Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/190

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
174
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

í, a gruaig ḟada ḋuḃ ar fánaiḋ agus bior n-a ḋá súil. Ní ḋeárna na dearḃráiṫreaċa aċt breiṫ níos dlúiṫe ar na bataiḃ; ṫáinic méid sa ḃfriġid feirge ḃí n-a súiliḃ ó ṫús; d’ḟáisg siad na fiacla go raiḃ a ngiosgán le clos ar fud an tseómra.

“Díoltas!” arsa fear aca agus ċroċ sé a ṁaide san aér.

“Díoltas!” ars an dara duine agus ḃuail sé aon aṫṁóg aṁáin ar an mbórd.

“Díoltas!” ar siad uile go léir go fíoċṁar.

Cluineaḋ torann bróg sa gcistiniġ. Ġeiteadar uile. Ċuireadar cuma troda agus coṁraic orra féin. Díoltas anois nó ariaṁ! An dearḃṡúir ḃí mar ċeann orra nuair ċuaḋadar go doras, agus a ḃata i ngreim go doċt ag gaċ fear díḃ. Ba ṁór an seadaire naċ gcuirfidís sgáṫ air.

Aċt níorḃ é an Fear Mór ḃí aca ann, aċt beirt ċonstábla agus seáirgint a ṫáinic le “cúpla ceist a ċur ar ḟear an tiġe.”

D’éaluiġeas féin amaċ le cogar a ċur i gcluais an Ḟir Ṁóir dá ḃféadfainn é ḟaġáil. Dá ṁéad olc ḃí aca ḋó, ḃíos cinnte naċ ḃfuiġeaḋ luċt an dliġe morán eólais ó’n dream d’ḟágas ’mo ḋiaiḋ.

A ndíoltas féin ḃí uaṫa siúd....

Aċt ḃí mé tuirseaċ de’n Ḟear Mór agus dá ċúrsaiḃ. Má ḃí gáḃaḋ ċoṁ mór sin aige a ċéad ḃean a ṁarḃuġaḋ nár ċeart dó é ḋéanaṁ ’gós íseal gan an raic agus an náire seo ṫarraingt anuas air féin agus ar a ċáirdiḃ gaoil? Muid náiriġṫe go deó aige—é féin agus a ċuid ban! Má ḃí fonn air beirt ḃan ḃeiṫ aige n-a ṡeanaois, naċ sílṫeá go