Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/175

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
159
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

ṡáiṫfeaḋ an capall na cosa isteaċ sna loċáin ḃí róṁainn sa tsliġe. Ṡílṫeá orainn go raiḃ ár nduine muinntearḋa croċta ċeana, go raḃamar tar éis an ċuairt ḋeireaḋ ṫaḃairt air. An torann ḃí ag na roṫaiḃ—ḃí sé ’ġom ḃoḋraḋ: ní raiḃ aċt an t-aon ṗort aṁáin ġá ċasaḋ aca—

Croċaḋ árd....

Croċaḋ árd....

Croċaḋ árd—lá gaoiṫe!

Ḋearg Séamus an píopa le duaḋ. D’eiriġ sé smaointeaċ.

“’Meas tú an le sgian rinneaḋ sé é?” ar seisean.

“Nó í ċaiṫeaṁ de ḃárr áille,” arsa Pádraic.

“Nó a báiṫeaḋ i bpoll móna,” arsa Séamus.

“Nó piléar ċur n-a croiḋe,” arsa Pádraic.

“Nó a taċtaḋ,” arsa Séamus, “naċ ṡin é an ċaoi is éasgaiḋ? Ar ċuala tú ariaṁ an sgéal faoi’n gCaiptín Buiḋe....”

Níor ċualas.

“Sé an ċaoi gur ṫaċtaiġ sé a ḃean. Ḃí sé ċoṁ trom leis an ḃFear Mór féin.... ṫugadar trí iarraċt le n-a ċroċaḋ.... ḃris an téad trí huaire. Sgaoileaḋ amaċ é sa deire. Ní ḟaca mé ariaṁ aon ḟear ḃí ċoṁ trom leis. Ċraiṫ mé láṁ leis aon uair aṁáin ar aonaċ na Gailliṁe....”

“Beiḋ téad láidir ag teasdáil uaṫa leis an ḃFear Mór a ċroċaḋ,” arsa Pádraic. “Ar ċuala tú ariaṁ an sgéal sin faoi’n Doċtúir Ó Loinsiġ croċaḋ i nGailliṁ?” ar sé liomsa. “Ṁarḃuiġ sé “bean de muinntir Ruaḋáin....”