḋa, an Fear Mór mar tugaḋ air i gcoṁnuiḋe, ḃí sé ṫar leiṫċéad bliaḋain d’aois, agus ceapaḋ ag an saoġal naċ gcuirfiḋe faoi ċuing an ṗósta go deó é.

“Agus deir tú liom go ḃfuil an Fear Mór pósta?”

“Tá. Ṗós sé seaċtṁain nó mar sin i ndiaiḋ na Cásga”

Ḃí a ḃéile caiṫte aige. Ḋearg sé an píopa. Ṫáinic fonn cainnte air.

“Seaċtṁain nó coigċíos nó mar sin ó ṡoin ṗós sé an ċéad uair—”

“An ċéad uair!”

“Seaḋ.”

“Aċt an ċéad ḃean céard d’eiriġ ḋi?” Ċuir sé gail i n-áirde uaiḋ.

“Ḃel, sin rud naċ ḃfuil ḟios ag aon duine. Deir daoine gur fuaduiġeaḋ as an teaċ í faoi ṁeaḋon oiḋċe; gur bean de na siḋe ḃí innti, gur ġoid an Fear Mór uaṫa í, agus go dtáiniceadar n-a sluaiġtiḃ cúpla oiḋċe i ndiaiḋ an ṗósta le n-a fuasgailt.... aċt ár ndóiġ ní ċreidfeaḋ aon duine é sin?”

[ 155 ]“Níl cosaṁlaċt na fírinne air,” adeirimse, “aċt céard deir an Fear Mór féin?”

“Tuige ḋuit ceist mar sin a ċur orm? Naċ ḃfuil aiṫne agat ar an ḃFear Mór? Ba ḋeacair cainnt ḃaint as an lá ab ḟeárr ḃí sé, aċt má cuirtear ceist air anois faoi’n gcéad ṁnaoi tagann taom éigin air, buaileann sé faoi ar ċaṫaoir, bain- eann sé naipcín as a ṗóca, coinniġeann sé le n-a éadan é agus gan le cloisint uaiḋ idir gaċ ḋá osna aċt, an ḃean ḃoċt! an ḃean ḃoċt! Ḃéaḋ truaig agat do’n Ḟear Mór boċt dá bfeicteá é ag caoineaḋ na mná sin. Ní leigfeaḋ do ċroiḋe ḋuit aon ċeist eile ċur air, an créatúir!”

“Agus cé’n ċaoi ar cailleaḋ i? An ḃfaca aon duine marḃ í?”

“Ní ḟuil ḟios ag aon duine cé’n ċaoi ar cailleaḋ í. Go deiṁin níor facṫas an corp ariaṁ.”

“Ar facṫas beó í?” arsa mise agus cineál aiṁris orm an raiḃ a leiṫéid de ṁnaoi ann ariaṁ.

“Ċonnaic an pobul uilig beó í ár ndóiġ. Ḃíos féin ar an mbainis. Agus ba ḃreáġ an ḃainis í. Ṡíos i gConndae an Ċláir pósaḋ iad, agus ṫáinic siad amaċ annseo as Gailliṁ agus cóisde céiṫre gcapall fúṫa. A leiṫéid de raic ní ḟaca tú ariaṁ! Níor innis sé do aon duine ar ḟágáil an tiġe ḋó go raiḃ sé le pósaḋ, agus ní raiḃ súil againn go bpósfaḋ ċoiḋċe aċt an oiread leis an sagart. Aċt nuair a ċuala an pobul go raiḃ sé sa mbaile, agus an ḃean aige, ḃailiġeadar uilig timċeall ar an áit go ḃfeicfidís an ḃean a ḃog croiḋe cruaiḋ an Ḟir Ṁóir....”

[ 156 ]“Cé’n sórt duine ḃí innti?”

D’eiriġ mo ċara smaointeaċ.

“Ní raiḃ sí andaṫaṁail mar sin,” ar seisean, “aoirde ṁaiṫ innti; deirṫeá go raiḃ sí ró-árd; leicne bána tanaiḋe uirri, díreaċ is dá mbéaḋ sí ṫar éis taom tinnis a ċur ḋi; cosa móra fúiṫi, agus láṁa cruaḋa garḃa—bean a rinne obair le n-a saoġal agus ḃí i n-ann obair a ḋéanaṁ. Sin é an fáṫ gur ṗós an Fear Mór í b’ḟéidir: é sin agus an spré....”

Ḋearg sé an píopa arís.

“Aċt féaċ anois, ní móide go ḃfuil mé ag taḃairt ceart do’n Ḟear Mór. Is cinnte go ḃfuil cuṁa air i ndiaiḋ na mná sin; aċt ní réiḋtiġeann sé leis an gcuṁa agus leis an mbrón gur ṗós sé arís i gceann míosa i ndiaiḋ a báis—má’s bás a fuair sí. An réiḋtiġeann anois? Aċt an cuṁa ḃíos air nuair tráċtar uirri!”

“Aċt ár ndóiġ,” arsa mise agus cantal orm, “ ár ndóiġ tá ḟios ag duine éigin cá ḃfuair sí bás—”

“Facṫas í oiḋċe Dia hAoine ag bleaġan na mbó. Ḃí toġa na sláinte aici an oiḋċe sin. Maidin lá’r n-a ḃáraċ ní raiḃ sí ann—Ní raiḃ an Fear Mór sa mbaile aċt oiread. Duḃairt an cailín aimsire go ndeaċadar ar cuairt ag daoine muinntearḋa leis an mnaoi. Ċuireas a dtuairisg annsin ag na daoine muinntearḋa; an gcreidṫeá é? níor ṫugadar cuairt orra ariaṁ! Aċt i gceann ceiṫre lá, d’ḟill an Fear Mór gan an ḃean. Gaċ uile ḋuine ċuir ceist air ó ṡoin n-a taoḃ ḃain sé gol as. Ba ṁór an truaiġ an Fear Mór ḟeiceál ag caoineaḋ na mná....”

Ċuir mo ḋuine gail eile i n-áirde uaiḋ.

[ 157 ]“Aċt ṗós sé arís i gceann míosa, nár ṗós?” arsa mise.

“Ṗós. Ċuir sin iongnaḋ ar a lán. Fear naċ raiḃ a ċéad ḃean faoi’n gcré aċt mí! Agus ċoṁ cuṁaṁar is ḃí sé n-a diaiḋ!”

D’ḟéaċ sé n-a timċeall ar ḟaitċíos go raiḃ aon duine ag éisteaċt linn.

“Agus cogar,” ar seisean “tá daoine i n-aiṁreas ar an ḃFear Mór; cuid aca a ráḋ naċ ḃfuil sí marḃ ar ċor ar biṫ, agus go gcuirfear an dliġe air faoi ḃeirt ḃan ḃeiṫ aige; cuid eile aca a ráḋ go ḃfuil sí ċoṁ marḃ le Crom, aċt gurab é féin ṁarḃuiġ í. Cuirfear an dliġe air ċom cinnte is tá drioball ar luiċ....”

“Aċt céard deir an dara bean faoi’n sgéal?”

Leig sé fead iongantais. D’eiriġ n-a ṡeasaṁ agus ṫosaiġ ag siuḃal anonn ’s anall agus greann agus iongnaḋ air.

