Leabhar Sgeulaigheachta/Goillís na g-Cos Dubh

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Leabhar Sgeulaigheachta by Dubhghlas de hÍde
Goillís na g-Cos Dubh
[ 12 ]

GOILLÍS NA G-COS DUBH.

Bhi buaċaill i g-condaé Ṁuiġ-Eó, agus nior niġ se cos o rugaḋ é. Goillís an t-ainm a ḃi air, agus mar naċ dtiucfaḋ le duine air biṫ do ċur d’ ḟiacaiḃ air a ċosa niġe, ṫug siad “Goillís na gcos duḃ,” air, mar ainm. Is minic duḃairt an t-aṫair leis, “éiriġ a stroínse agus niġ ṫu féin,” aċt diaḃal cos d’eireóċaḋ se, agus diaḃal cos niġfeaḋ se. ni raiḃ aon ṁaiṫ i g-caint leis. Bhiḋeaḋ uile ḋuine deunaḋ magaḋ faoi, mar ġeall air a ċosaiḃ salaċa, aċt ni raiḃ aon t-suim no beann aige ionnta. D’ḟeudfá [ 13 ]rud air biṫ a ráḋ leis, aċt do ḃeiḋeaḋ a ṫoil feín aige ’nn a ḋiaiġ sin.

Aon oiḋċe aṁáin ḃi an ṁuiríġin uile ’nna suiḋe ag an teine, agus ag innsint sgeul agus ag deunaḋ grinn doiḃ feín, agus ḃi seisean ’nna measg. Duḃairt an t-aṫair leis, “A Ġoillís,” ar se, “tá tu bliaḋain agus fiċe d’aois anoċt, agus creidim nár niġ tu do ċosa, o’n lá a rugaḋ ṫu go dti anois.” “Ṫug tu d’éiṫeaċ,” ar Goillís ḃi me ag snáṁ lá Bealtaine, agus nior feud me mo ċosa ċongḃáil as an uisge.” “Bhi siad ċoṁ salaċ a’s ḃi siad ariaṁ nuair ṫáinig tu ċum na tráiġe” ar san t-aṫair.” “Bhi siad sin, go cinnte” ar Goillís. “Sin é an rud atá me ráḋ,” ar san t-aṫair “naċ raiḃ ionnat do ċosa niġe riaṁ.” “Agus ni niġfead go lá mo ḃáis,” ar Goillís. “A ḃiṫeaṁnaiġ ḃradaiġ! a ḃodaiġ! a ṫincéir! a stróinse gan ṁaiṫ! cad é ’n sórt freagarṫa é sin?” ar san t-aṫair agus ṫarraing se an láṁ agus ḃuail se dorn cruaiḋ air Goillís air a leiṫ-ceann, “bi ’g imṫeaċt,” ar se, “ni ḟeudaim seasaṁ leat.”

D’éiriġ Goillís agus ċuir se a láṁ ċum a ġeíll, ’n áit a ḃfuair se an dorn. “Aċt gur tusa atá ann,” ar se, “do ṫug an buille [ 14 ]sin dam, buille eile ni ḃuailfeá go bráṫ.” Chuaiḋ se amaċ as an teaċ agus fearg ṁór air.

Do ḃi an lios no an Ráṫ buḋ ḃreáġa do ḃi ann Eírinn sgaṫaḋ beag o ḃinn an tiġe, agus buḋ ġnáṫ leis go minic suiḋe sios air an mbanca breáġ fód do ḃi ’nna ṫimċioll. Ṡeas se, agus é ’nna leaṫ-luiḋe ag binn an tíġe ag dearcaḋ suas air an speur, agus ag breaṫnuġaḋ air an ngealaiġ aoiḃinn ġil do ḃi os a ċionn, agus d’ ḟan se ann sin le cúpla uair gan ċor do ċur as. ’R éis é do ḃeiṫ ’nna ṡeasaṁ mar sin le cúpla uaire, duḃairt se leis féin, “Mo leun geur! naċ ḃfuil me imṫiġṫe as an áit seo uile go léir, b’ḟeárr liom ḃeiṫ ann aít air biṫ air an doṁan na ann so. Oċ naċ aoiḃínn é ḋuit-se a ġealaċ ḃán,” ar se, “tá dul ṫart dul ṫart mar is mian leat feín, agus ni ṫig le duine air biṫ do ḃárraḋ na do ċur air gcul. Mo ḃrón gan mise mar ṫu!” Is air éigin do ḃi an focal sin as a ḃeul nuair ċualaiḋ se toran mór ag teaċt, mar toran móráin daoine ag ríṫ le ċeíle, agus ag caint, agus ag gáire, agus ag deunaḋ grinn, agus ċuaiḋ an toran ṫart mar fromán-gaoiṫe, (tormán-ġaoiṫe) agus ḃi se ag éisteaċt leis dul asteaċ annsan ráṫ. [ 15 ]“Maiseaḋ, dar m’anam,” ar se, “tá siḃ-se súgaċ go leór, agus leanfaiḋ me siḃ.”

Créud do ḃi ann aċt an Sluaġ-siḋe, aċt ni raiḃ ḟios aige i dtosaċ gurb’ iad do ḃi ann, aċt lean se iad asteaċ annsa ráṫ. Chualaiḋ se an “fulparnaiġ ’s an falparnuiġ,” an “rap-le-húta,” agus an “ruaile-buaile” do ḃi aca ann sin, agus gac uile duine aca ag glaoḋaċ amaċ go h-árd, “Mo ṡrian, mo ċapall, ’s mo ḋiallaid!” “Mo ṡrian ’s mo ċapall ’s mo ḋiallaid!”

“Dar mo láiṁ,” ar Goillís an buaċaill,” “ni h-olc é sin, deunfaiḋ mise aiṫris orraiḃ,” agus ġlaoḋ seisean amaċ ċor leó, “Mo ṡrian ’s mo ċapall ’s mo ḋiallaid, mo ṡrian ’s mo ċapall ’s mo ḋiallaid,” agus air an móimid ḃi capall breáġ le srian oír agus diallaid airgid ’nna ṡeasaṁ os a ċoinne. Léim se suas air, agus an móimid do ḃi sé air a ḋruim ċonnairc se go soilleír go raiḃ an ráṫ lán de ċapallaiḃ, agus de ḋaoiniḃ beaga dul ag marcuiġeaċt orra.

Duḃairt fear aca leis, “Ḃfuil tu teaċt linn anoċt a Ġoillís,” “Táim go cinnte,” ar Goillís. “Má taír, tar uait,” ar san fear beag, agus amaċ leó uile go leír, le ċéile, ag marcuiġeaċt mar an ngaoiṫ, nios [ 16 ]luaiṫe ná na capaill is éadtroime a ċonnairc tu riaṁ ag fiaḋaċ, agus nios luaiṫe ná an sionnaċ agus na gaḋair ag a earball.

An ġaoṫ ḟuar ġeiṁriḋ do ḃi rompa do rug siad uirri, agus an ġaoṫ ḟuar ġeiṁriḋ do ḃi ’nna ndiaiġ ni rug si orra-san, agus stop ná stad ni ḋearnaiġ siad de’n láinríṫ sin, no go dtáinig siad go bruaċ na fairrge.

Duḃairt uile ċeann aca ann sin—“Eiriġ agus ṫart leat—Eiriġ agus ṫart leat,” agus air an móimid d’éiriġ siad suas ann san aer, agus sul do ḃi am ag Goillís le cuiṁniuġaḋ cá raiḃ se, ḃi siad ṡios air an talaṁ ṫirm arís, agus ag imṫeaċt mar an ngaoiṫ. Ṡeas siad air deireaḋ, agus duḃairt fear aca le Goillís, “A Ġoillís ḃfuil ḟios agad cá ḃfuil tu anois?” “Ni’l,” ar Goillis. “Tá tu ’sa’ Roíṁ a Ġoillís,” ar se, “agus támaoid le dul nios faide ná sin. Tá inġean Riġ na Fraince le ḃeiṫ pósta anoċt, an ḃean is deise d’á ḃfaca an ġrian riaṁ, agus caiṫfimíd ar ndiṫċioll ḋeunaṁ i do ṫaḃairt linn féin, má ṫig linn a fuadaċ air ṁóḋ air biṫ, agus caitfiḋ tusa teaċt linn, i rioċt go g-cuirfimíd an inġean óg suas air do ċúl air an [ 17 ]g-capall, nuair ḃéiḋmid ’gá fuadaċ, mar ni dlisteanaċ dúinne é, i do ċur ’nna suiḋe air ár g-cúl-ne, aċt is fuil agus feóil ṫusa, agus tig léite greim maiṫ ḟáġail ort, air ṁóḋ naċ dtuitfiḋ si, nuair ċuirfimíd air an g-capall í. Ḃfuil tu sásta a Ġoillís agus an ndeunfaiḋ tu a ḃfuilmíd-ne ag ráḋ leat?” “Cad ċuige naċ mbeiḋinn sásta,” ar Goillís, “tá me sásta go cinnte, agus rud air biṫ a ḋéurfaiḋ siḃse liom a ḋeunaḋ, deunfaiḋ me gan aṁras é, aċt ca ḃfuilmíd anois? cad é an áit í seo, a duḃairt tu?” “Tá tu annsa’ Róiṁ anois a Ġoillís,” ar san t-Siḋeóg. “Annsa’ Róiṁ, aneaḋ!” ar Goillís, “go deiṁin agus gan ḃréig is maiṫ liom sin. An Sagart-paráiste do ḃi againne do ḃi se briste tamall o ṡoin, agus ċaill se a áit. Caiṫfiḋ me dul ċum an Ṗápa ḃḟáġ’ me bulla uaiḋ ċuirfeas air ais é ann a áit féin arís.” “O a Ġoillís,” ar san t-Siḋeóg “ni ṫig leat sin a ḋeunaḋ. ni léigfiḋear asteaċ annsa bpálás ṫu; agus air ṁóḋ air biṫ ni ṫig linne fanaṁaint ann so nuair atá tusa leis an b-Pápa, tá deifir orrainn.” “Oiread agus cos ni raċaiḋ me nios faide,” ar Goillís, “go raċaiḋ me ċum an Ṗápa, aċt tig liḃ-se [ 18 ]dul air ḃur n-aġaiḋ gan mise, má’s maiṫ liḃ é, aċt ni ċorroċaiḋ mise go raċaiḋ me ċum an Ṗápa agus go ḃḟáġ’ me párdún mo ṡagairt-paráiste uaiḋ.” “A Ġoillís, an air diṫceílle atá tu? ni ṫig leat dul ann, agus sin é d’ḟreagraḋ anois duit, innsim duit naċ dtig leat dul ann.” “Naċ dtig liḃ-se dul air aġaiḋ agus mise dḟágḃáil ann so ’nn ḃúr ndiaiġ,” ar Goillís, “agus nuair tiucfaiḋ siḃ air ais ann so naċ dtiucfaiḋ liḃ an cailín árduġaḋ suas air mo ċapall-sa air mo ċúl?” “Aċt beíḋ tu teastál uainn ag pálás Riġ na Fraince ar san t-Siḋeóg agus caiṫfiḋ tu teaċt linn anois.” “Diaḃal cos,” ar Goillís, go ḃfuiġiḋ me párdún an t-sagairt, an duine is macánta agus is greannaṁla d’á ḃfuil i n-Eírinn.”

