Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/182

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
166
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

ariaṁ—ḋá ċloiċ is fiċe d’ḟeóil ċreaṫaiġ ċorruiġṫe ar ċaṫaoir ṁóir rinneaḋ le n-a aġaiḋ féin agus an ḃean ḃeag ag iarraiḋ a ionnsaiġe!

“A ċlaḋaire gan náire,” ar sise, “nár adṁuiġ tú anois go raiḃ beirt ḃan agat?”

“Níor adṁuiġ,” ar seisean agus beagán bríġ ag teaċt ann.

D’ḟéaċamar uilig air. Duḃairt sé ċeana go raiḃ an ḃean eile beó, agus naċ raiḃ a ḟios ag cáċ gur ṗós sé í? Naċ raiḃ an paráisde ar fad ag an mbainis?

“Na bréaga ḃíos aige!” ars an ḃean, “aċt fan go dtiocfaiḋ mo ċúigear ḋearḃráṫair amáraċ! Bainfiḋ siadsan fírinne as, an seansliaḃ feóla!”

Ní raiḃ an sgéal soiléir againn ar ċor ar biṫ. Ní raiḃ ḟios ag aon duine aċt go raiḃ bainis ag an ḃFear Mór ṫar éis na Cásga agus gur ṗós sé arís i gceann míosa. Aċt cá raiḃ an ċéad ḃean?

“Ḃfuil an ḃean eile beó?” adeirimse.

“Níl ḟios a’m.”

“A ċlaḋaire! Agus tú i n-aonḟeaċt léiṫi ar feaḋ an lae indé!”

Ḃí an Fear Mór ag teaċt ċuige féin. Misneaċ ag teaċt ann.

“Seo,” arsa Séamus, “innis dúinn cá ḃfuil sí agat? Duḃairt tú ar ball go raiḃ sí beó, agus annsin arís duḃairt tú naċ raiḃ ḟios agat a’ raiḃ nó naċ raiḃ—”

“An ḃean ḃoċt! an ḃean ḃoċt!” ars an Fear Mór go cuṁaṁar. Ḃain sé naipcín mór dearg as a ṗóca agus ċoinniġ le n-a ṡúiliḃ é. Gaċ osna dá