Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/189

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
173
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

“Naċ í ḃíoḋ mórḋálaċ as. Féaċ na cleiṫí breáġṫa creaṫaċa!” deireaḋ sí, “agus na daṫa iongantaċa uaisle! Agus an cuma áluinn!” d’uṁlaiġ sí ḋóiḃ, “ár ndóiġ níor ċeap siḃ ariaṁ go ḃfeicfeaḋ siḃ a leiṫéid de ṡeóid ar ċeann ḃur ndearḃṡúir ḃoċt?”

Rug sí ar an hata. Strac sí ó ċéile é. Ṡatail sí faoi ċosaiḃ é.

“Go dtiocfaḋ sé sa saoġal,” ar sise, “go mbéaḋ hata mná eile ar ḃur ndearḃṡúir!”

Ṫosaiġ sí ag léimniġ air le teann mioscaise.

“Agus hata ċeannuiġ sé do’n ċéad ḃean,” ar sise, hata ċeannuiġ sé do’n ċéad ḃean, hata ċeannuiġ sé do’n ċéad ḃean—,” agus duḃairt sí an ċainnt sin fá ċúig, agus gaċ uile uair deireaḋ sí é ṫiuḃraḋ sí léim agus ḃrúġaḋ sí hata míáḋ- ṁaraċ faoi n-a cosaiḃ.

“Agus anois féin tá sé i n-aondtiġ léiṫi, i ḃfolaċ i n-áit éigin léiṫi, agus mise im’ áḋḃar ṁagaiḋ agus fonóide ag an saoġal mór.”

Níor laḃair éinne aċt í féin.

“Naċ mé an truaiġ anoċt,” ar sise, “gan fear agam le mo ċosaint, gan dreaṫáir agam le díoltas a ḃaint amaċ ḋom! Cúigear agaiḃ annsin agus gan aon ṁaiṫ ionnaiḃ aċt an oiread le cúigear ban! A spriosáin, cár ḟág siḃ an fuinneaṁ agus an spreacaḋ ḃí nḃur muinntir? A ċlaḋairí gan maiṫ gan maoin gan bríġ gan misneaċ, féaċ ḃur ndearḃ- ṡúir ḃoċt annseo náiriġṫe ós coṁair an tsaoġail gan fios aici an stríopaċ í nó bean ṗósta....”

Ċaiṫ sí a ḋá láiṁ amaċ uaiṫi mar ḃéaḋ sí ag iarraiḋ orra caḃruġaḋ léiṫi. Ba ṁillteaċ an feic