Laḃair Siḋeóg eile ann sin, agus duḃairt se, “ná bí ċoṁ cruaiḋ sin air Ġoillís, tá ’n buacaill cineálta, agus tá croiḋe maiṫ mór aige, agus mar naċ maiṫ leis teaċt linn gan ḃulla an Ṗápa caiṫfimíd ar ndiṫċioll ḋeunaṁ le na ḟáġail do. Raċaiḋ seisean agus mise asteaċ do’n Ṗápa, agus tig liḃ-se fanaṁaint linn ann so.”

“Míle buiḋeaċas leat,” ar Goillís, “tá me réiḋ le dul leat, agus an sagart só, is é an [ 19 ]fear is greannaṁla agus is spórtaṁla air biṫ.”

“Tá an iomarcuiḋ caint’ agad,” a Ġoillís,” ar san t-Siḋeóg, “aċt tar uait anois. Tar anuas de ’n ċapall, agus beir air mo láiṁ-se.”

Ṫaínig Goillís anuas ón g-capall, agus rug se air láiṁ na Siḋeóige, agus duḃairt an duine beag cúpla focal nár ṫuig Goillis, agus sul do ḃi ḟios aige ca raiḃ se, fuair se é féin annsa’ rúma ann a raiḃ an Pápa.

Ḃi an Pápa ’nna ṡuiḋe suas go mall an oiḋċe sin, mar ḃi leaḃar le léiġeaḋ aige a raiḃ spéis ṁór aige ann. Ḃi se ’nna ṡuiḋe i g-cáṫaoir ṁóir ḃuig, agus a ḋá ċois árduiġṫe suas aige air ċlár an t-similéir, agus ḃi teine ḃreáġ annsan ngráta, agus bord beag ’nna ṡeasaṁ ag a uillinn, agus braon uisge-beaṫa teiṫ agus siúcra ann, ’nna ṡeasaṁ air an m-boirdín agus nior ṁoṫuiġ se no go dtáinig Goillís air a ċúl.

“Nois a Ġoillís,” ar san t-Siṫeóg, “abair leis muna dtiúḃraiḋ se an bulla ḋuit go g-cuirfiḋ tu an rúma air lasaḋ, agus má ḋiultaiġiḋ se ḋuit é, steallfaiḋ misi teine as mo ḃeul ṫart timcioll, go saoilfiḋ se go ḃfuil an áit air lasaḋ dáríriḃ, agus mise [ 20 ]mo ḃannaiḋ go mbéiḋ se réiḋ go leór an párdún do ṫaḃairt duit ann sin.”

Ċuaiḋ Goillis suas ċuige, agus leag se a láṁ air a ġualain. Ṫionntuiġ an Pápa, agus nuair ċonnairc se Goillís ’nna ṡeasaṁ air a ċúl, sgannruiġ se. “Na bioḋ aon eagla ort,” ar Goillís, “tá sagart paráiste againne annsan mbaile, agus d’innis biṫeamnaċ eígin breug do d’ onoír dá ṫaoiḃ, agus briseaḋ é, aċt is é an duine is córa do ċonnairc d’ onóir ariaṁ agus ni’l fear ná bean ná páiste i m-Baile-na-d-tuataċ naċ ḃfuil i ngráḋ leis.”

“Bi do ṫost a ḃodaiġ” ar san Pápa, “Cár’ b’ as ṫu, no creud do ṫug ann so ṫu. Naċ ḃfuil glas agam air an doras.”

“Ṫáinig mise asteaċ air ṗoll na h-eoċraċ,” ar Goillís, “agus do ḃeiḋinn an ḃuiḋeaċ ded’ onoir.” Ġlaoḋ an Pápa amaċ, “cá ḃfuil mo ṁuinntir, ca ḃfuil na searḃóġantaiḋ! A Ṡéumuis! A Ṡeaġaín! tá me marḃ, ta me robálta!”

Aċt ċuir Ġoillís a ḋruim leis an doras agus nior ḟeud an Pápa a ḟosgailt mar ḃi faitċios air dul anaice le Goillís, aċt ni raiḃ aon áraċ (neart) aige air, agus b’éigin do eísteaċt le sgeul Ġoillís, agus nior [ 21 ]ḟeud Goillís a innsint go gearr réiḋ dó, mar ḃi se mall-laḃarṫaċ agus garḃ, agus ċuir sin fearg air an b-Pápa agus nuair ċrioċnuiġ Goillís a sgeul, do ṫug se a ṁóid naċ dtiuḃraḋ se párdún do’n t-sagart go deó, agus ḃagair se air Ġoillís feín go g-cuirfeaḋ se ċum báis é mar ġeall air an mbeag-náire do ḃi air, teaċt asteaċ annsan oiḋċe ċuige, agus ṫoisiġ se ág béiceaḋ agus ag glaoḋaċ na searḃfóġantaiḋ arís. Ni’l ḟios agam ar ċualaiḋ na searḃḟóġantaiḋe é ag glaoḋaċ orra, aċt ḃi glas air an doras an taoḃ-astiġ, agus nior ḟeud siad teaċt asteaċ air ṁóḋ air biṫ ċuige.

“Muna dtiuḃraiḋ tu bulla ḋam faoi do láiṁ agus do ṡeula, agus párdún an t-sagairt ann, dóġfaiḋ me do ṫeaċ le teine,” ar Goillís. Do ṫoisiġ an t-Siḋeog naċ ḃfaca an Pápa, teine agus lasaḋ do ċaṫaḋ amaċ as a ḃeul, agus ṡaoil an Pápa go raiḃ an rúma uile air lasaḋ.

Ġlaoḋ se amaċ, “O léirsgrios siorruiḋ! ḃéarfaiḋ me an párdún duit, ḃéarfaiḋ me rud air biṫ ḋuit, aċt coisg do ṫeine agus na dóġ me ann mo ṫeaċ feín.”

“Tá me buiḋeaċ de d’ onoír,” ar Goillís, agus ċoisg an t-Siḋeóg an teine, agus b’ eígin [ 22 ]do’n Ṗápa suiḋe sios agus párdún iomlán sgrioḃaḋ do’n t-sagart, agus a ṡean-áit ṫaḃairt air ais do; agus nuair ḃi se réiḋ sgrioḃṫa aige ċuir se a ainm faoi, air an bpáipeur, agus ċuir se i laiṁ Ġoillís é.

“Go raiḃ maiṫ ag d’onóir,” ar Goillís, “ni ṫiucfaiḋ me go bráṫ arís ann so ċugad, agus beannaċt leat.”

“Na tar,” ar san Pápa, “má ṫig tu béiḋ mise réiḋ róṁad, agus ní imṫeoċaiḋ tu uaim ċoṁ foras sin arís. Béiḋ tu druidte suas i bpríosún agus ní tiucfaiḋ tu amaċ as go bráṫ.”

“Na bioḋ eagla ort, ni ṫiucfaiḋ me ann, arís,” ar Goillís, agus sul dḟeud se nios mó do ráḋ do laḃair an t-Siḋeóg cúpla focal, agus rug se air láiṁ Ġoillís arís, agus amaċ leó. Fuair Goillís é feín ameasg na siḋeóg eile agus a ċapall ag fanaṁaint leis.