“Maidir léiṫi siúd,” ar seisean, “níor ċuala sí an sgéal ar ċor ar biṫ go dtáinic sí san áit. Duine de na coṁarsanaiḃ d’innis di i dtosaċ é nuair ṫug an Fear Mór aḃaile í, agus ó ṡoin i leiṫ níl saoġal ná suaiṁneas ag an ḃFear Mór....”

“Is dóċa go gceapann sí go ḃfuil an ċéad ḃean beó?” arsa mise.

“Naċ gceapṫá féin é? Má tá sí marḃ naċ sílṫeá go n-abróċaḋ sé cár cailleaḋ agus cár cuireaḋ í— marab é féin ṁarḃuiġ í; agus má tá sí beó.... níl ḟios agam naċ mbéaḋ an sgéal níos náiriġe. Ar ċaoi ar biṫ, beirfar air agus beiḋ air an sgéal a ṡocruġaḋ ós coṁair breiṫeaṁan agus coisde.”

[ 158 ]Ḃí ar an máiġistir sgoile imṫeaċt. D’ḟanas féin sgaṫaṁ ag an ḃfuinneóig ag maċtnaṁ ar an sgéal.

Ḃí an Fear Mór i gcontaḃairt. Ḃí daoine i n-aiṁreas air gur ṁarḃuiġ sé a ċéile nuaḋṗósta, nó go raiḃ beirt ḃan beó aige. Níor daoraḋ aon duine de mo ṁuinntir ariaṁ ar ċeaċtar de’n dá ċoir sin— giḋ go nduḃairt daoine áiṫride go raiḃ sé tuillte ag cuid aca. Naċ mbéaḋ sé náireaċ go ndaorfaiḋe an Fear Mór? Fear breáġ spóirt agus grinn mar é! Fear a ṫóigfeaḋ do ċroiḋe le ḃeiṫ ag féaċaint ar a aġaiḋ ḃreáġ leaṫan ṡoineannta! A ṁuineál teann a ċur isteaċ i lúb cnáibe! an dá ċoluṁain feóla raiṁe sin ḃí faoi n-a ċaḃail naċ éadtrom, a ċur ag daṁsa ar aér! Má ḃí an ḃean marḃ ḃí sí marḃ, agus cé’n ṁaiṫ ḋéanfaḋ sé ḋi croċaḋ árd ṫaḃairt ḋó-san? Ċeapas a ḋul siar agus cuairt ṫaḃairt air le coṁairle ġlacaḋ leis agus le congnaṁ ṫaḃairt dó dá ḃféadfainn.

Tráṫaṁail go leór, cé casfaiḋe liom ar an aonaċ aċt Pádraic agus Séamus Seóiġe, col-ceaṫraċa do’n Ḟear Mór. Ní raiḃ beirt níos feárr le fáġail. Má tá fear i nIarĊonnaċtaiḃ atá níos críona i gcoṁairle ná Pádraic sé Séamus é. Agus ḃí an ḃeirt aca ar aon inntinn go gcroċfaiḋe an Fear Mór.

Ba ḃrónaċ an triúr sinn ag dul siar. Pé ar biṫ misneaċ agus croiḋe ḃí ionnam féin i dtosaċ ḃain an ḃáisteaċ agus an ḃeirt eile ḋíom é. Báisteaċ— níor facṫas ariaṁ a leiṫéid ṡílṫeá, aċt trí ḟuinn- eógaiḃ an airc. Ní anuas ó na spéirṫiḃ aṁáin ḃí sé ag teaċt orainn aċt aníos ó’n mbóṫar nuair [ 159 ]ṡáiṫfeaḋ an capall na cosa isteaċ sna loċáin ḃí róṁainn sa tsliġe. Ṡílṫeá orainn go raiḃ ár nduine muinntearḋa croċta ċeana, go raḃamar tar éis an ċuairt ḋeireaḋ ṫaḃairt air. An torann ḃí ag na roṫaiḃ—ḃí sé ’ġom ḃoḋraḋ: ní raiḃ aċt an t-aon ṗort aṁáin ġá ċasaḋ aca—

Croċaḋ árd....

Croċaḋ árd....

Croċaḋ árd—lá gaoiṫe!

Ḋearg Séamus an píopa le duaḋ. D’eiriġ sé smaointeaċ.

“’Meas tú an le sgian rinneaḋ sé é?” ar seisean.

“Nó í ċaiṫeaṁ de ḃárr áille,” arsa Pádraic.

“Nó a báiṫeaḋ i bpoll móna,” arsa Séamus.

“Nó piléar ċur n-a croiḋe,” arsa Pádraic.

“Nó a taċtaḋ,” arsa Séamus, “naċ ṡin é an ċaoi is éasgaiḋ? Ar ċuala tú ariaṁ an sgéal faoi’n gCaiptín Buiḋe....”

Níor ċualas.

“Sé an ċaoi gur ṫaċtaiġ sé a ḃean. Ḃí sé ċoṁ trom leis an ḃFear Mór féin.... ṫugadar trí iarraċt le n-a ċroċaḋ.... ḃris an téad trí huaire. Sgaoileaḋ amaċ é sa deire. Ní ḟaca mé ariaṁ aon ḟear ḃí ċoṁ trom leis. Ċraiṫ mé láṁ leis aon uair aṁáin ar aonaċ na Gailliṁe....”

“Beiḋ téad láidir ag teasdáil uaṫa leis an ḃFear Mór a ċroċaḋ,” arsa Pádraic. “Ar ċuala tú ariaṁ an sgéal sin faoi’n Doċtúir Ó Loinsiġ croċaḋ i nGailliṁ?” ar sé liomsa. “Ṁarḃuiġ sé “bean de muinntir Ruaḋáin....”

[ 160 ]Níor ċuala mé an sgéal ariaṁ. Níor ċuala mé an uair sin féin é, giḋ gur innis sé ḋom é. Níor ċuala mé aon rud aċt plabaḋ na báistiġe faoi ċosaiḃ an ċapaill, ceól brónaċ na gaoiṫe isteaċ ó’n ḃfairrge ṁóir agus an seanṗort sin—

Croċaḋ árd,

Croċaḋ árd,

Croċaḋ árd—lá gaoiṫe!

agus é ġá ċasaḋ de ṡíor ag roṫaiḃ an ċáirr. Ṡílṫeá ar an triúr againn nuair ṡroiċeamar an teaċ gur le sgéala faoi ḃás ár nduine muinntearḋa ṫáiniceamar.

Ní raiḃ fear an tiġe ann roṁainn. An ḃean— an dara bean—d’osgail an doras. Níor aiṫniġ sí ceaċtar againn ár ndóiġ. Ní ḟaca sí ariaṁ sinn. D’ḟéaċ sí go géar ar Ṗádraic; sgrúdaiġ sí Séamus ó ḃonn coise go mullaċ cinn; ṫug sí féaċaint ḟada ḟuar orm féin.

Ḃuail an triúr againn isteaċ ar an úrlár sul ar laḃair sí.

“Níl fear a’ tiġe sa mbaile,” ar sise.

D’ḟéaċ Séamus ormsa agus ċaoċ sé súil. Má’s féidir aon rud a ráḋ leis an tsúil duḃairt seisean é. Duḃairt an tsúil:

“D’éaluiġ sé. Tá eagla air go mbeirfear air.”

