Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/194

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
178
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

Ḃí náire orm. Naċ uaṫḃásaċ an rud go raiḃ duine muinntearḋa liom féin ag déanaṁ gaisge as bean a ṁarḃaḋ!

“Ḃí siḃ uilig ag dul amuḋa,” ars an Fear Mór, “aċt níor ḟéad mé go dtí anoċt féin an sgéal innseaċt.”

Ċuir sé goṫa na sgéalaiḋeaċta air féin, agus ṫar éis gloine eile ól duḃairt sé an ċainnt seo agus loinnir aisteaċ n-a ḋá ṡúil:—

“Ar an aonaċ i mBaile Áṫa an Ríoġ a ḃíos, agus mé ag dul aḃaile liom féin ar an gcárr, nuair ċonnaiceas an fear beag ċugam agus cuma an anró air.

“’Taḃair marcaiḋeaċt dom,” ars an fear beag.

“Ṫug. Ṡuiḋ sé ar an gcárr. Ṡíleas go raiḃ sé faiteaċ, go raiḃ daoine ar a ṫóir, go raiḃ sé ag éaluġaḋ ó ḋuine éigin. Ḃí an oiḋċe fuar garḃ, agus ní ḋeárna ceaċtar againn mórán cainnte. Ḃí bosca mór ar an gcárr liom.

“’Ḃfuil ḟios a’d céard tá sa mbosca sin?’ adeirimse, le cainnt a ḃaint as.

“Ní raiḃ ḟios aige ar ndóiġ.

“’Éadaiġ ban atá ann—”

“’Éadaiġ ban?”

“’Seaḋ. Tá mé le pósaḋ gan ró-ṁoill.”

“’A’ dtiuḃrṫá ḋomsa ar iasaċt iad?” ar seisean agus binb ann.

“I ndiaiḋ beagán eile cainnte d’innis sé ḋom cérḃ’ é féin, agus cé’n gnóṫa ḃí aige de na héadaiġ ban. Cé ḃéaḋ agam aċt—, an fear ḃí n-a ċeannaire ar luċt an Eirġe-Amaċ! Agus é ar a ċoimeád!