“Nois a Ġoillís,” ar siad, “is mór an bacaḋ ċuir tu orrainn, agus an oiread sin deifir’ orrainn, aċt tar uait anois agus na cuir róṁat a leiṫeid de ċleas a ḋeunaḋ arís, mar naċ ḃfanfamaoid-ne leat.” “Tá me sásta,” ar Goillís, “agus tá me buiḋeaċ ḋiḃ, aċt innis dam ca ḃfuilmíd le dul anois.” [ 23 ]“Támaoid le dul ċum pálaís Riġ na Fraince,” ar siad, “agus má ṫig linn air biṫ, támaoid le fuadaċ a inġine linn.” Duḃairt uile fear aca an focal, “Éiriġ a ċapaill,” ann sin, agus ṫoisiġ na capla ag leím agus ag riṫ agus ag prompsál. An ġaoṫ ḟuar ġeiṁriḋ do ḃi rompa do rug siad uirri, agus an ġaoṫ do ḃi ’nna ndiaiġ ni rug si orra-san, agus nior stad siad de’n rása sin no go raiḃ siad ċoṁ fada le pálás Riġ na Fraince.

Ṫáinig siad anuas d’á g-caplaiḃ ann sin, agus duḃairt fear aca focal nár ṫuig Goillís, agus air an móimid ḃi síad uile tógṫa suas, agus fuair Goillís é feín agus a ċomráidiḋ annsan bpálás. Ḃi fleaḋ (féusta) mór ’gá caṫaḋ aca ann sin, agus ni raiḃ fear-uasal ná duine mór annsan rioġaċt naċ raiḃ cruinniġṫe le ċeíle annsin roiṁe, agus ḃi siad gleusta amaċ le sioda agus sról, le h-ór agus le h-airgiod, agus do ḃi an oiḋċe ċoṁ geal leís an lá annsan áit sin leis an méid coinnioll agus lampa do ḃi lasta ann; agus nior ḟeud Goillís an t-aṁarc breáġ soillseaċ do ṡeasaṁ agus ḋruid se a ḋá ṡúil.

Nuair d’ḟosgail se arís iad ann sin, agus [ 24 ]nuair ḋearc se uaiḋ, ṡaoil se naċ ḃfaca se aon rud ariaṁ ċoṁ breáġ leis an méad a ċonnairc se. Ḃi ceud bord leagṫa amaċ agus a lán biḋ agus díġe air gaċ bord aca, feóil agus cácaiḋ agus milseóga, agus fíon agus lionn agus gaċ deoċ d’á ḃfaca duine riaṁ.

Ḃi na fir-ċeóil ag dá ċeann na h-álla sin, agus iad ag deunaṁ an ċeóil buḋ ṁillse do ċualaiḋ cluas duine riaṁ, agus ḃi tuilleaḋ daoine, mná óga agus ógánaiġ galánta i lár na h-alla sin, ag daṁsa agus ag deunaṁ ringce, agus ag dul ṫart ċoṁ luaṫ agus ċoṁ h-éadtrom sin gur ċuir se “suarán” i g-ceann Ġoillís le ḃeiṫ ag dearcaḋ orra. Ḃi tuilleaḋ ann ag deunaṁ cleasa, agus tuilleaḋ ag deunaṁ grinn agus gáire, mar naċ raiḃ a leiṫeid de ḟeusta ann sa’ b-Frainc le fiċe bliaḋam a’s do ḃi an lá sin, mar naċ raiḃ aon ċlann beó ag an t-sean-ríġ aċt an t-aon inġean aṁáin, agus ḃi si le ḃeiṫ pósta le mac riġ eile an oiḋċe sin. Tri lá ḃi an feusta ’gá ċaṫaḋ agus ḃi si le ḃeiṫ pósta an trioṁaḋ oiḋċe, agus buḋ h-í sin an oiḋċe a ṫáinig Goillís agus na Sideóga ag súil leis an inġean óg d’iomċar leó dá ḃfeudfaḋ siad.

Ḃi Goillís agus a ċomráidiḋ ’nn a seasaṁ [ 25 ]le ċéile ag ceann na h-alla ’n-áit a raiḃ altoír ḃreaġ ġleusta, agus ḋá easpog air a cúl, ag fanaṁaint le pósaḋ an ċailín, nuair ḃeiḋeaḋ an t-am ceart ann. Nior ḟeud duine air biṫ na Siḋeóga dḟeicsint mar duḃairt siad focal nuair ṫáinig siad asteaċ a rinne do-ḟeicsint iad, aṁail agus naċ raiḃ siad ann air ċor air biṫ.

“Innis dam, cia aca inġean an Riġ?” ar Goillís, nuair ḃi sé, ’g eíriġe rud-beag cleaċtaċ leis an toran agus leis an t-solas. “Naċ ḃfeiciḋ tu uait ann sin í,” ar san fear beag, a ḃi ag deunaṁ caint’ leis. Ḋearc Goillís mar a ṡín an fear beag a ṁeur, agus ann sin ċonnairc se an óigḃean buḋ ḃreáġa agus buḋ ḋeise do ḃi, dar leis, air ḋruim na talṁan. Ḃi an rós agus an lile ag troid le ċéile ann a h-eudan, agus ni ḃeiḋeaḋ ḟios ag duine cia aca fuair an ḃuaiḋ. Ḃi a riġṫe agus a láṁa mar an aol, ḃi a beul ċoṁ dearg le súġ-talṁan agus é apuiḋ, ḃi a cos ċoṁ beag agus ċoṁ h-eudtrom le láiṁ duine eile, ḃi a cruṫ mín agus seang, agus ḃi a gruag ag tuitim anuas d’á ceann ’nna mbúclaiḃ óir. Ḃi a culaiḋ agus a casóg fiġte le h-ór agus le h-airgiod, agus an ċloċ ġeal do ḃi ’san [ 26 ]ḃfáine air a meur do ḃi si ċoṁ soillseaċ leis an ngréin.

Ḃi Goillís beag naċ dallta leis an m-breáġaċt agus an sgeíṁ do ḃi ínnti. Ḋearc se arís agus ċonnairc se, mar ṡaoil se, go raiḃ si ag gul, no go raiḃ lorg deóir ann a súil. “Ni féidir,” ar Goillís, go ḃfuil brón uirri, nuair atá uile ḋuine ’nna timcioll ċoṁ súgaċ spórtaṁail sin.”

“Tá si brónaċ,” ar san fear beag, “tá si brónac. maiseaḋ! mar is anaġaiḋ a tola féin tá sí ’gá pósaḋ, agus ni’l aon ġráḋ aici air an ḃfear atá le ḃeiṫ aici. Ḃi an Riġ dul ḋá taḃairt do, tri bliaḋna o ṡoin, nuair naċ raiḃ sí aċt cúig bliaḋna deug d’aois, agus rinne síse impiḋe air a fágḃáil mar ḃi si go fóil, mar duḃairt si go raiḃ si ro óg. Ṫug an Riġ cáirde bliaḋna ḋi, agus nuair ḃi an ḃliaḋain sin imṫiġṫe ṫug se cáirde bliaḋna eile ḋi, agus ann sin bliaḋain eile, agus seaċtṁain no lá ni ṫiuḃraḋ sé di nios mo, agus tá sí oċt mbliaḋna deug anois agus is miṫid di pósaḋ, aċt go deiṁin,” ar seisean, agus ċam se a ḃeul le gáire gráineaṁail, “go deiṁin ni mac Riġ a ṗósfaiḋ si, má ṫig liom-sa é.”

Ġlac Goillís truaġ ṁór do’n ógṁnaoi [ 27 ]áluin, nuair ċualaiḋ se sin, agus ḃi a ċroiḋe briste nuair ṡaoil se go mbuḋ éigin di an fear ṗósaḋ naċ raiḃ aon dúil aici ann, no (rud buḋ ṁeasa ná sin) síḋeóg ġránna ġlacaḋ mar ḟear: aċt nior laḃair se aon ḟocal, ciḋ nár ḟeud se gan iomad mallaċt ṫabairt do’n ṁi-áġ do ḃi i ndán do feín, agus é ag congnaṁ leis an dream do ḃi le na fuadaċ ó n-a teaċ agus ó n-a h-aṫair.

Ṫosuiġ se ag smuaineaḋ ann sin creud do buḋ ċoír do a ḋeunaḋ le na sáḃáil, aċt nior ḟeud se cuiṁniuġaḋ air dadaṁ. “O dá dtiucfaḋ liom coḃair no fóiriġín ṫaḃairt di, buḋ ċuma liom beó no marḃ me,” ar seisean ann a inntinn féin, “aċt ni ḟeicim rud air biṫ is féidir liom ḋeunaḋ ḋi.”

Ḃi se dearcaḋ ann sin mar ṫáinig mac an riġ suas ċuici, agus é ag iarraiḋ póige, uirri, aċt ṫionntaiġ si a ceann air ais uaiḋ. Ḃi truaġ ḋúbalta air Ġoillís ann sin, nuair ċonnairc se an buaċaill ag breiṫ air a láiṁ baín ṁín agus ’gá tarraing amaċ le ringce. Ċuaiḋ siad ṫart annsa daṁsa i ḃfogus do Ġoillís agus buḋ léur do go maiṫ go raiḃ deór ann a súil.

Nuair ḃi an daṁsa sin ṫart, ṫainig a h-aṫair, an sean-Ríġ, agus a máṫair, an [ 28 ]ḃainrioġan, asteaċ, agus duḃairt siad gurb’ é sin an t-am ceart le na pósaḋ, go raib an t-easpog réiḋ, agus a leabuiḋ gleusta, agus go mbuḋ ṁíṫid di ḃeiṫ tugṫa d’á fear anois, aġus fáinne an ṗósta do ċur uirri.

Ċuir an sean-Riġ gáíre as, “dar m’onoír,” ar se “tá an oiḋċe beag naċ caiṫte, aċt deunfaiḋ mo ṁac oiḋċe ḋo féin, mise mo ḃannaiḋ naċ n-éireoċaiḋ se go moċ amáraċ.”