Ḃuaileamar isteaċ ar an úrlár agus siar linn sa seómra gan cuireaḋ gan iarraiḋ. Lean an ḃean sinn.

“Deirim liḃ arís naċ ḃfuil sé sa mbaile,” ar sise go searḃ.

Ḃí sí i n-aiṁreas orainn go cinnte. Triúr nár aiṫniġ sí ṫeaċt ar lorg a fir, agus eisean ar a [ 161 ]ṫeiṫeaḋ ó luċt dliġe! Cárḃ ḟios di naċ constáblaí ḃí aici sa teaċ!

“Daoine muinntearḋa leis an triúr againn,” arsa mise.

“An eaḋ muis?” ar sise, aċt ḃéaḋ ḟios agat ar an gcaoi a nduḃairt sí é nár ċreid sí ár sgéal.

“An fada ó d’ḟág sé an baile?” arsa Séamus.

“Sin rud naċ ḃfuil ḟios agam.”

“An fada go ḃfillfiḋ sé?”

“Níl ḟios agam sin aċt oiread.”

“Ar ṁaiṫe leis ṫáinic muid,” arsa Pádraic, “cá ḃfuil sé?”

“Níl ḟios a’m.”

“Caiṫfiḋ muid fanaċt go dtiocfaiḋ sé,” arsa Séamus.

“Tig liḃ,” agus amaċ léiṫi sa gcistiniġ.

Ní raiḃ aon aiṁreas orainn naċ raiḃ sé ar a ṫeiṫeaḋ sna sléiḃte, agus go raiḃ a ḃean ag caḃ- ruġaḋ leis. Má ḃí sí dúr dorrḋa féin linn, ṫaiṫniġ an ḃean liom. Naċ í ḃí dílis dá fear! Naċ corr- uair casfaiḋe bean leat ċosnóċaḋ fear a ṁeall ar an dóiġ sin í! Í ṗósaḋ gan innseaċt di go raiḃ bean curṫa aige! Ba ṁór an truaiġ go raiḃ sí i n-aiṁreas orainn agus sinn ag iarraiḋ caḃruġaḋ leis an mbeirt.

D’ḟéaċ mé ar Ṗádraic. Ḃí sé n-a ṡeasaṁ i n-aice na fuinneóige—fear árd caol agus culaiṫ nuaḋ ġorm air. Agus ḃí culaiṫ nuaḋ ġorm ar Ṡéamus! Agus culaiṫ nuaḋ ġorm orm féin! An iongnaḋ é gur ċeap sí gur constáblaí sinn, agus a fear ar a ṫeiṫeaḋ?

[ 162 ]Ṫarraingeamar na caṫaoireaċa timċeall ar an teiniḋ.

“Tá sé ar a ṫeiṫeaḋ,” arsa Séamus.

“Tá,” arsa Pádraic.

“Beirfear air,” arsa Séamus.

“Beirfear,” arsa Pádraic.

“Croċfar é,” arsa Séamus.

“Croċfar,” arsa Pádraic.

Ḃíos féin buaḋarṫa. Ba ḃeag agus ba lag an misneaċ ṫug an ḃeirt sin ḋom agus iad ar creaṫaḋ le fuaċt agus le fliċe ós cionn na teine. Ċuiṁniġ- eas ar Iób....

“Go gcuirfiḋ Dia an t-áḋ ort,” arsa Séamus, “aċt ḃfuil ḟios a’d cá mbíonn an poitín aige?”

Ċuartuiġeamar. Fuaireamar é. D’ólamar é. Ḃog an braon an ḃeirt....

“Ḃí áit ḋeas aige, an fear boċt,” arsa Séamus.

“Ḃí ṁ’anam.”

“Cúig céad acra annseo, feilm eile ṫall sna Rosaiḃ, airgead mór sa mbannc má’s fíor....”

“A ḃean ġeiḃeas uilig é,” arsa Pádraic go smaointeaċ.

“Is dóċa,” arsa Séamus liomsa, “is dóċa naċ bpósfá baintreaḃaċ dá gcroċtaiḋe a céad ḟear?”

“Croċfar é go cinnte,” arsa Pádraic.

“Agus ġeiḃiḋ an ḃaintreaḃaċ fear n-a ḋiaiḋ,” arsa Séamus.

“Duine de’n triúr againn b’ḟeidir....”

Ḃí siad ag cur díḃ agus ag toġaḋ fir do’n ṁnaoi naċ raiḃ n-a baintreaḃaiġ fós nuair ċualamar cois- méig ṁall ṫrom ar an tsráid. An Fean Mór féin! [ 163 ]Naċ é ḃí dána agus a ṫeaċt faoi sgáṫ na hoiḋċe féin! Caiṫfiḋ sé anġean ḃeiṫ aige ar a ṁnaoi agus cuairt ṫaḃairt uirri agus a ḋul i gcontaḃairt a ċroċta ar a son!

Ḃí cluas orm go gcloisfinn cé’n ḟáilte ṁór ḃéaḋ aici roiṁe. Éad ḃí n-a glór nuair laḃair sí.

“A’ ḃfaca tú í?” ar sise.

Níor laḃair seisean.

“An raiḃ lá maiṫ agat léiṫi?” ar sise, “mór an truaiġ go raiḃ an lá ċoṁ dona sin orraiḃ! Is dóċa nár ḟéad siḃ bualaḋ amaċ ag spaisdeóireaċt le ċéile ċor ar biṫ. Cé’n sórt áit fuair tú ḋi? Boṫán ar ṫaoḃ sléiḃe nó teaċ beag sa mbaile mór? Níor ṫasbáin tú a pictiúr ḋom ariaṁ. Ba ṁór an failliġe é sin. Cé naċ leigfeaḋ sí ḋuit é ḋéanaṁ? Naċ aici atá an smaċt ort!”

An t-éad agus an seirḃe ḃí n-a glór! An ċaoi a nduḃairt sí “naċ aici atá an smaċt ort!” An ḃean éadṁar sin!

“Deirim leat naċ ḃfuil a leiṫéid ann ar ċor ar biṫ,” ars an Fear Mór go doiliġeasaċ, “nár innis mé go minic ḋuit gur cailleaḋ í....”

“Má cailleaḋ í, cár cailleaḋ í? Cár cuireaḋ í? Innis sin dom anois,” agus ṡílṫeá naċ raiḃ súil aici le freagra aċt freagra naċ gcreidfeaḋ sí.

“A Ṗeig....” Ṡílṫeá go raiḃ an Fear Mór go deóraċ.

“Ná taḃair Peig ormsa feasta,” ar sise, “Peig atá ar an ḃean eile,” agus an-éad uirri.

“A Ṁuir... ġéid,” ars an Fear Mór, “ḃeirim mo ṁionn agus mo ṁóid duit naċ ḃfuil a leiṫéid ann, [ 164 ]naċ ḃfuil aon ḃean ar an saoġal agam aċt ṫú féin aṁáin, gur measa liom ṫú ná....”

Ċuir sí isteaċ ar an gcainnt ḃladaraċ seo.

“Preit!” ar sise, “má tá sí marḃ cá’l sí curṫa? Sin ceist agus níor ṫug tú freagra air fós. Aċt ní fada go dtiuḃraiḋ.... roiṁ breiṫiṁ agus coisde freisin,” go bagarṫaċ aduḃairt sí an ċainnt ḋeireannaċ, “tá triúr istiġ—”

“Cé’n áit?”

