Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/185

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
169
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

ḃí i ndán di. Agus nár ṫug ’ċ uile ḋuine faoi deara ċoṁ geanaṁail is ḃí an Fear Mór uirri? An ċaoi a ċaiṫ sé an ċuid is mó de’n oiḋċe n-a ṡuiḋe le n-a hais! Agus nuair ċuir sé láṁ faoi n-a muineál le póg ṫaḃairt di, i ngan ḟios, cé’n ceart ḃí aici eirġe n-a seasaṁ agus imṫeaċt uaiḋ, má ḃí an braon beag féin ólta aige? Agus an gúna breáġ bán síoda ḃí uirri! Agus na bráisleidí agus na fáinní agus ’ċ uile ṡórt!

Cé d’ḟeicfiḋe ċugainn agus an ċainnt ar siuḃal aċt an seáirgint. Fear téagarṫaċ beaṫaiḋe atá ann, gruaig ṫanaiḋe ḟionnruaḋ ag eirġe aníos díreaċ as a ċeann, srón air ċoṁ gorm is d’ḟeicfiḋe ar ḃacaċ bóṫair maidin ċruaiḋ ṡeaca. Ṡíl sé a laḋar ċur isteaċ sa ċainnt, aċt nuair naċ dtráċt- faiḋe aċt ar an droċ-aimsir, ba ḃeag an ṁaiṫ ḋó ḃeiṫ ann má’s ag iarraiḋ eólais ḟaġáil faoi’n ḃFear Mór ṫáinic sé.

Agus b’eaḋ ba ċosaṁail. Ba ṁór an t-aiṁreas ḃí ag luċt an dliġe air.

“Is dóċa,” arsa fear na sróine guirme i mBéarla, “is dóċa nár ċaill an Fear Mór an dara bean fós,” ar seisean go sgigeaṁail.

“Fíordroċ aimsir’ atá air, a ṡeáirgint,” arsa seanḃádóir. Ar ndóiġ níor ṫuig sé an ċainnt!

“Agus deirtear liom,” ars an seairgint, “gur bean andaṫaṁail ḃí innti, go raiḃ sí breáġ ard láidir: an ḃfaca aon duine agaiḃ í?”

“Fíor ḋuit, a ṡeáirgint. Tá báisteaċ air,” arsa bádóir eile.

Mara ḃfuair an seáirgint aon eólas ó’n dream