“Maiseaḋ b’éidir go neireoċaiḋ,” ar san t-Síḋeóg le Goillís ann a ċluais. “B’éidir naċ ann a leabuiḋ raċaiḋ siad anoċt, ha ha ha.”

Ni ṫug Goillis aon ḟreagraḋ ḋo, mar ḃi an dá ṡúil dul amaċ air a ċeann ag faire creud do ḋeunfaḋ siad ann sin.

Rug an Riġ air láiṁ an ógánaiġ, agus rug an Ḃainrioġan air a h-inġín agus ċuaiḋ siad suas ċum na h-altóra le ċéile, agus na tiġearnaiḋ agus na daoine móra uaisle ’gá leanaṁaint.

Nuair ṫáinig siad i ḃfogus don altoír, agus naċ raiḃ siad mórán nios faide na ceiṫre slata uaiṫi do ṡín an t-Siḋeóg ḃeag a ċos amaċ roiṁ an g-cailín, agus ṫuit si. Sul d’ ḟeud si eíriġe arís ċaiṫ se rud eígin [ 29 ]as a láiṁ uirri agus duḃairt se cúpla focal, agus air an moímid ḃi an óig-ḃean imṫiġṫe ó na measg. Nior ḟeud duine air biṫ a feicsint, mar rinne an focal sin do-ḟeicsint, í. Rug an firín beag uirri agus d’árduiġ sé suas air ṁuin Ġoillís í, agus ni ḟaca an Riġ ná duine air biṫ eile iad, aċt amaċ leó air fud na h-alla go dti an doras.

Oro! a Ṁuire ḋíleas, is ann sin do ḃi an truaġ agus an buaiḋreaḋ agus an caoineaḋ agus an t-ionġantas agus an cuartuġaḋ, agus an rúcán nuair d’imṫiġ an ḃean-uasal sin ó na súiliḃ agus gan iad dḟeicsint creud do rinne é. Amaċ air ḋoras an ṗáláis leó, gan ḃeiṫ bacṫa ná bárrṫa mar naċ ḃfaca aon duine iad, agus “mo ṡrian ’s mo ċapall, ’s mo ḋiallaid,” ar gaċ fear aca; “mo ṡrian ’s mo ċapall ’s mo ḋiallaid!” ar Goillís, agus air an moímid ḃi an capall ’nna ṡeasaṁ reíḋ uġamuiġṫe os a ċoinne. “Nois léim suas a Ġoillís, ar san fear beag agus cuir an ḃean-uasal air do ċúl agus béiḋmid ag imṫeaċt. ni fada uainn an ṁaidin anois.”

D’árduiġ Goillís í air ṁuin a ċapaill feín, agus leím se feín suas roimpi, agus, “Éiriġ a ċapaill,” ar se, agus ċuaiḋ an [ 30 ]capall ann a láin-ríṫ agus na capaill eile leis, no go dtáinig siad ċum na fairrge.

“Éiriġ aġus ṫart leat,” ar gaċ fear aca, “Éiriġ agus ṫart leat” ar Goillis, agus air an móimid d’éirig an capall faoi, agus rinne se léim annsna speurṫaiḃ agus ṫaínig se anuas i n-Éirinn.

Nior stad siad ann sin aċt ċuaiḋ siad de rása go dti an aít ann a raiḃ teaċ Ġoillís, agus an ráṫ, agus nuair ṫáinig siad ċoṁ fada leis, d’ iompuiġ Goillís agus rug se le na ḋá riġe air an g-cailín óg agus léim sé sios de’n ċapall. “Goirim agus coisriġim ċugam feín ṫu i n-ainm Dé” ar seisean agus air an mball sul do ḃi an focal as a ḃeul, ṫuit an capall sios, aċt creud do ḃi ann aċt sail ceuċta d’á ndearna siad-san capall, agus uile ċapall do ḃi aca buḋ mar sin a rinne siad é. Ḃi cuid aca ag marċuiġeaċt air, ṡean sguaib, agus cuid air ḃata briste, agus cuid eile air ḃuaċalán, no air fórán.

Ġlaoḋ na daoine maiṫe uile go léir nuair ċualaiḋ siad creud a duḃairt Goillís, “A Ġoillis a ḃodaiġ, a Ġoillís a ḃiṫeaṁnaiġ, ná raiḃ maiṫ agad a Ġoillís, creud fá d’ imir tu an cleas sin orrainn?” aċt ni raiḃ cuṁaċt air biṫ aca air an g-cailin dḟuadaċ [ 31 ]leo ’reís Goillis a coisreaġaḋ ḋo feín. “O a Ġoillis naċ deas an oibir í sin a rinne tu ḋúinn agus sinne ċoṁ cinéálta sin leat-sa. Cad é an ṁaiṫ atá againn anois as ar dturas go dti an Róiṁ agus go dti an Ḟrainc. Ná bac leis go fóil, a ḃodaiġ! aċt iocfaiḋ tu sin am eile, creid sinne go mbéiḋ aiṫreaċas ort.

“Ni ḃéiḋ aon ṁaiṫ aige le fáġail as an g-cailín óg,” ar san firín beag do ḃi ag caint le Goillis annsan b-palás roiṁe sin, agus mar duḃairt se an focal ḋruid se anonn ċum na h-óg-ṁná agus ḃuail se bos air a leiṫceann. “’Nois!” ar se “béiḋ si gan ċaint feasta. ’Nois! a Ġoillís cad é an ṁaiṫ ḋuit-se í, nuair a ḃéiḋ si balḃ? Is miṫid dúinn imṫeaċt, aċt béiḋ cuiṁne agad orrainne, a Ġoillís na g-cos duḃ!”

Nuair duḃairt se sin ṡín se a ḋá láiṁ amaċ, agus sul dḟeud Goillís aon ḟreagraḋ taḃairt do, ḃi se féin agus an ċuid eile ḋioḃ imṫiġṫe asteaċ annsan ráṫ as a aṁarc agus ni ḟaca se iad nios mo.

Ṫionntaiġ se ċum na h-óg-ṁná agus duḃairt se léiṫe, “Buiḋeaċas le Dia, tá siad imṫiġṫe; naċ feárr leat fanaṁaint liom-sa ná leo-san?” Nior ḟreagair si dadaṁ; tá buaiḋreaḋ agus brón uirri [ 32 ]fós, ar Goillís ann a inntinn féin, agus laḃair se léiṫe arís, “tá faitċios orm go g-caiṫfiḋ tu an oiḋċe seo ċaṫaḋ i dteaċ m’ aṫar a bean-uasal, agus má tá aon rud is féidir liom-sa ḋeunaḋ air do ṡon, innis dam é agus beíḋ me mo ṡearḃḟóġanta ḋuit.” Dḟan an cailín sgiaṁaċ bréaġ ’nna tost, aċt ḃi déora ann a súiliḃ, agus ḃi a h-eudan bán agus dearg ’r éis a ċéile.

“A ḃean-uasal,” ar Goillís, “innis dam creud buḋ ṁaiṫ leaṫ a ḋeunaṁ anois. Nior ḃain mise ċor air biṫ leis an dream. siḋeóige sin a rug leó ṫú. Is mac feilmeóra cneasta me, agus ċuaiḋ me leó gan ḟios dam. Má ṫiucfaiḋ liom do ċur air ais ċum d’aṫar deunfaiḋ me é, agus guiḋim ṫu úsáid air biṫ is mian leat do ḋeunaṁ ḋíom anois.”

Ḋearc se ann a h-eudan agus ċonnairc se an beul ag corruġaḋ aṁail a’s mar ḃi si dul a laḃairt, aċt ni ṫáinig aon ḟocal as.

“Ni féidir,” ar Goillís, “go ḃfuil tu balḃ, nár ċualaiḋ me ṫu ag laḃairt le mac-an-riġ annsa’ bpálás anoċt. No, an ndearna an diaḃal sin balḃ dáríriḃ ṫu, nuair ḃuail sé a láṁ ġránna air do ġiall?” [ 33 ]Ṫóg an cailín a láṁ ṁín ḃán, agus leag sí a meur air a teanga ag taisbéant dó, gur ċaill sí a guṫ agus a caint, agus riṫ na deóra amaċ as a ḋá súil ’san am ceudna coṁ luaṫ le sroṫán, agus go deiṁin ni raiḃ súile Ġoillís féin tirm, mar coṁ garḃ a’s ḃí sé, taoḃ amuiġ, do ḃí croiḋe bog aige, agus nior ḟeud sé aṁarc an ċailín óig ṡeasaṁ, agus í annsan rioċt mi-áġaṁuil sin

Ṫosaiġ sé ag smuaineaḋ leis féin creud do buḋ ċóir dó ḋeunaṁ, agus nior ṁaiṫ leis a taḃairt a ḃaile leis féin go teaċ a aṫar, mar ḃí ḟios aige go maiṫ naċ g-creidfeaḋ siad é, go raiḃ sé annsa’ ḃFrainc agus go dtug sé air ais leis inġean Riġ na Fraince, agus ḃí faitċios air go ndeunfaḋ siad magaḋ faoi an óg-ṁnaoi uasail, no go g-cuirfeaḋ siad droċ-aiġneas uirri.