“Sa ṗárlús. Triúr aca. Seaḋ, triúr aca, triúr constáblaí—”

“Constáblaí! Con.... stáb.... laí!”

“Ar do ṫóir atá siad,” a sise.

“Constáblaí!” agus deirṫeá gur ṫréig an bríġ agus an fuinneaṁ agus an meaḋċan mór féin é leis an ḃfíor-eagla ṫáinic air.

Ḃí sé n-a ṡuiḋe n-a ċaṫaoir ṁóir sa gcistiniġ nuair a ḃuail an triúr againn amaċ. Na géaga ar sileaḋ leis, a ċeann mór leigṫe siar ar ḋruim na caṫaoireaċ, a ḃéal ar leaṫaḋ agus sgannraḋ n-a ḋá ṡúil. Ní ḟaca tú a oiġre ariaṁ aċt bolgán gaoiṫe agus an ġaoṫ ag éaluġaḋ as. Deirfeaḋ breiṫeaṁ agus coisde cúirte go raiḃ coir éigin déanta aige, agus eagla mar sin ṫeaċt air roiṁ ċonstáblaiḃ.

“Níl faic déanta agam—níl, ’a Peig,” ar seisean go lag-ġlóraċ sul a ḃfaca sé sinn-ne.

“Ní constáblaí muid,” arsa mise, “aċt cáirde. Cáirde ṫáinic annseo ar ṁaiṫe leat, cáirde ṫáinic annseo le caḃruġaḋ leat pé ar biṫ cé’n ċoir atá déanta agat—”

[ 165 ]“Ní ḋeárna mé coir ariaṁ,” ars an Fear Mór idir ḋá osna, “ní ḋeárna sin—braoinín beag uisge,” ar seisean, agus ċeapṫá ar an ḃFear Mór go raiḃ sé ag dul i laige, “ní ḋeárna mé coir ariaṁ—”

“A ḃeiṫeaṁnaiġ na mbréag!” ars an ḃean, “nár ṗós tú mise agus bean eile beó agat? Aċt fan go ḃfaiġ’ mise greim mo ḋá láiṁ uirri....” agus naċ í ḃí niṁneaċ?

“Cé’n ṁaiṫ ḋuit an sgéal a ċeilt orainn-ne?” arsa mise leis;” má tá an ċéad ḃean marḃ, ár ndóiġ ní doċar ḋuit innseaċt dúinn faoi rún cá’r marḃuiġeaḋ í—”

“Cá’r ṁarḃuiġ tú í -,” arsa Séamus.

“Níl sí marḃ,” ars an Fear Mór, “níl sí marḃ ar ċor ar biṫ adeirim....”

“Naċ maiṫ a ḃí ḟios agam é!” ars an ḃean, “a ċlaḋaire an tsaoġail, cá’l sí i ḃfolaċ agat? Cá ḃfuil sí adeirim go stracfaiḋ me ó ċéile í?” agus fonn uirri an cleas céadna ḋéanaṁ leis an gcárnán mór feóla ḃí n-a ṡuiḋe n-a lob lag ar an gcaṫaoir ṁóir ar a haġaiḋ amaċ.

“Is feárr liom ná deiċ sgilleaċa go ḃfuil sí beó,” arsa Séamus, “níor croċaḋ fear ariaṁ ar ḃeirt ḃan ḃeiṫ aige—”

“A leibide móir na feóla ċreaṫaiġ!” ars an ḃean, “a ṡumaċáin an ḃuilg ṁóir! leig ċuige mé,” ar sise le Séamus ḃí i ngreim innti, “leig ċuige mé go stracfaiḋ mé na putóga amaċ as....”

Ní ḃéaḋ an fear mór beaṫaiḋe faiteaċ i n-ann é féin a ċosaint ar an mnaoi mire sin dá sgaoilfeaḋ. Séamus a ġreim. Ní ḟaca tú a leiṫéid de ḟeic [ 166 ]ariaṁ—ḋá ċloiċ is fiċe d’ḟeóil ċreaṫaiġ ċorruiġṫe ar ċaṫaoir ṁóir rinneaḋ le n-a aġaiḋ féin agus an ḃean ḃeag ag iarraiḋ a ionnsaiġe!

“A ċlaḋaire gan náire,” ar sise, “nár adṁuiġ tú anois go raiḃ beirt ḃan agat?”

“Níor adṁuiġ,” ar seisean agus beagán bríġ ag teaċt ann.

D’ḟéaċamar uilig air. Duḃairt sé ċeana go raiḃ an ḃean eile beó, agus naċ raiḃ a ḟios ag cáċ gur ṗós sé í? Naċ raiḃ an paráisde ar fad ag an mbainis?

“Na bréaga ḃíos aige!” ars an ḃean, “aċt fan go dtiocfaiḋ mo ċúigear ḋearḃráṫair amáraċ! Bainfiḋ siadsan fírinne as, an seansliaḃ feóla!”

Ní raiḃ an sgéal soiléir againn ar ċor ar biṫ. Ní raiḃ ḟios ag aon duine aċt go raiḃ bainis ag an ḃFear Mór ṫar éis na Cásga agus gur ṗós sé arís i gceann míosa. Aċt cá raiḃ an ċéad ḃean?

“Ḃfuil an ḃean eile beó?” adeirimse.

“Níl ḟios a’m.”

“A ċlaḋaire! Agus tú i n-aonḟeaċt léiṫi ar feaḋ an lae indé!”

Ḃí an Fear Mór ag teaċt ċuige féin. Misneaċ ag teaċt ann.

“Seo,” arsa Séamus, “innis dúinn cá ḃfuil sí agat? Duḃairt tú ar ball go raiḃ sí beó, agus annsin arís duḃairt tú naċ raiḃ ḟios agat a’ raiḃ nó naċ raiḃ—”

“An ḃean ḃoċt! an ḃean ḃoċt!” ars an Fear Mór go cuṁaṁar. Ḃain sé naipcín mór dearg as a ṗóca agus ċoinniġ le n-a ṡúiliḃ é. Gaċ osna dá [ 167 ]leigfeaḋ sé craiṫtí a ċolann mór millteaċ agus ċloisteá an ċaṫaoir ag giosgán faoi’n meaḋċan mór corraċ ḃí anuas uirri. Cuma cé’n ċeist cuirtí air, cuma cé’n maslaḋ ḃeiread a ḃean ḋó, ní ċloistí uaiḋ aċt osnaġail mí-riaġalta do-ċosgṫa, agus na focla sin, an ḃean ḃoċt! an ḃean boċt!

Ní raiḃ aon ṁaiṫ ḃeiṫ leis. Ṫugamar uilig na leapraċa orainn féin agus an triúr againn cinnte gurab é an ċaoi gur ṁarḃuiġ sé an ċéad ḃean agus go raib aiṫriġe air ar a ṡon.

Ar maidin ḃí an ḃeirt eile imṫiġṫe sul ar eiriġeas féin. Ní raiḃ an Fear Mór le feiceál i n-aon áit, agus ó ḃí cineál sgáṫ orm laḃairt le n-a ṁnaoi go ḃfeicfinn é féin i dtosaċ, ċuaiḋ mé amaċ go ḃfeicfinn cé’n ḃaraṁail ḃí ag muinntir na háite faoi’n sgéal.

