Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/180

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
164
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

naċ ḃfuil aon ḃean ar an saoġal agam aċt ṫú féin aṁáin, gur measa liom ṫú ná....”

Ċuir sí isteaċ ar an gcainnt ḃladaraċ seo.

“Preit!” ar sise, “má tá sí marḃ cá’l sí curṫa? Sin ceist agus níor ṫug tú freagra air fós. Aċt ní fada go dtiuḃraiḋ.... roiṁ breiṫiṁ agus coisde freisin,” go bagarṫaċ aduḃairt sí an ċainnt ḋeireannaċ, “tá triúr istiġ—”

“Cé’n áit?”

“Sa ṗárlús. Triúr aca. Seaḋ, triúr aca, triúr constáblaí—”

“Constáblaí! Con.... stáb.... laí!”

“Ar do ṫóir atá siad,” a sise.

“Constáblaí!” agus deirṫeá gur ṫréig an bríġ agus an fuinneaṁ agus an meaḋċan mór féin é leis an ḃfíor-eagla ṫáinic air.

Ḃí sé n-a ṡuiḋe n-a ċaṫaoir ṁóir sa gcistiniġ nuair a ḃuail an triúr againn amaċ. Na géaga ar sileaḋ leis, a ċeann mór leigṫe siar ar ḋruim na caṫaoireaċ, a ḃéal ar leaṫaḋ agus sgannraḋ n-a ḋá ṡúil. Ní ḟaca tú a oiġre ariaṁ aċt bolgán gaoiṫe agus an ġaoṫ ag éaluġaḋ as. Deirfeaḋ breiṫeaṁ agus coisde cúirte go raiḃ coir éigin déanta aige, agus eagla mar sin ṫeaċt air roiṁ ċonstáblaiḃ.

“Níl faic déanta agam—níl, ’a Peig,” ar seisean go lag-ġlóraċ sul a ḃfaca sé sinn-ne.

“Ní constáblaí muid,” arsa mise, “aċt cáirde. Cáirde ṫáinic annseo ar ṁaiṫe leat, cáirde ṫáinic annseo le caḃruġaḋ leat pé ar biṫ cé’n ċoir atá déanta agat—”