Nuair ḃí sé mar sin i n-aṁras mór agus gan ḟios aige creud do ḋeunfaḋ sé, ṫárla gur ċuir sé a láṁ ann a ṗóca, agus fuair sé páipeúr ann; ṫarraing sé amaċ é agus ḃreaṫnuiġ sé air, agus air an móimid d’aiṫniġ sé bulla an Ṗápa. “Glóir do Ḋia!” ar sé, tá ’s agam anois creud a ḋeunfaiḋ me, béarfaiḋ me liom go teaċ an t-sagairt i, agus nuair feicfiḋ sé a ṗárdún annso, [ 34 ]ni ḋiúltóċaiḋ sé ḋam an ḃean-uasal do ċongḃáil, agus do ċoṫuġaḋ. Ṫionntaiġ sé do’n óg-ṁnáoi arís agus d’innis sé ḋí go raiḃ leisg air í féin do ṫaḃairt go teaċ a aṫar, aċt go raiḃ sagart maiṫ macánta do ḃí muinntearaċ leis féin, agus go dtiúḃraḋ seisean aire ṁaiṫ ḋí, dá mbuḋ ṁaiṫ léiṫe fanaṁaint ann a ṫeaċ-san, aċt dá mbeiḋeaḋ aon áit eile do ḃfeárr léiṫe go dtiúḃraḋ sé ċum na h-áite sin í.

Ċrom síse a ceann, agus ṫaisbéan sí ḋó go raiḃ sí buiḋeaċ, agus ṫug sí le tuigsint dó, go raiḃ sí réiḋ le na leanaṁaint ann áit air biṫ do ḃí sé dul. “Raċamaoid go teaċ an t-sagairt, mar sin,” ar sé, “agus tá sé faoi oibliogáid daṁsa, agus deunfaiḋ sé rud air biṫ a ḋéarfas mé.

Ċuaiḋ siad, mar sin, go teaċ an t-sagairt le ċéile, agus ḃí an ġrian go díreaċ ag éiriġe nuair ṫáinig siad ċum an dorais. Ḃuail Goillís go láidir é, agus ċoṁ moċ a’s ḃí sé, do ḃí an sagart maiṫ ’nna ṡuíḋe, agus dḟosgail sé an doras, é féin. Ḃí iongantas air nuair ċonnairc sé Goillís agus an cailín, agus ḃí sé cinnte gur b’ ag iarraiḋ ḃeiṫ pósta do ḃí siad.

“A Ġollís na g-cos duḃ, naċ deas an [ 35 ]buaċaill ṫu!” ar sé, “naċ dtig leat fanaṁaint go d-ti a’ deiċ a’ ċluig, no go d-ti a do-deug, aċt go g-caitfiḋ tu ḃeiṫ teaċt ċugam ag an uair seó ag iarraiḋ pósta, ṫu féin a’s do ġirrseaċ. Buḋ ċóir ḋuit fios a ḃeiṫ agad go ḃfuil me briste, agus naċ dtig liom do ṗósaḋ, air ṁóḋ air biṫ naċ dtig liom do ṗósaḋ go dlisteanaċ—aċt ububú!” ar sé, go h-obann mar ḋearc sé air an óg-ṁnaoi arís, “i n-ainm Dé cia tá agad annso? cá ḃfuair tu í, no cia hí?”

“A aṫair,” ar Goillís, “tig leat mé féin no duine air biṫ ṗósaḋ feasta, má’s mian leat é, acṫ ni ag iarraiḋ pósta ṫáinig me ċugad, acṫ le taḃairt an ṗáipéir seo ḋuit, agus le h-iarraiḋ ort má ’s é do ṫoil é lóistín ann do ṫeac do ṫaḃairt do’n ógṁnaoi uasail seo,” agus leis sin ṫarraing sé bulla an Ṗápa amaċ, agus ṫug sé do’n t-sagart le léiġeaḋ é.

Ġlac an sagart éagus léiġ sé é, agus ḃreaṫnuiġ sé go geur air an sgríḃinn agus air an seula agus ni raiḃ aon aṁras aige naċ raiḃ sé ’nna ḃulla ceart o láim an Ṗápa, “Cá ḃfuair-tu so,” ar sé le Goillís, agus ḃí an láṁ ann ar ċongḃuiġ sé an páipeur ag craṫaḋ le h-ionġantus agus le luṫġáire. [ 36 ]“O maiseaḋ,” ar Goillís, go h-aoraċ go leór, “fuair mé aréir é annsa Róiṁ: D’ḟan mé air feaḋ cúpla uair annsa’ g-cáṫair sin, nuair ḃí mé air mo ḃealaċ ċum an óig-ḃean seo (inġean Riġ na Fraince) do ṫaḃairt air ais liom.”

Ḋearc an sagart air aṁuil agus mar ḃeiḋeaḋ deiċ g-cloigionn air, aċt gan aon ċeist eile do ċur air, duḃairt sé leis teaċt asteaċ ċuige, é féin agus an ainnir, agus nuair ṫáinig siad asteaċ ḋruid sé an doras agus ṫug sé asteaċ ’sa’ bpárlús iad, agus ċuir sé ’nna suiḋe iad.

“’Nois a Ġoillís,” ar sé, “innis dam go firinneaċ cá ḃfuair tu an bulla so, agus cia h-í an óig-ḃean so, agus má tá tu féin ar do ċéill dáríriḃ na má’s ag deunaṁ magaiḋ fúm atá tu?”

“Ni’l mé ’g innsint bréige, ná ag deunaṁ magaiḋ,” ar Goillís, “aċt is ó’n b-Pápa féin fuair mé an páipeur, agus buḋ as ṗálás Riġ na Fraince dḟuadaiġ me an ḃean-uasal so, agus is inġean do Riġ na Fraince í.”

Ṫosaiġ sé air a sgeul ann sin, agus d’innis sé an t-iomlán do’n t-sagart, agus ḃi an oiread sin d’ionġantus air an tsagart maiṫ [ 37 ]nar ḟeud sé é féin ċongḃáil o ġlaoḋaċ amaċ air uairiḃ ná ó ḃualaḋ a ḋá láiṁ le ċéile. Nuair duḃairt Goillís gur ṡaoil sé o’n méad a ċonnairc sé naċ raiḃ an óig-ḃean sásta leis an bpósaḋ do ḃí dul air aġaiḋ annsa’ bpálas sul do ḃris sé féin agus na siḋeóga suas é, ṫáinig lasaḋ dearg i ngruaiḋ an ċailín, agus ḃí sé nios cinnte ’ná riaṁ go mbuḋ ḟeárr léiṫe ḃeiṫ mar ḃí sí, ċoṁ dona agus ḃí sí, ’ná ’nna mnaoi-ṗósta do ḟear buḋ gráin léiṫe. Nuair duḃairt Goillís go mbeiḋeaḋ sé an ḃuiḋeaċ de’n tsagart dá g-coiṁéadfaḋ sé ann a ṫeaċ féin í, duḃairt an fear cineálta go ndeunfaḋ sé sin ċoṁ fada agus buḋ ṁaiṫ leis, aċt naċ raiḃ ḟios aige creud do buḋ ċoír dóiḃ ḋeunaṁ léiṫe, mar naċ raiḃ aon tsliġe aca a cur air ais d’á h-aṫair arís.

Dḟreagair Goillís go raiḃ imniḋe air féin, faoi an niḋ ceuna, agus naċ ḃfaca sé aon rud le deunaṁ aċt a congḃáil go socair, no go ḃfuiġeaḋ siad faill agus ocáid rud éigin nios feárr do ḋeunaṁ. Rinne siad suas é eatorra féin ann sin, go leigfeaḋ an Sagart air gur b’ inġean a ḋearḃráṫar féin do ḃí aige, do ṫáinig air cuairt as ċondae eile, agus go n-inneósaḋ sé do [ 38 ]uile ḋuine go raiḃ sí balḃ, agus go ndeunfaḋ sé a ḋiṫċioll uile ḋuine do ċongḃáil uaiṫi. D’innis siad do’n óg-ṁnaoi creud do ċuir siad rómpa a ḋeunaṁ, agus ṫaisbéan sí le na súiliḃ go raiḃ sí buiḋeaċ dioḃ.

Ċuaiḋ Goillís a ḃaile ann sin, agus nuair ċuir a ṁuinntir féin ceist air cá raiḃ sé, duḃairt seisean gur ṫuit se ’nna ċodlaḋ ag bonn na cloiḋe agus gur ċaiṫ sé an oiḋċe ann sin.

Buḋ ṁór an t-ionġnaḋ ḃí air na cóṁarsannaiḃ nuair ṫaisbéan an Sagart cóir, bulla an Ṗápa ḋóiḃ, agus nuair fuair sé a ṡean-áit air ais arís, agus ḃí luṫġáire air uile ḋuine, mar go deiṁin ni raiḃ loċt air biṫ annsan duine macánta sin, aċt aṁáin go raiḃ iomarcuiḋ dúil aige nois agus arís i m-braon de’n ḃuideul, aċt nior ḟeud duine air biṫ ráḋ go ḃfaca sé riaṁ é i rioċt naċ dtiucfaḋ leis “Seo! beirim do ṡláinte” a ráḋ ċoṁ maiṫ le fear air biṫ ’sa’ rioġaċt. Aċt má ḃí ionġantas orra an sagart dḟeicsint arís ann a ṡean-áit, buḋ ṁó go mór a n-ionġantas faoi an g-cailín do ṫáinig go h-obann ċum a ṫiġe gan ḟios ag aon duine cá’r b’as di, no cad e an gnó do ḃí aici ann sin. Ḃi cuid dena [ 39 ]daoiniḃ ann, a duḃairt naċ raiḃ uile niḋ mar buḋ ċoír, agus cuid eile “nár ḃféidir é go dtug an Pápa a áit arís do’n t-sagart ’r éis a ḃaint dé roiṁe sin mar ġeall air an g-claṁsán do ḃí aca air, i dtaoiḃ na ṁeisge.”