Ḃí sgata beag bádóirí ṡíos ar an gcéiḃ agus ó ḃí aiṫne ṁaiṫ aca orm féin agus ar mo ṁuinntir, ní ró-ḟada go raḃamar i gciúin-ċoṁráḋ.

“Ar lorg mná ṫáinic tú sa tír seo is dóċa,” arsa fear aca ag gáiriḋ.

“Is mór an misneaċ ḃéaḋ ag bean agus duine dá ṁuinntir a ṗósaḋ,” arsa fear eile; “cá ḃfios di naċ ndéanfaḋ sé mar rinne a ḟear gaoil leis an gcéad ḃean fuair sé.”

“Agus céard rinne sé?” arsa mise le baint as.

“Naċ ḃfuil ḟios ag an saoġal céard a rinne sé? í ṁarḃaḋ d’eile?”

“Ba ṁór an ċoir é,” arsa fear eile,” aċt cá ḃfios dúinn naċ buile ṫobann ṫáinic ar an ḃfear boċt. Naċ minic leag Dia láṁ ṫrom ar ḋuine mar [ 168 ]sin? An fear boċt! is mór an díol truaiġe é indiu!”

“Aċt an seanḃeiṫeaṁnaċ! Cé’n ceart ḃí aige an dara bean a ṗósaḋ agus an ċéad ḃean gan ṫar mí marḃ? Nár ṁór an náire é sin?”

“Aċt cá ḃfios díḃ,” arsa mise, “gur ṁarḃuiġ sé í?”

D’ḟéaċadar uile go léir orm. Naċ mé ḃí bog!

“Maraċ gur ṁarḃuiġ sé í ár ndóiġ d’innseóċaḋ sé cá ḃfuair sí bás nó cá’r cuireaḋ í?”

Ḃí siad uile go léir cinnte gur ṁarḃuiġ an Fear Mór a ċéad ḃean. Ní raiḃ ag déanaṁ imniḋe ḋóiḃ aċt cé’n ċaoi a ndeárna sé an gníoṁ. An í ḃáṫaḋ rinneaḋ? An é an ċaoi gur ċaiṫ sé í? Nó, an buile ṫobann ṫáinic air san oiḋċe agus gur ṫaċtaiġ sé í? Ḃí Dia iol-ċuṁaċtaċ—sin é an bás uaṫḃásaċ ḃí i ndán do’n ṁnaoi ḃoċt Aige ó ṫus aimsire., agus ní raiḃ san ḃFear Mór aċt an oirnéis. An créatúr! Ba ṁór an truaiġ ḃí aca ḋó. Nár ḃfuras d’aiṫint air cé’n aiṫriġe ḃí ġá ḋéanaṁ aige. An té ḃéaḋ sáṫaċ cruaḋ-ċroiḋeaċ a hainm a luaḋ n-a láṫair naċ ḃfeicfeaḋ sé cé’n croiḋe-ḃrúġaḋ ṫiocfaḋ air. Agus an faitċíos ḃí orra go mbeirfiḋe air, go dtriallfaiḋe é, go gcroċfaiḋe é.... Ní raiḃ aon ḟear ann naċ dtiuḃraḋ a anam féin le n-a ṡáḃáil ó’n oiḋeaḋ sin agus naċ gceapfaḋ go mbéaḋ gníoṁ ionṁolta ġá ḋéanaṁ aige....

Cuireaḋ síos ar an mbainis. Do hinnsiġeaḋ faoi’n gcéad ḃean. Naċ í ḃí láġaċ carṫannaċ! Aċt naċ raiḃ mórán cainnte aici—an ḃean ḃoċt! cár ḃfios naċ raiḃ léargus éigin aici ó Ḋia cé’n bás [ 169 ]ḃí i ndán di. Agus nár ṫug ’ċ uile ḋuine faoi deara ċoṁ geanaṁail is ḃí an Fear Mór uirri? An ċaoi a ċaiṫ sé an ċuid is mó de’n oiḋċe n-a ṡuiḋe le n-a hais! Agus nuair ċuir sé láṁ faoi n-a muineál le póg ṫaḃairt di, i ngan ḟios, cé’n ceart ḃí aici eirġe n-a seasaṁ agus imṫeaċt uaiḋ, má ḃí an braon beag féin ólta aige? Agus an gúna breáġ bán síoda ḃí uirri! Agus na bráisleidí agus na fáinní agus ’ċ uile ṡórt!

Cé d’ḟeicfiḋe ċugainn agus an ċainnt ar siuḃal aċt an seáirgint. Fear téagarṫaċ beaṫaiḋe atá ann, gruaig ṫanaiḋe ḟionnruaḋ ag eirġe aníos díreaċ as a ċeann, srón air ċoṁ gorm is d’ḟeicfiḋe ar ḃacaċ bóṫair maidin ċruaiḋ ṡeaca. Ṡíl sé a laḋar ċur isteaċ sa ċainnt, aċt nuair naċ dtráċt- faiḋe aċt ar an droċ-aimsir, ba ḃeag an ṁaiṫ ḋó ḃeiṫ ann má’s ag iarraiḋ eólais ḟaġáil faoi’n ḃFear Mór ṫáinic sé.

Agus b’eaḋ ba ċosaṁail. Ba ṁór an t-aiṁreas ḃí ag luċt an dliġe air.

“Is dóċa,” arsa fear na sróine guirme i mBéarla, “is dóċa nár ċaill an Fear Mór an dara bean fós,” ar seisean go sgigeaṁail.

“Fíordroċ aimsir’ atá air, a ṡeáirgint,” arsa seanḃádóir. Ar ndóiġ níor ṫuig sé an ċainnt!

“Agus deirtear liom,” ars an seairgint, “gur bean andaṫaṁail ḃí innti, go raiḃ sí breáġ ard láidir: an ḃfaca aon duine agaiḃ í?”

“Fíor ḋuit, a ṡeáirgint. Tá báisteaċ air,” arsa bádóir eile.

Mara ḃfuair an seáirgint aon eólas ó’n dream [ 170 ]ḃí ar an gcéiḃ ċuir a ċuid cainnte i gcéill doṁsa go raiḃ fúṫa mo ḋuine muinntearḋa a ġaḃaḋ gan mórán moille. Gan aiṁreas, do ḋéanfaiḋe ċeana maraċ an meas ḃí air. Ní ḋéanfaḋ sé cúis fear saiḋḃir mar é a ġaḃaḋ gan fiaḋnaise ṁaiṫ. Maraċ go raiḃ sé n-a Iustaís le fiċe bliaḋan, maraċ go raiḃ láṁ-istiġ aige le luċt riaġaltais, maraċ go raiḃ sé i gcoṁnaiḋe gcoṁnaiḋe i n-aġaiḋ luċt aċrainn agus poilitiḋeaċta, ḃíos cinnte go mbéaḋ ceangal na gcúig caol air le fada an lá.

Aċt níor ṁór ḋó glanaḋ leis as an tír go ceann sgaṫaiṁ ar ċaoi ar biṫ nó cár ḃfios céard d’eireóċaḋ ḋó. Ċaiṫfinn féin é ċoṁairliuġaḋ.

Ḃíos ar tí imṫeaċt ar a lorg nuair ṫáinic púcán beag isteaċ i mbéal an ċalaiḋ faoi lántseól.

