Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/192

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
176
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

paisnéaraċt ḋó ar bórd luinge ag triall go Ameriacá....

Ní daorfaiḋe agus ní ċroċfaiḋe duine de mo ṁuinntir-se cuma cé’n ċoir nó amaideaċt ḃéaḋ déanta aige. Báisteaċ agus puiteaċ, puiteaċ agus báisteaċ, baltaċa bréana, giosgán roṫaí agus oir- néis’; luaṫas gaoiṫe fúinn, gail de’n uile ḋaṫ uainn, sgréaċġail agus feadġail uainn, alltaċt agus uaṫḃás orainn go mbrisfiḋe ár muineál orainn gaċ ré noiméad. Amadán ar lorg a ḃráṫar....

Aċt ní ḃfuair sé a ḃráṫair má fuair sé an Fear Mór féin. Ní raiḃ aon ċosaṁlaċt ar an mboc sin agus é ar a ṡuaiṁneas sa gcaṫaoir ba ṁó agus ba ṡocaṁlaiġe ḃí i dteaċ ósta Uí Ṁurċaḋa ar an Uaċtar, go ndeárna sé coir ariaṁ, ná go raiḃ sé ar a ṫeiṫeaḋ ó luċt dliġe, ná go raiḃ muinntir a ṁná ar ṫóir a ċuid fola.

Sé ḃí socair sásta leis féin; buidéal mór de’n ḟíon Spáinneaċ ós a ċoṁair amaċ; a ḋá ċois croċta aige ar ċaṫaoir; píopa fada ċailce n-a ḃéal agus an seómra lán de ġail an tobac. Is beag an ceapaḋ ḃéaḋ ag duine gur ṁarḃuiġ sé a ḃean....

B’é an Fear Mór ceanan céadna é, an Fear Mór gan buaḋairt gan imniḋe díreaċ is dá mba nár ṗós sé ariaṁ.

Ṡuiḋ mé féin. Ṡín sé gloine fíona ċugam go maorḋa.

Ṫosaiġ sé ag maoiḋeaṁ agus ag déanaṁ gaisge.

“Mé féin rinne é,” ar seisean go mórḋálaċ, “mé féin a rinne é gan caḃair gan congnaṁ as mo stuaim féin. A Ṫiġearna, naċ agam ḃí an oiḋċe!