Agus ḃí cuid eile aca, a duḃairt naċ raiḃ Goillís na g-cos duḃ cosṁúil leis an ḃfear ceuḋna do ḃí ann roiṁe sin, agus go mbuḋ ṁór an sgeul é go raiḃ sé ag triall gaċ le lá ċum tiġe an t-sagairt agus go raiḃ cion agus meas ag an tsagart air, rud nár ḟeud siad ġlanaḋ suas air ċor air biṫ.

B’ḟior sin doiḃ go deiṁin, mar b’anaṁ an lá ċuaiḋ ṫart, naċ raċaḋ Gollís go teaċ an t-sagairt agus naċ mbeiḋeaḋ caint aige leis, agus leis an óg-ṁnaoi uasail, agus ċoṁ minic agus ṫiucfaḋ sé ḃeiḋeaḋ súil aige go ḃfuiġeaḋ sé í go slán agus cead laḃarta aici arís, aċt faraoir d’ḟan sí ’nna tost agus í balḃ, gan leiġeas ná biseaċ. Nuair naċ raiḃ aon ċaoi eile aici le deunaṁ cainte leis, do rinne sí sórt cóṁráḋ eidir í féin agus éisean le corrugaḋ a láṁ agus a meur, le sméideaḋ a súl, le fosgailt agus le druidim a béil, le gáire no le mion-ġaíre, agus le míle coṁarṫa eile, i rioċt naċ raiḃ [ 40 ]sé fada no gur ṫuig siad a ċéile go h-an ṁaiṫ. Ḃi Goillís i g-cóṁnuiḋe ag smuaineaḋ cad é an ċaoi a ṫiucfaḋ leis a cur air ais d’á h-aṫair, aċt ni raiḃ aon duine le dul léiṫe agus ni raiḃ ḟios aige féin cad é an bóṫar buḋ ċóir dí leanaṁaint mar naċ raiḃ sé ríaṁ as a ċondae féin go dti an oiḋċe sin ann a rug se leis í. ni raiḃ aon eólas do b’ ḟeárr ag an tsagart, aċt nuair d’iarr Goillís air, sgrioḃ sé tri no ceiṫre litreaċa o am go h-am go “Riġ na Fraince,” ag innsint dó cás a inġíne agus an áit ann a raiḃ sí agus ṫug se iad do luċt ceannuiġṫe agus diolta earraiḋ do biḋeaḋ ag dul o áit go h-ait tar sáile aċt ni ṫáinig ceann aca go láiṁ an Riġ, mar ċuaiḋ siad uile amuġa.

Is mar sin do ḃí siad le mórán mios, agus ḃí Goillís ag tuitim i ngráḋ léiṫe nios mó agus nios doiṁne gaċ lá, agus buḋ léar dó féin agus do’n t-sagart go raiḃ duil ṁór ag inġín an Riġ i nGoillís. Ḃi faitċios mór air an mbuaċaill air deire go g-cluinfeaḋ an Riġ dáríriḃ an áit ann a raiḃ a inġean agus go nglacfaḋ sé air ais uaiḋ féin í, agus ċuir sé impiḋe air an tsagart gan sgrioḃaḋ nios mó, aċt an ċúis do leigint faoi Ḋia. [ 41 ]Buḋ mar sin do ċaiṫ siad an aimsir air feaḋ na bliaḋna, go dtáinig lá d’ a raiḃ Goillís ’nna luiḋe leis féin air an ḃfeur, lá deirionnaċ de ṁi ḋeiriḋ an ḟóġṁair, agus é ag smuaineaḋ arís ann a inntinn féin air gaċ niḋ do ṫárla ḋó o’n lá a ċuaiḋ sé leis na Siḋeógaiḃ ṫar an t-saile. Ċuiṁniġ sé ann sin go h-obann gur b’ air oiḋċe Saṁna do ḃí sé ’nna ṡeasaṁ ag binn an tiġe nuair ṫáinig an fromán-gaoiṫe agus na siḋeóga; a’s duḃairt sé leis féin, “béiḋ oiḋċe Saṁna againn arís amáraċ agus seasfaiḋ mé san áit ċeuḋna do ḃí mé ’nuraiḋ, go ḃfeicfiḋ mé an dtiucfaiḋ na daoine maiṫe arís, b’éidir go g-cluinfinn no go ḃfeicfinn rud éigin do ḃeiḋeaḋ úsáideaċ dam, no do ḃéarfaḋ air ais a caint do Ṁáire (buḋ hé sin an t-ainm do ġlaoḋ sé féin agus an Sagart air inġin an Rig. mar naċ raiḃ ḟios ag ceaċtar aca cad é an t-ainm ceart a ḃí uirri).

D’innis sé an rud do ċuir sé roiṁe do’n tsagart, agus ṫug an sagart a ḃeannaċt dó.

Ċuaiḋ Goillís, mar sin, do’n t-sean-ráṫ, nuair ḃí an oiḋċe ag dorċuġaḋ, agus ṡeas sé le na uillin ċromṫa air ṡean-leic liaṫ ag fanaṁaint go dtiucfaḋ an [ 42 ]meaḋon-oiḋċe. D’éiriġ an ġealaċ suas go mall agus ḃí sí mar ċnapán teine an taoḃ ṡiar dé agus ḃí ceó bán ann, do ḃí árduiġṫe as na maċairiḃ féir agus as na h-áiteaċaiḃ fliuċa le fionn-ḟuaċt na h-oiḋċe ’r éís ain-teas an laé. Do ḃí an oiḋċe ċoṁ ciúin le loċ nuair naċ mbiann aon ġal gaoiṫe amuiġ a ċorróċaḋ tonn air, agus ní raiḃ aon ḟuaim le cloistint aċt crónán na g-ciaróg do ṫéiḋeaḋ ṫart o am go h-am, no sgread géur obann na ngé-fiaḋáin ag dul o loċ go loċ, leiṫ-ṁile ṡuas annsan aér os a ċionn, no fead geur na ḃfeadóg no na ḃfilbín ag éiriġe ’s ag luiġe, ag luiġe ’s ag éiriġe, mar is gnáṫaċ leó i n-oiḋċe ċiúin. Do ḃí míle míle reult geal ag soillsiuġaḋ os a ċionn, agus do ḃí beagán seaca ann d’ḟág an talaṁ do ḃí faoi na ċois bán agus briosg.

Sheás sé ann sin air feaḋ uaire air feaḋ dá uair, air feaḋ tri h-uaire; agus do ṁeudaiġ an sioc go mór, i rioċt gur ċualaiḋ sé briseaḋ na dtraiṫnín faoi na ċois ċoṁ minic agus ċorruiġ sé í.

Bhi sé ag smuaíneaḋ ann a inntinn faoi ḋeire, naċ dtiucfaḋ na Siḋeóga an oiḋċe sin, agus go raiḃ sé ċoṁ maiṫ dó filleaḋ air ais arís, nuair ċualaiḋ sé toran a [ 43 ]ḃfad uaiḋ ag teaċt, agus d’aiṫniġ sé air an gceud ṁóimid é, agus ḃí ḟios aige creud do ḃí ann. Ṁeudaiġ an toran agus i dtosaċ ḃí sé cosṁuil le bualaḋ na dtonn air ṫráiġ ċloċaiġ, agus ann sin inar ṫuitim easa ṁoír, agus faoi ḋeire mar stoirm árd i m-bárr na g-crann, agus ann sin ḃris an fromán-gaoiṫe asteaċ d’ aon ruaig aṁáin annsan raṫ ċuige, agus ḃí na Síḋeóga ann.

Ṫáinig sé ċoṁ h-obann sin gur ċaill sé a anál leis, aċt ṫáinig se ċuige féin arís air an mball, agus ċuir sé cluas air féin ag éisteaċt creud do ḋéarfaḋ siad.

Air éigin ḃí siad cruinniġṫe astiġ annsan ráṫ nuair ṫoisiġ siad uile ag géimniġ agus ag béiceaḋ, agus ag caint eatorra féin, agus ann sin ġlaoḋ gaċ uile ḋuine aca “Mo ṡrian ’s mo ċapall ’s mo ḋiallaid,” agus ġlac Goillís meisneaċ agus ġlaoḋ seis- ean amaċ ċoṁ h-árd le duine air biṫ aca “Mo ṡrian ’s mo ċapall ’s mo ḋiallaid, mo ṡrian ’s mo ċapall ’s mo ḋiallaid!” agus sul do ḃi an focal go ceart as a ḃeul ġlaoḋ fear eile, “Ór! a Goillís, a ḃuaċaill! ḃfuil tu ann so arís linn? cia an ċaoi ḃfuil tu teact air aġaiḋ le do ṁnaoi? Ni’l aon ṁaiṫ ḋuit ḃeiṫ glaoḋaċ air do ċapall [ 44 ]anoċt, mise mo ḃannaiḋ! ni imeóraiḋ tu orrainn arís, buḋ ṁaiṫ an cleas d’imir tu orrainn anuraiḋ!”

“Buḋ ṁaiṫ!” ar fear eile, “ni ḋeunfaiḋ se arís é.”

“Naċ maiṫ an buaċaill é, an buaċaill ceuḋna? bean do ṫaḃairt leis naċ duḃairt oiread agus “cad é mar tá tu” o ṡoin,” ars an trioṁaḋ fear.

“B’ éidir go ḃfuil dúil aige a ḃeiṫ dear- caḋ uirri,” ar guṫ eile.

“Agus dá mbeiḋeaḋ ḟios ag an amadán go raiḃ luiḃ ag fás suas le na ḋoras féin, agus a ḃruiṫ ’s a ṫaḃairt dí, ’s ḃeiḋeaḋ sí slán,” ar guṫ eile.

