“Cé’n sórt duine ḃí innti?”
D’eiriġ mo ċara smaointeaċ.
“Ní raiḃ sí andaṫaṁail mar sin,” ar seisean, “aoirde ṁaiṫ innti; deirṫeá go raiḃ sí ró-árd; leicne bána tanaiḋe uirri, díreaċ is dá mbéaḋ sí ṫar éis taom tinnis a ċur ḋi; cosa móra fúiṫi, agus láṁa cruaḋa garḃa—bean a rinne obair le n-a saoġal agus ḃí i n-ann obair a ḋéanaṁ. Sin é an fáṫ gur ṗós an Fear Mór í b’ḟéidir: é sin agus an spré....”
Ḋearg sé an píopa arís.
“Aċt féaċ anois, ní móide go ḃfuil mé ag taḃairt ceart do’n Ḟear Mór. Is cinnte go ḃfuil cuṁa air i ndiaiḋ na mná sin; aċt ní réiḋtiġeann sé leis an gcuṁa agus leis an mbrón gur ṗós sé arís i gceann míosa i ndiaiḋ a báis—má’s bás a fuair sí. An réiḋtiġeann anois? Aċt an cuṁa ḃíos air nuair tráċtar uirri!”
“Aċt ár ndóiġ,” arsa mise agus cantal orm, “ ár ndóiġ tá ḟios ag duine éigin cá ḃfuair sí bás—”
“Facṫas í oiḋċe Dia hAoine ag bleaġan na mbó. Ḃí toġa na sláinte aici an oiḋċe sin. Maidin lá’r n-a ḃáraċ ní raiḃ sí ann—Ní raiḃ an Fear Mór sa mbaile aċt oiread. Duḃairt an cailín aimsire go ndeaċadar ar cuairt ag daoine muinntearḋa leis an mnaoi. Ċuireas a dtuairisg annsin ag na daoine muinntearḋa; an gcreidṫeá é? níor ṫugadar cuairt orra ariaṁ! Aċt i gceann ceiṫre lá, d’ḟill an Fear Mór gan an ḃean. Gaċ uile ḋuine ċuir ceist air ó ṡoin n-a taoḃ ḃain sé gol as. Ba ṁór an truaiġ an Fear Mór ḟeiceál ag caoineaḋ na mná....”
Ċuir mo ḋuine gail eile i n-áirde uaiḋ.