Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/176

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
160
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

Níor ċuala mé an sgéal ariaṁ. Níor ċuala mé an uair sin féin é, giḋ gur innis sé ḋom é. Níor ċuala mé aon rud aċt plabaḋ na báistiġe faoi ċosaiḃ an ċapaill, ceól brónaċ na gaoiṫe isteaċ ó’n ḃfairrge ṁóir agus an seanṗort sin—

Croċaḋ árd,

Croċaḋ árd,

Croċaḋ árd—lá gaoiṫe!

agus é ġá ċasaḋ de ṡíor ag roṫaiḃ an ċáirr. Ṡílṫeá ar an triúr againn nuair ṡroiċeamar an teaċ gur le sgéala faoi ḃás ár nduine muinntearḋa ṫáiniceamar.

Ní raiḃ fear an tiġe ann roṁainn. An ḃean— an dara bean—d’osgail an doras. Níor aiṫniġ sí ceaċtar againn ár ndóiġ. Ní ḟaca sí ariaṁ sinn. D’ḟéaċ sí go géar ar Ṗádraic; sgrúdaiġ sí Séamus ó ḃonn coise go mullaċ cinn; ṫug sí féaċaint ḟada ḟuar orm féin.

Ḃuail an triúr againn isteaċ ar an úrlár sul ar laḃair sí.

“Níl fear a’ tiġe sa mbaile,” ar sise.

D’ḟéaċ Séamus ormsa agus ċaoċ sé súil. Má’s féidir aon rud a ráḋ leis an tsúil duḃairt seisean é. Duḃairt an tsúil:

“D’éaluiġ sé. Tá eagla air go mbeirfear air.”

Ḃuaileamar isteaċ ar an úrlár agus siar linn sa seómra gan cuireaḋ gan iarraiḋ. Lean an ḃean sinn.

“Deirim liḃ arís naċ ḃfuil sé sa mbaile,” ar sise go searḃ.

Ḃí sí i n-aiṁreas orainn go cinnte. Triúr nár aiṫniġ sí ṫeaċt ar lorg a fir, agus eisean ar a