“’S fior ḋuit sin,”

“Is amadán é.”

“Na boḋaruiġ do ċeann leis, béiḋmíd ag imṫeaċt.”

“Fágfamaoid an bodaċ mar tá sé.”

Agus leis sin d’éiriġ siad suas annsan aér agus amaċ leó ann aon ruaille-buaille mar do ṫáinig siad, agus d’ḟág siad Goillís boċt ’nna ṡeasaṁ mar fuair siad é, agus a ḋá ṡúil dul amaċ as a ċeann ag dearcaḋ ’nna ndiaiġ, agus ag deunaṁ ionġantais.

Ni fada ṡeas sé, gur ḟill sé air a ais [ 45 ]agus é ag smuaíneaḋ ann a ċeann féin air an méad a ċonnairc agus a ċualaiḋ sé, agus ag cuiṁniuġaḋ leis féin an raiḃ luiḃ dáririḃ ag a ḋoras féin do ḃéarfaḋ air ais an ċaint d’inġin an Ríg. “Ni féidir,” ar sé leis féin, “go n-inneósaḋ siad dam é dá mbeiḋeaḋ aon tsuḃáilce ann, aċt b’éidir naċ dtug an tsiḋeoġ aire ḋó féin nuair leig sé an focal do sgiorraḋ amaċ as a ḃeul. Cuairteóċaiḋ me go maiṫ ċoṁ luaṫ agus éireóċaiḋ an ġrian, an ḃfuil aon ṗlannda aċt foṫanáin agus cupóga ag fás le h-ais an tiġe.”

Ċuaiḋ se a ḃaile, agus ċoṁ tuirseaċ agus ḃi sé nior ċodail sé neul no gur éiriġ an ġrian an lá air n-a ṁáraċ, agus d’éiriġ seisean, agus buḋ h-é an ċeud rud a rinne sé, dul amaċ agus cuartuġaḋ go maiṫ ṫríd an ḃfeur ṫart ṫimċioll an tiġe, ag feuċaint an dtiucfaḋ leis aon luiḃ nár aiṫniġ sé d’ḟáġail ; agus go deiṁin ní raiḃ sé a ḃfad ag cuartuġaḋ nuair ṫug sé luiḃ ṁór aisteaċ faoi ḋeara, do ḃi fás suas go díreac le binn an tiġe.

Ċuaiḋ sé anonn ċuige, agus ḃreaṫnuiġ sé go geur air, agus ċonnairc sé go raiḃ seaċt g-craoḃa beaga ag teacṫ amaċ as [ 46 ]an ngas, agus go raiḃ seaċt nduilleóga ag fás air gaċ craoiḃín aca, agus go raiḃ suġ bán annsna duilleógaiḃ.

“Is ró iongantaċ é,” ar seisean, “naċ dtug mé an luiḃ seo faoi deara ariaṁ roiṁe seo. Má tá miorḃuil i luiḃ air biṫ buḋ ċoír do ḃeiṫ annsan luiḃ ionġantaiġ so.”

Ṫarraing sé a sgian amaċ agus ḃain sé an plannda agus d’iomċair sé asteaċ ann a ṫeaċ féin é, agus ḃain sé na duilleóga ḋe, agus ġearr sé suas an gas, agus ṫáinig súġ tiuġ bán as, már ṫágann as an ḃfóṫanán-mín nuair brúiġṫear é, aċt go raiḃ an súġ so nios cosṁúile le h-ola.

Ċuir sé i bpota beag é, agus beagán uisge air, agus leag sé air an teine é go raiḃ an t-uisge ag fiuċaḋ, agus ann sin do ġlac sé cupan águs lion sé leaṫ suas leis an t-súġ é, agus ċuir se ċum a ḃéil féin é. Ṫáinig sé ann a ċeann ann sin gur niṁ do ḃi ann, b’éidir, agus go raiḃ na daoine maiṫe ag cur caṫuiġṫe air é féin do ṁarḃaḋ leis an g-cleas sin, no an cailín do ċur ċum báis gan ḟios dó.

Ċuir sé an cupán sios arís, agus ṫóg sé cúpla braon air ḃárr a ṁéir agus ċuir sé ann a ḃeul iad. ni raiḃ siad searḃ, agus [ 47 ]go deiṁin ḃi blas milis taiṫneamaċ orra Ḃí sé nios dána ann sin agus d’ ól sé lán meuracáin dé, agus ann sin an oiread eile, agus nior sguir sé ḋé go raiḃ leaṫ an ċupáin ólta aige. Ṫuit sé ’nna ċodlaḋ ann sin agus nior ḋúisiġ sé go dti an oiḋċe, agus ḃí tart agus ocaras mór air.

B’éiġin dó fanaṁaint ann sin no gur éiriġ an lá, aċt ċuir sé roiṁe, ċoṁ luaṫ agus ḋúiseóċaḋ sé air maidin, go raċaḋ sé go h-inġean an Riġ agus go dtiúḃraḋ sé deoċ dí de ṡúġ na luiḃe.

Coṁ luaṫ agus d’éiriġ sé air maidin, ċuaiḋ sé anonn go teaċ an t-sagairt leis an diġ ann a láiṁ agus nior ṁoṫaiġ sé é féin ariaṁ ċoṁ gasta, gaisgeaṁail, aigiontaċ, eudtrom, agus do ḃí sé an lá sin; agus ḃí sé fior-ċinnte gurb’ é an deoċ d’ól sé, do rinne ċoṁ tapa agus ċoṁ croiḋeaṁail é.

Nuair ṫáinig sé ċum an tiġe fuair sé an sagart agus an óig-ḃean astiġ, agus ḃí iongantas mór orra cad é an t-áḋḃar naċ dtáinig sé air cuairt ċuca le dá lá.

D’innis sé a sgeul agus a nuaiḋeacṫ dóiḃ, agus duḃairt sé go raiḃ sé cinnte go raiḃ bríġ ṁór annsan luiḃ sin, agus nac [ 48 ]ndeunfaḋ sé aon doċar do’n ṁnaoi-uasail, mar d’ḟeuċ sé féin é, agus fuair sé maiṫ as, agus ann sin ċuir sé d’ḟiacaiḃ uirri a ḃlasaḋ, mar ṫug sé a ṁóid agus a ṁionna naċ raiḃ aon urċóid ann. Ṫug an sagart conġnaṁ ḋó, agus eatorra fuair siad buaiḋ air an óg-ṁnaoi agus ṫaisbéan sí go raiḃ sí toilteanaċ le na ól.

Ṡeaċaid Goillís an cupán dí, agus d’ól sí a leaṫ agus ann sin ṫuit sí air a leabuiḋ agus ṫáinig codlaḋ trom uirri agus nior ḋúisiġ sí as an g-codlaḋ sin go dti an lá air n-a ṁáraċ.

Ṡuiḋ Goillís agus an sagart suas an oiḋċe iomlán léiṫe, ag fanaṁaint no go ndúiseóċaḋ sí, agus iad eidir dóṫċas agus éudóṫċas, eidir ṡúil le a slánuġaḋ agus faitċios faoi na gortuġaḋ.

Ḋúisiġ sí air deire nuair ḃí an ġrian imṫiġṫe leaṫ a ḃealaiġ annsan speur. Ċuimil sí a suile agus ḋearc sí mar ḋuine naċ raiḃ ḟios aici cad é an áit a raiḃ sí. Ḃí sí cosṁúil le duine air a raiḃ ionġantas, nuair ċonnairc sí Goillís agus an sagart annsan rúma ceudna léiṫe, agus ṡuiḋ sí suas ag deunaṁ a díṫcill a smuainte do ċruinniuġaḋ le ċéile. [ 49 ]Ḃí an ḃeirt ḟear i n-aṁras mór ag fanaṁaint no go ḃfeicfeaḋ siad an laiḃeóraḋ sí, no naċ laiḃeóraḋ, agus nuair d’ḟan siad ’nna dtost le cúpla móimid duḃairt an sagart léiṫe i ḃfraincís, “Ar ċodail tu go maiṫ a Ṁáire,” agus d’ḟreagair sísi, annsa dteanga ċeuḋna, “ċoḋlas, go raiḃ maiṫ agad.”

Ni luaiṫe ċualaiḋ Goillís í ag caint ná ċuir se sgread lutġáire as, agus riṫ sé anonn ċuici, agus ṫuit sé air a ḋá ġlún agus dubairt sé, “Mile buiḋeaċas le Dia do ṫug an ċaint air ais duit! a ḃean-uasal mo croiḋe laḃair liom!”

Do ṫuig an óig-ḃean maiṫ go leór é, mar ḃí sí ag éisteaċt le Gaeḋeilg dá laḃairt gaċ lá o ṫáinig sí go h-Éirinn, aċt mar ḃí sí balḃ go dti sin nior ḟeud sí oiread agus aon ḟocal dí a ráḋ, agus d’ḟreagair sí é i ḃFraincís, agus duḃairt sí gur ṫuig sí gurab’ é féin do ḃruiṫ an deoċ sin dí, agus do ṫug dí é, agus go raiḃ sí buiḋeaċ dé óna croiḋe, air son an ċineáltais uile do ṫaisbéan sé ḋi, o ṫáinig sí go h-Éirinn air tús agus go dtiucfaḋ leis ḃeiṫ cinnte naċ ndearmadfaḋ sí a ċinealtas go bráṫ.