“M’anam féin go ḃfuil siad againn sa deireaḋ,” arsa seanḟear.

“Cé hiad?”

“Muinntir na dara mná. Dream ċoṁ droċ- múinte is tá le faġáil sa gcúige. Truaiġ an fear boċt atá i gcleaṁnas leo!”

Ṫáinic an bád i dtír. B’ḟíor do’n seanḟear é. Níor leagas súil go minic ar aon ċuigear fear ċoṁ fiaḋánta leis an gcúigear ṫáinic amaċ as an bpúcán. Dá mbéaḋ náṁaid agam níor ṁaiṫ liom iad ḃeiṫ cáirdeaṁail leis. Dá mbéaḋ gníoṁ fill nó fola le déanaṁ b’ṡin iad ba ċóra a ṫoġaḋ.

“Ḃfuil na bataí againn?” arsa fear aca.

“Tá.”

“A Ṁicil,” ar sé, “ní mór ḋuit an t-ord ṫaḃairt leat freisin. Tá an diaḃal anláidir: agus má [ 171 ]ṫagann fonn troda air níl ort aċt é ḃualaḋ sa gcloigeann....”

Ġluais leó fá ḋéin tiġe an Ḟir Ṁóir agus cosaṁ- laċt coṁraic orra.

Ḃí an Fear Mór i dteannta anois nó ariaṁ. Na ropairí seo le n-a leadraḋ le bataiḃ troma agus dá n-eireóċaḋ leis a anam ṫaḃairt slán uaṫa gan roiṁe aċt an ċroċ!

Ḃí súil le Dia agam naċ mbéaḋ an Fear Mór sa mbaile rómpa. Ní raiḃ.

Ḃuail mé féin isteaċ agus mórṡeisear fear le mo ċois leis an ḃFear Mór a ċosaint ar na cliaṁain.

Ní ṡílim gur eagla ḃí orm nuair ċuaiḋ mé isteaċ mar a raiḃ cliaṁain an Ḟir Ṁóir. Agus ní faitċíos ḃí orm ná sgáṫ aċt corruġaḋ éigin croiḋe nár ainmniġeaḋ go fóill.

Ḃí siad uilig ṫart ar ḃórd nuair ċuaiḋ mé isteaċ; gé ṁór ġá roinnt aca agus cúpla buidéal maiṫ mór de’n ṗoitín ar an gclár. D’ólaḋ fear aca gloine lán, ṡíneaḋ sé an t-áraċ follaṁ ċuig a ḋearḃráṫair, ḋéanaḋ seisean an cleas céadna leis, go ndeaċa an gloine ṫart cúig nó sé d’uairiḃ. De réir mar ḃíoḋ an soiṫeaċ beag ag bórdáil ṫart, ḃíoḋ malaí na gcliaṁain ag dul i méid agus i nduiḃe, ḃíoḋ na súile ḃí fúṫa ag dul i ḃfiaḋántas agus i ngruaim. Istiġ díreaċ i lár buill gaċ súile díḃ ḃí friġid na feirge agus an uilc le feiceál go ró-ṡoiléir, agus méad agus bríġ ag teaċt ann i n-aġaiḋ an noiméid. Ḃí gaċ uile ḋuine de’n ċuideaċtan ró-lán de’n mioscais le focal a ráḋ. Ġeiteaḋ duine aca ó am go ham. Ċuireaḋ an ċuid eile cluas orra fein. [ 172 ]Ċeapaidís go raiḃ leó—go raiḃ an Fear Mór ar faġáil. Nuair naċ raiḃ cuirfiḋe an gloine ṫart arís.

An ġé ḃreáġ rósta ḃí ar an mbórd níor cuireaḋ forc féin innti....

Ṫáinic bean an tiġe isteaċ. Ḃí ciseán mór ar iomċur aici. Ċaiṫ sí a raiḃ ann ar an úrlár.

“Seo, féaċaiḋ annseo,” ar sise ġá ngríosaḋ ċum troda agus díoltais, “féaċaiḋ ar ḟág sí n-a diaiḋ.”

Snáiṫí agus snáṫaidí, cniotál, gréas-obair, píosaí beaga d’éadaċ de’n uile ċineál idir línéadaċ agus éadaċ cadáis, seanstocaí agus stocaí naċ raiḃ leaṫċniotáilte—ḃí siad annsin ar an úrlár aici. Ní ḟéadfaḋ aon duine a leiṫéid de ḃrúsgar a ḃailiuġaḋ aċt bean tiġe.

“Ag cniotáil stocaí ḋó ḃí sí,” deireaḋ an ḃean go sgigeaṁail agus greim aici ar ṗéire stocaí, “ag cniotáil stocaí ḋó, agus gan í tar trí lá sa teaċ!”

Rug sí ar ċúpla píosa d’éadaċ idir órdóig agus méar tosaiġ.

“Léine!” ar sise, “léine! Naċ breáġ mar ċaiṫ sí an aimsir! Ní raiḃ sí sásta gan léintreaċa ḋéanaṁ ḋó agus gan cáll leó. An bodaċ mór! is fada go ndéanfadsa léine ḋó,” agus ċaiṫ sí uaiṫi an t-éadaċ go tarcuisneaċ.

Ní raiḃ a ḟios ag na fearaiḃ a mba ċeart an ċéad ḃean a ṁolaḋ nó í ċáineaḋ ar ḟeaḃas a tíoġḃais.

“Agus an hata breáġ ċeannuiġ sé ḋi!”

Ċuir sí hata de’n ḟáisiún ba ṡeanda dá ḃfacas ariaṁ ar a ceann agus ṫosaiġ ag siuḃal anonn ’s anall agus ag cur goicí uirri féin.

[ 173 ]“Naċ í ḃíoḋ mórḋálaċ as. Féaċ na cleiṫí breáġṫa creaṫaċa!” deireaḋ sí, “agus na daṫa iongantaċa uaisle! Agus an cuma áluinn!” d’uṁlaiġ sí ḋóiḃ, “ár ndóiġ níor ċeap siḃ ariaṁ go ḃfeicfeaḋ siḃ a leiṫéid de ṡeóid ar ċeann ḃur ndearḃṡúir ḃoċt?”

Rug sí ar an hata. Strac sí ó ċéile é. Ṡatail sí faoi ċosaiḃ é.

“Go dtiocfaḋ sé sa saoġal,” ar sise, “go mbéaḋ hata mná eile ar ḃur ndearḃṡúir!”

Ṫosaiġ sí ag léimniġ air le teann mioscaise.

“Agus hata ċeannuiġ sé do’n ċéad ḃean,” ar sise, hata ċeannuiġ sé do’n ċéad ḃean, hata ċeannuiġ sé do’n ċéad ḃean—,” agus duḃairt sí an ċainnt sin fá ċúig, agus gaċ uile uair deireaḋ sí é ṫiuḃraḋ sí léim agus ḃrúġaḋ sí hata míáḋ- ṁaraċ faoi n-a cosaiḃ.

“Agus anois féin tá sé i n-aondtiġ léiṫi, i ḃfolaċ i n-áit éigin léiṫi, agus mise im’ áḋḃar ṁagaiḋ agus fonóide ag an saoġal mór.”

Níor laḃair éinne aċt í féin.

