Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/174

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
158
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

Ḃí ar an máiġistir sgoile imṫeaċt. D’ḟanas féin sgaṫaṁ ag an ḃfuinneóig ag maċtnaṁ ar an sgéal.

Ḃí an Fear Mór i gcontaḃairt. Ḃí daoine i n-aiṁreas air gur ṁarḃuiġ sé a ċéile nuaḋṗósta, nó go raiḃ beirt ḃan beó aige. Níor daoraḋ aon duine de mo ṁuinntir ariaṁ ar ċeaċtar de’n dá ċoir sin— giḋ go nduḃairt daoine áiṫride go raiḃ sé tuillte ag cuid aca. Naċ mbéaḋ sé náireaċ go ndaorfaiḋe an Fear Mór? Fear breáġ spóirt agus grinn mar é! Fear a ṫóigfeaḋ do ċroiḋe le ḃeiṫ ag féaċaint ar a aġaiḋ ḃreáġ leaṫan ṡoineannta! A ṁuineál teann a ċur isteaċ i lúb cnáibe! an dá ċoluṁain feóla raiṁe sin ḃí faoi n-a ċaḃail naċ éadtrom, a ċur ag daṁsa ar aér! Má ḃí an ḃean marḃ ḃí sí marḃ, agus cé’n ṁaiṫ ḋéanfaḋ sé ḋi croċaḋ árd ṫaḃairt ḋó-san? Ċeapas a ḋul siar agus cuairt ṫaḃairt air le coṁairle ġlacaḋ leis agus le congnaṁ ṫaḃairt dó dá ḃféadfainn.

Tráṫaṁail go leór, cé casfaiḋe liom ar an aonaċ aċt Pádraic agus Séamus Seóiġe, col-ceaṫraċa do’n Ḟear Mór. Ní raiḃ beirt níos feárr le fáġail. Má tá fear i nIarĊonnaċtaiḃ atá níos críona i gcoṁairle ná Pádraic sé Séamus é. Agus ḃí an ḃeirt aca ar aon inntinn go gcroċfaiḋe an Fear Mór.

Ba ḃrónaċ an triúr sinn ag dul siar. Pé ar biṫ misneaċ agus croiḋe ḃí ionnam féin i dtosaċ ḃain an ḃáisteaċ agus an ḃeirt eile ḋíom é. Báisteaċ— níor facṫas ariaṁ a leiṫéid ṡílṫeá, aċt trí ḟuinn- eógaiḃ an airc. Ní anuas ó na spéirṫiḃ aṁáin ḃí sé ag teaċt orainn aċt aníos ó’n mbóṫar nuair