Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/188

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
172
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

Ċeapaidís go raiḃ leó—go raiḃ an Fear Mór ar faġáil. Nuair naċ raiḃ cuirfiḋe an gloine ṫart arís.

An ġé ḃreáġ rósta ḃí ar an mbórd níor cuireaḋ forc féin innti....

Ṫáinic bean an tiġe isteaċ. Ḃí ciseán mór ar iomċur aici. Ċaiṫ sí a raiḃ ann ar an úrlár.

“Seo, féaċaiḋ annseo,” ar sise ġá ngríosaḋ ċum troda agus díoltais, “féaċaiḋ ar ḟág sí n-a diaiḋ.”

Snáiṫí agus snáṫaidí, cniotál, gréas-obair, píosaí beaga d’éadaċ de’n uile ċineál idir línéadaċ agus éadaċ cadáis, seanstocaí agus stocaí naċ raiḃ leaṫċniotáilte—ḃí siad annsin ar an úrlár aici. Ní ḟéadfaḋ aon duine a leiṫéid de ḃrúsgar a ḃailiuġaḋ aċt bean tiġe.

“Ag cniotáil stocaí ḋó ḃí sí,” deireaḋ an ḃean go sgigeaṁail agus greim aici ar ṗéire stocaí, “ag cniotáil stocaí ḋó, agus gan í tar trí lá sa teaċ!”

Rug sí ar ċúpla píosa d’éadaċ idir órdóig agus méar tosaiġ.

“Léine!” ar sise, “léine! Naċ breáġ mar ċaiṫ sí an aimsir! Ní raiḃ sí sásta gan léintreaċa ḋéanaṁ ḋó agus gan cáll leó. An bodaċ mór! is fada go ndéanfadsa léine ḋó,” agus ċaiṫ sí uaiṫi an t-éadaċ go tarcuisneaċ.

Ní raiḃ a ḟios ag na fearaiḃ a mba ċeart an ċéad ḃean a ṁolaḋ nó í ċáineaḋ ar ḟeaḃas a tíoġḃais.

“Agus an hata breáġ ċeannuiġ sé ḋi!”

Ċuir sí hata de’n ḟáisiún ba ṡeanda dá ḃfacas ariaṁ ar a ceann agus ṫosaiġ ag siuḃal anonn ’s anall agus ag cur goicí uirri féin.