“Naċ mé an truaiġ anoċt,” ar sise, “gan fear agam le mo ċosaint, gan dreaṫáir agam le díoltas a ḃaint amaċ ḋom! Cúigear agaiḃ annsin agus gan aon ṁaiṫ ionnaiḃ aċt an oiread le cúigear ban! A spriosáin, cár ḟág siḃ an fuinneaṁ agus an spreacaḋ ḃí nḃur muinntir? A ċlaḋairí gan maiṫ gan maoin gan bríġ gan misneaċ, féaċ ḃur ndearḃ- ṡúir ḃoċt annseo náiriġṫe ós coṁair an tsaoġail gan fios aici an stríopaċ í nó bean ṗósta....”

Ċaiṫ sí a ḋá láiṁ amaċ uaiṫi mar ḃéaḋ sí ag iarraiḋ orra caḃruġaḋ léiṫi. Ba ṁillteaċ an feic [ 174 ]í, a gruaig ḟada ḋuḃ ar fánaiḋ agus bior n-a ḋá súil. Ní ḋeárna na dearḃráiṫreaċa aċt breiṫ níos dlúiṫe ar na bataiḃ; ṫáinic méid sa ḃfriġid feirge ḃí n-a súiliḃ ó ṫús; d’ḟáisg siad na fiacla go raiḃ a ngiosgán le clos ar fud an tseómra.

“Díoltas!” arsa fear aca agus ċroċ sé a ṁaide san aér.

“Díoltas!” ars an dara duine agus ḃuail sé aon aṫṁóg aṁáin ar an mbórd.

“Díoltas!” ar siad uile go léir go fíoċṁar.

Cluineaḋ torann bróg sa gcistiniġ. Ġeiteadar uile. Ċuireadar cuma troda agus coṁraic orra féin. Díoltas anois nó ariaṁ! An dearḃṡúir ḃí mar ċeann orra nuair ċuaḋadar go doras, agus a ḃata i ngreim go doċt ag gaċ fear díḃ. Ba ṁór an seadaire naċ gcuirfidís sgáṫ air.

Aċt níorḃ é an Fear Mór ḃí aca ann, aċt beirt ċonstábla agus seáirgint a ṫáinic le “cúpla ceist a ċur ar ḟear an tiġe.”

D’éaluiġeas féin amaċ le cogar a ċur i gcluais an Ḟir Ṁóir dá ḃféadfainn é ḟaġáil. Dá ṁéad olc ḃí aca ḋó, ḃíos cinnte naċ ḃfuiġeaḋ luċt an dliġe morán eólais ó’n dream d’ḟágas ’mo ḋiaiḋ.

A ndíoltas féin ḃí uaṫa siúd....

Aċt ḃí mé tuirseaċ de’n Ḟear Mór agus dá ċúrsaiḃ. Má ḃí gáḃaḋ ċoṁ mór sin aige a ċéad ḃean a ṁarḃuġaḋ nár ċeart dó é ḋéanaṁ ’gós íseal gan an raic agus an náire seo ṫarraingt anuas air féin agus ar a ċáirdiḃ gaoil? Muid náiriġṫe go deó aige—é féin agus a ċuid ban! Má ḃí fonn air beirt ḃan ḃeiṫ aige n-a ṡeanaois, naċ sílṫeá go [ 175 ]mbéaḋ níos mó céille aige ná ceaċtar díḃ a ṗósaḋ. Cé’n meas d’ḟéadfainn ḃeiṫ agam ar ḟear naċ raiḃ sé n-a ċumas a ġnó ḋéanaṁ i gceart gan a ḋul i n-aċrann leis an dliġe agus le n-a ċliaṁnaiḃ aineólaiġe buile? Dá ḃfuiġeaḋ sé leadraḋ loin- eaċáin uaṫa naċ raiḃ a ḋá oiread tuillte aige? Dá ḃfuiġeaḋ sé an ċroċ ó luċt an dliġe ba ċuma liom, nár ṫuill sé sin agus an náire ċuir sé ar a ṁuinntir gaoil agus coiṁneasa? An leibide! nuair a ṡoc- raiġ sé a ċéad ḃean a ṁarḃuġaḋ cé’n fáṫ nár ċum sé sgéal éigin a mbéaḋ craiceann air le daoine a ḋallaḋ? Agus mara raiḃ sé n-a ċloigeann mór áḋmuid an oiread sin a ḋéanaṁ cé’n ceart ḃí aige aon ḃean a ċur ċum báis? Naċ ḃféadfaḋ sé ḃeiṫ ar an sgéal céadna gaċ uair le gaċ duine seaċas ḃeiṫ ġá ḃréagnuġaḋ féin a ráḋ go raiḃ sí beó uair agus ġá caoineaḋ uair eile? Agus an naipcín mór dearg sin ḃíoḋ aige le n-a ṡúiliḃ!

Ní raiḃ meas ná gean agam air, an plaiḋce gan éifeaċt! Aċt ċaiṫfiḋe é ċosaint ar an dliġe. Ḃéinn náiriġṫe go deó mara ḃféadfainn an beagán beag sin ḋéanaṁ do’n amadán agus an gaol gairid ḃí agam leis. É ċur anonn ṫar sáile go nglanfaḋ na spéarṫa roinnt, sin é ċeapas a ḋéanaṁ.

Ḃí gluaisteán ag Muinntir Ruairc ar an gCloiċ Léiṫ. Cúig ġiní ḃreáġ ṫugas do’n Ruarcaċ, agus ḃí an gléas iongantaċ iomċuir sin ar mo ċoṁairle féin agam go ceann ḋá lá. Ḃí ár nduine, an Fear Mór, ar an Uaċtar. Ċualas go raiḃ. Agus siúd ar aġaiḋ mé sa ngluaisteán go dtiocfainn suas leis, go dtiuḃrainn go Baile Áṫa Cliaṫ é, go ḃfaiġfinn [ 176 ]paisnéaraċt ḋó ar bórd luinge ag triall go Ameriacá....

Ní daorfaiḋe agus ní ċroċfaiḋe duine de mo ṁuinntir-se cuma cé’n ċoir nó amaideaċt ḃéaḋ déanta aige. Báisteaċ agus puiteaċ, puiteaċ agus báisteaċ, baltaċa bréana, giosgán roṫaí agus oir- néis’; luaṫas gaoiṫe fúinn, gail de’n uile ḋaṫ uainn, sgréaċġail agus feadġail uainn, alltaċt agus uaṫḃás orainn go mbrisfiḋe ár muineál orainn gaċ ré noiméad. Amadán ar lorg a ḃráṫar....

Aċt ní ḃfuair sé a ḃráṫair má fuair sé an Fear Mór féin. Ní raiḃ aon ċosaṁlaċt ar an mboc sin agus é ar a ṡuaiṁneas sa gcaṫaoir ba ṁó agus ba ṡocaṁlaiġe ḃí i dteaċ ósta Uí Ṁurċaḋa ar an Uaċtar, go ndeárna sé coir ariaṁ, ná go raiḃ sé ar a ṫeiṫeaḋ ó luċt dliġe, ná go raiḃ muinntir a ṁná ar ṫóir a ċuid fola.

Sé ḃí socair sásta leis féin; buidéal mór de’n ḟíon Spáinneaċ ós a ċoṁair amaċ; a ḋá ċois croċta aige ar ċaṫaoir; píopa fada ċailce n-a ḃéal agus an seómra lán de ġail an tobac. Is beag an ceapaḋ ḃéaḋ ag duine gur ṁarḃuiġ sé a ḃean....

