Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/183

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
167
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

leigfeaḋ sé craiṫtí a ċolann mór millteaċ agus ċloisteá an ċaṫaoir ag giosgán faoi’n meaḋċan mór corraċ ḃí anuas uirri. Cuma cé’n ċeist cuirtí air, cuma cé’n maslaḋ ḃeiread a ḃean ḋó, ní ċloistí uaiḋ aċt osnaġail mí-riaġalta do-ċosgṫa, agus na focla sin, an ḃean ḃoċt! an ḃean boċt!

Ní raiḃ aon ṁaiṫ ḃeiṫ leis. Ṫugamar uilig na leapraċa orainn féin agus an triúr againn cinnte gurab é an ċaoi gur ṁarḃuiġ sé an ċéad ḃean agus go raib aiṫriġe air ar a ṡon.

Ar maidin ḃí an ḃeirt eile imṫiġṫe sul ar eiriġeas féin. Ní raiḃ an Fear Mór le feiceál i n-aon áit, agus ó ḃí cineál sgáṫ orm laḃairt le n-a ṁnaoi go ḃfeicfinn é féin i dtosaċ, ċuaiḋ mé amaċ go ḃfeicfinn cé’n ḃaraṁail ḃí ag muinntir na háite faoi’n sgéal.

Ḃí sgata beag bádóirí ṡíos ar an gcéiḃ agus ó ḃí aiṫne ṁaiṫ aca orm féin agus ar mo ṁuinntir, ní ró-ḟada go raḃamar i gciúin-ċoṁráḋ.

“Ar lorg mná ṫáinic tú sa tír seo is dóċa,” arsa fear aca ag gáiriḋ.

“Is mór an misneaċ ḃéaḋ ag bean agus duine dá ṁuinntir a ṗósaḋ,” arsa fear eile; “cá ḃfios di naċ ndéanfaḋ sé mar rinne a ḟear gaoil leis an gcéad ḃean fuair sé.”

“Agus céard rinne sé?” arsa mise le baint as.

“Naċ ḃfuil ḟios ag an saoġal céard a rinne sé? í ṁarḃaḋ d’eile?”

“Ba ṁór an ċoir é,” arsa fear eile,” aċt cá ḃfios dúinn naċ buile ṫobann ṫáinic ar an ḃfear boċt. Naċ minic leag Dia láṁ ṫrom ar ḋuine mar