Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/186

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
170
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

ḃí ar an gcéiḃ ċuir a ċuid cainnte i gcéill doṁsa go raiḃ fúṫa mo ḋuine muinntearḋa a ġaḃaḋ gan mórán moille. Gan aiṁreas, do ḋéanfaiḋe ċeana maraċ an meas ḃí air. Ní ḋéanfaḋ sé cúis fear saiḋḃir mar é a ġaḃaḋ gan fiaḋnaise ṁaiṫ. Maraċ go raiḃ sé n-a Iustaís le fiċe bliaḋan, maraċ go raiḃ láṁ-istiġ aige le luċt riaġaltais, maraċ go raiḃ sé i gcoṁnaiḋe gcoṁnaiḋe i n-aġaiḋ luċt aċrainn agus poilitiḋeaċta, ḃíos cinnte go mbéaḋ ceangal na gcúig caol air le fada an lá.

Aċt níor ṁór ḋó glanaḋ leis as an tír go ceann sgaṫaiṁ ar ċaoi ar biṫ nó cár ḃfios céard d’eireóċaḋ ḋó. Ċaiṫfinn féin é ċoṁairliuġaḋ.

Ḃíos ar tí imṫeaċt ar a lorg nuair ṫáinic púcán beag isteaċ i mbéal an ċalaiḋ faoi lántseól.

“M’anam féin go ḃfuil siad againn sa deireaḋ,” arsa seanḟear.

“Cé hiad?”

“Muinntir na dara mná. Dream ċoṁ droċ- múinte is tá le faġáil sa gcúige. Truaiġ an fear boċt atá i gcleaṁnas leo!”

Ṫáinic an bád i dtír. B’ḟíor do’n seanḟear é. Níor leagas súil go minic ar aon ċuigear fear ċoṁ fiaḋánta leis an gcúigear ṫáinic amaċ as an bpúcán. Dá mbéaḋ náṁaid agam níor ṁaiṫ liom iad ḃeiṫ cáirdeaṁail leis. Dá mbéaḋ gníoṁ fill nó fola le déanaṁ b’ṡin iad ba ċóra a ṫoġaḋ.

“Ḃfuil na bataí againn?” arsa fear aca.

“Tá.”

“A Ṁicil,” ar sé, “ní mór ḋuit an t-ord ṫaḃairt leat freisin. Tá an diaḃal anláidir: agus má