B’é an Fear Mór ceanan céadna é, an Fear Mór gan buaḋairt gan imniḋe díreaċ is dá mba nár ṗós sé ariaṁ.

Ṡuiḋ mé féin. Ṡín sé gloine fíona ċugam go maorḋa.

Ṫosaiġ sé ag maoiḋeaṁ agus ag déanaṁ gaisge.

“Mé féin rinne é,” ar seisean go mórḋálaċ, “mé féin a rinne é gan caḃair gan congnaṁ as mo stuaim féin. A Ṫiġearna, naċ agam ḃí an oiḋċe! [ 177 ]An ċontaḃairt! An ḃuaḋairt! An imniḋe! Agus an ḃuaiḋ sa deire!”

Ó ḃí sé muinntearḋa liom, ḃí mé ar mo ḋíṫċeall ag iarraiḋ é sgiobaḋ ó’n gcroiċ ḃéaḋ tuillte aige maraċ ċoṁ gaolṁar is ḃí sé liomsa, aċt níor ṫaiṫniġ sé liom é ḃeiṫ ag déanaṁ gaisge as a ġníoṁ fola.

“Seo,” arsa mise, “tá gluaisteán annseo agamsa agus téiriġ isteaċ ann agus ġeiḃiḋ mise paisnéir- eaċt ḋuit ṫar sáile go nglanfaiḋ na spéarṫa.”

“Tuige a’ ngaḃfainnse ṫar sáile?”

“Do ċéad ḃean—”

Ḃain sé an naipcín mór dearg as a ṗóca. Ċuir sé le n-a éadan é. Ṡíleas ár ndóiġ go raiḃ sé le na súile a ṫaḃairt mar ba ġnáṫaċ leis nuair luaḋ- faiḋe ainm na mná sin; aċt ní hé sin a rinne sé aċt a seansgairt gáiriḋ a ċur ḋe gur ċeapas go dtiuḃraḋ cosa agus fráma na caṫaoireaċ uaṫa leis an meaḋċan mór creaṫaċ ḃí anuas orra.

Ġoill an sgairteaḋ sin go mór orm. Fear gan croiḋe ḃí ann go cinnte. Fear a ḃainfeaḋ greann de’n tsórt sin as dúnṁarḃaḋ cár ḃfios cá stadfaḋ sé?

D’imṫiġ an raċt gáiriḋ. D’eiriġ sé smaointeaċ.

“Níor ṡíleas ariaṁ,” ar seisean, “go ḃféadfainn a leiṫéid a ḋéanaṁ. Níor ċeapas go ḃféaċfainn leis. Dá n-abruiġtí liom ḋá ṁí ó ṡoin go mbéaḋ láṁ ar biṫ agam n-a leiṫéid d’obair ċontaḃairteaċ ṫiuḃrainn amadán ar an té deirfeaḋ é. Agus féaċ anois mé—,” d’eiriġ sé n-a ṡeasaṁ agus mórḋáil air, “féaċ anois mé—Séamus Seóiġe, Iústaís, coṁairleóir conndae agus eile—agus an gníoṁ sin déanta....”

[ 178 ]Ḃí náire orm. Naċ uaṫḃásaċ an rud go raiḃ duine muinntearḋa liom féin ag déanaṁ gaisge as bean a ṁarḃaḋ!

“Ḃí siḃ uilig ag dul amuḋa,” ars an Fear Mór, “aċt níor ḟéad mé go dtí anoċt féin an sgéal innseaċt.”

Ċuir sé goṫa na sgéalaiḋeaċta air féin, agus ṫar éis gloine eile ól duḃairt sé an ċainnt seo agus loinnir aisteaċ n-a ḋá ṡúil:—

“Ar an aonaċ i mBaile Áṫa an Ríoġ a ḃíos, agus mé ag dul aḃaile liom féin ar an gcárr, nuair ċonnaiceas an fear beag ċugam agus cuma an anró air.

“’Taḃair marcaiḋeaċt dom,” ars an fear beag.

“Ṫug. Ṡuiḋ sé ar an gcárr. Ṡíleas go raiḃ sé faiteaċ, go raiḃ daoine ar a ṫóir, go raiḃ sé ag éaluġaḋ ó ḋuine éigin. Ḃí an oiḋċe fuar garḃ, agus ní ḋeárna ceaċtar againn mórán cainnte. Ḃí bosca mór ar an gcárr liom.

“’Ḃfuil ḟios a’d céard tá sa mbosca sin?’ adeirimse, le cainnt a ḃaint as.

“Ní raiḃ ḟios aige ar ndóiġ.

“’Éadaiġ ban atá ann—”

“’Éadaiġ ban?”

“’Seaḋ. Tá mé le pósaḋ gan ró-ṁoill.”

“’A’ dtiuḃrṫá ḋomsa ar iasaċt iad?” ar seisean agus binb ann.

“I ndiaiḋ beagán eile cainnte d’innis sé ḋom cérḃ’ é féin, agus cé’n gnóṫa ḃí aige de na héadaiġ ban. Cé ḃéaḋ agam aċt—, an fear ḃí n-a ċeannaire ar luċt an Eirġe-Amaċ! Agus é ar a ċoimeád! [ 179 ]“’Tá mé beag,” ar seisean, “ceapfar gur bean mé aċt na héadaiġ sin ḃeiṫ orm....”

“Tá ḟios agat féin ċoṁ niṁneaċ is ḃíos i gcoṁ- naiḋe i n-aġaiḋ luċt aċrainn agus eirġe-amaċ; aċt ḃíoḋg rud éigin ’mo ċroiḋe an oiḋċe sin....”

Ní raiḃ an Fear Mór i n-ann innseaċt dom cé’n t-aṫruġaḋ ṫáinic air. Easbaiḋ focal ḃí air. Rug sé ar láiṁ orm go tobann, agus lean dá sgéal:—

“A’ gcreidṫeá é?” ar seisean, “ṫugas na héadaiġ ḋó. Ċuir sé air féin iad annsin ar ṫaoḃ an ḃóṫair. Ní ṡílfeaḋ aon duine gur fear ḃí ann.

“"Ḃfuil ḟios agat céard a ḋéanfas mé?” arsa mise, “tiuḃraiḋ mé abaile tu agus deirfiḋ mé leis an bpobul uilig go ḃfuil mé ṫar éis pósta. Beiḋ bainis againn....”

“Socruiġeaḋ air sin. Tá ḟios agat féin an ċuid eile de’n sgéal.”

Líon an Fear Mór gloine ḋom. Líon sé gloine ḋó féin. Ḃuaileamar an dá ġloine le ċéile.

“Nuair a ṫiocfas “mo ċéad ḃean” aḃaile ó’n Oileán Úr,” ar seisean, “go raiḃ aṫruġaḋ saoġail agus riagaltais againn i nÉirinn.”

D’ḟéaċamar ar a ċéile, agus annsin ṫuig mé go soiléir cé’n t-aṫruġaḋ mór ḃí tar éis ṫeaċt ar ċroiḋe an Ḟir Ṁóir agus gníoṁ contaḃairteaċ ḋéanaṁ ar ṁaiṫe le n-a ṫír.