Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/228

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
212
M’ḞILE CAOL DUḂ

Mo ċéile imṫiġṫe i gcontaḃairt a ḃáis le tuairisg mo leanáin a ċur ar ṁaiṫe liomsa! Ar rugaḋ a leiṫéid eile d’ḟear iongantaċ ar ḋruim an doṁain ariaṁ?

VIII

Ní cáll dom níos mó a léiġeaḋ. Tá ḟios agad deireaḋ an sgéil ċoṁ maiṫ liom féin. Baintreaḃaċ anois mé. Frioṫaḋ mo ċéile marḃ i gcúlṡráid i n-aice le Portobello agus piléar ṫrí n-a ċloigeann....

Agus mo ḟile caol duḃ? Cé nár casaḋ leat i mBaile Áṫa Cliaṫ le goirid é? Tá sé le feiceál gaċ uile áit ann, ag innseaċt do’n té ṫiuḃras cluas dó cé’n fáṫ naċ raiḃ sé féin san Eirġe-Amaċ, agus an ḃaint ḃí aige leis an gcineál sin oibre le bliaḋantaiḃ fada.

Níor innis sé domsa fós é agus má innsiġeann....

Ó seaḋ, ó tá tú ag imṫeaċt croċ leat an dán beag seo ċuir sé ċugam ar maidin—dán ag molaḋ luċt na ngníoṁ seaḋ é. Níor léiġeas féin é agus ní léiġfead. Déan; taḃair leat ar fad iad—na leaḃráin ḃeaga filiḋeaċta agus dánta ionnta a ṫógfaḋ do ċroiḋe leis an ḃfíoráilne atá ag baint leó; taḃair leat ar fad iad—aċt fág agamsa an ċuiṁne ċruaiḋ atá agam ’mo ċroiḋe ar mo ḟile caol duḃ....