Nior ṫuig Goillís oiread agus focal d’á [ 50 ]raiḃ sí ag ráḋ, agus nuair ċuir an sagart i n-úṁal dó é, do ḃí sé reíḋ le fáġail ḃáis le sásuġaḋ-croiḋe agus le luṫġáire.

Ṫug siad biaḋ asteaċ ċuici ann sin, agus d’iṫ sí le goile maiṫ agus ḃí sí súgaċ agus meaḋraċ, agus nior sguir sí d’á caint leis an tsagart an fad agus ḃí sí ag iṫe, aċt nior ṫuig Goillís aon ḟocal d’á g-cóṁráḋ, agus ḃí brón mór air gan a ṫuigsint. Coṁ minic agur dḟeuċfaḋ an ḃean-uasal óg rud air biṫ d’innsint dó, b’éigin dó a ċeann ċraṫaḋ mar amadán, agus ann sin do ḋeunfaḋ an rógaire sagairt gáire faoi, agus ni ḟeudfaḋ an ṁaiġdean óg í féin ċongḃáil o ġáire, air uairiḃ, agus ċuir sin mio-ṡásuġaḋ mór air Ġoillís boċt.

Ċuaiḋ sé air ais d’á ṫeaċ féin go luaṫ, agus ṡín sé é féin air an leabuiḋ agus ṫuit sé ’nna ċoḋlaḋ arís mar naċ raiḃ briġ na luiḃe uile caiṫte fós, agus ċaiṫ sé lá agus oiḋċe eile ’nná ċoḋlaḋ. Nuair ḋúisiġ sé ann sin ċuaiḋ sé anonn go teaċ an t-sagairt agus fuair sé go raiḃ an óigḃean uasal annsan stáid ċeudna, agus go raiḃ sí ’nna codlaḋ, beag naċ o d’ḟág seisean an teaċ.

Ċuaiḋ sé asteaċ leis an t-sagart agus ḃí siad ag fanaṁaint anaice léiṫe nuair [ 51 ]ḋúisiġ sí an dara h-uair, agus ḃí a caint aici coṁ maiṫ agus ḃí sí ariam. Ḃí luṫ- gáire ṁór air Goillís.

Ċuir an sagart biaḋ air an g-clár arís, agus d’iṫ siad le ċéile, agus ḃí Goillís boċt annsan gcaoi ċeudna ’nna raiḃ sé roiṁe sin. Nior ṫuig sé focal, agus ḃí náire ṁór air.

“Ná ċuir aon tsuim ann sin,” ar san sagart, “tá sí fóġlaim Gaeḋeilge uile lá, agus ni fada go dtiucfaiḋ léite a laḃairt coṁ maiṫ leat féin.

B’ ḟior do’n t-sagart é sin; agus sul d’ḟág Goillís an teaċ laḃair an ṁaiġdean uasal nios mó ná aon ḟocal aṁáin Gaeḋeilge, agus ṫuig sí uile rud do ḋéarfaḋ Goillís.

Ṫáinig Goillís o lá go lá do’n teaċ, agus ḃí sí ’g éiriġe nios tapa anna laḃairt gaċ lá, agus ḃí an carṫanas eatorra ag meuduġaḋ, mar naċ raiḃ duine air biṫ aici a laiḃeóraḋ léiṫe aċt Goillís agus an sagart, agus b’ḟeárr léiṫe Goillís.

B ’éigin dó innsint dí an ċaoi do ḃí sé annsan ráṫ nuair ṫáinig na daoine maiṫe, agus mar ċuaiḋ sé asteaċ ċum an Ṗápa, agus mar ṡéid an tSiḋeóg an teine as a ḃeul, agus gaċ uile rud do rinne sé go dti an t-am [ 52 ]d’ḟuadaiġ na daoine maiṫe leó í, agus nuair ḃiḋeaḋ sé uile inniste, b’éigin dó tosuġaḋ air arís as an nuaḋ, agus ni raiḃ sí tuirseaċ ariaṁ ag éisteaċt leis.

Nuair ḃí siad mar sin le leiṫ-ḃliaḋain duḃairt sí nac dtiucfaḋ léiṫe fanaṁaint nios faide gan dul air ais dá h-aṫair agus d’á máṫair, go raiḃ sí cinnte go raiḃ brón mór orra fúiṫi, aġus go mbuḋ náire ṁór dí é, dá leigfeaḋ sí i mbrón iad, nuair ḃí sé air a cumas dul coṁ fada leó. Rinne an sagart uile rud d’ḟeud sé le na congḃáil leis féin seal eile, aċt gan éifeaċt; agus laḃair Goillís gaċ focal milis do ṫáinig ann a ċeann ag iarraiḋ buaiḋ d’ḟágail uirri agus ag súil le na breugaḋ agus le cur dḟiaċaiḃ uirri d’ḟanaṁaint mar ḃí sí, aċt ni raiḃ aon ṁait ḋó ann. Ċuir sí roimpi triall, agus nior ḟeud duine beó a rún d’aṫruġaḋ.

Ni raiḃ mórán airgid aici, aċt dá ḟáinne do ḃí air a láiṁ nuair d’ḟuadaiġ na siḋeóga leó í, agus biorán óir do ḃí ann a gruaig, agus búclaiḋ óir do ḃi ann a brógaiḃ beaga.

Ġlac an sagart iad agus ḋíol sé iad, agus ṫug sé an t-airgiod dí féin, [ 53 ]agus duḃairt sí go raiḃ sí réiḋ le h-imṫeaċt.

D’ḟág sí slán agus beannaċt leis an t-sagart agus le Goillís agus d’imṫiġ sí. Ni raiḃ sí a ḃfad imṫigṫe nuair ṫáinig an oiread sin de ḃrón agus de lionnduḃ air Ġoillís go raiḃ ḟios aige naċ mbeiḋeaḋ sé a ḃfad beó muna raiḃ sé anaice léiṫe, agus lean sé í.

Rug sé uirri an traṫnóna ceuḋna agus ni ṫig liom ráḋ cia aca air a raiḃ an lúṫġáire buḋ ṁó, air Ġoillís no air an óg-ṁnaoi nuair ċonnairc siad a ċéile.

Duḃairt sí le Goillís go gcaiṫfiḋ sé dul a ḃaile arís, aċt ṫug Goillís a ṁionna naċ raċaḋ go bráṫ no go ḃfeicfeaḋ sé slán air ais annsa’ mbaile í. “Aċt,” ar síse “ni ṫig liom do ṫaḃairt a ḃaile liom, creud déarfas na daoine? Ḃeiḋeaḋ náire orm.”

“O, cuirfiḋ me culaiḋ searḃfóġanta orm,” ar Goillís, “agus béiḋ mé mo ṡearḃḟóġanta ḋuit-se, no go dtiucfaiḋ tu aḃaile go slán sáḃálta le congnaṁ Dé, agus tá súil agam naċ ndiúltóċaiḋ tu mo ṡeirḃís.”

Rinne sé sin, agus an ceud ḃaile-mór ann a dtáinig siad, do ċeannaiġ sé culaiḋ searḃḟóġanta ḋó féin, agus gaċ rud d’iarrfaḋ a ṁáiġistreas air, do ġniḋeaḋ sé é, [ 54 ]agus gaċ lóistín do ġlac siad, ċoideólaḋ seisean annsan tseómra do b’ḟoigse d’á rúma-san, aċt nuair ḃiḋeaḋ siad ag siúḃal, ṡiúḃail seisean le na taoiḃ, agus ġiorraiġ siad an bealaċ ag cóṁráḋ le ċéile, mar naċ raiḃ aon ċaṫaḋ-aimsire eile aca.

Ḃí siad mar sin le tamall fada, no go dtáinig siad go tír fiaḋáin naċ raiḃ mórán tiġṫe ann, agus ṫeip a lón orra.

Ni raiḃ faitċios air biṫ air an óg-ṁnaoi aċt ṡaoil sí go raiḃ sí sáḃálta, agus luiḋ sí sios i lár coille moíre, agus ċuir sí dḟiacaiḃ air Ġoillís a fágḃáil ann sin agus dul ag iarraiḋ biḋ ann áit éigin, mar do ḃí ocaras air an mbeirt aca. Rinne Goillís gaċ rud d’ḟeud sé ḋeunaṁ, le cur i g-céill dí go raiḃ sí i n-áit ḋainseuraiġ, agus naċ raiḃ sé ceart é d’á fágḃáil léiṫe féin, agus duḃairt sé go ḃfanfaḋ sé ’nna láṫair, no go mbeiḋeaḋ sí sásta le sgiṫ agus le codlaḋ, agus go raċaḋ siad le ċéile ann sin ag iarraiḋ bíḋ, no rud éigin le n-iṫe.

An méad a duḃairt sé, ni ṡásóċaḋ sé í, agus mar ḃíonn a m-bealaċ féin ag na mnáiḃ i g- cóṁnuiḋe, ḃí a bealaċ féin aici-sean, agus ṫiomáin sí Goillís uaiṫi, ag cur impiḋe air, imṫeaċt leis féin, agus iarraiḋ rud [ 55 ]le n-íṫe. Ḃi faitċios mór air Ġoillís, aċt ni raiḃ aon ṁaiṫ i g-caint, agus b’éigin dó imṫeaċt.

Luiḋ síse sios faoi ċrann mór, agus ṫuit sí ’nna codlaḋ, agus ṫriall seisean tríd an g-coill ṁoír ḋuiḃ, ag iarraiḋ tiġe no boṫáin no áite éigin ann a ḃfuiġeaḋ sé biaḋ le n-íṫe, aċt ni ḟaca sé dadaṁ.

’R éis trí no ceiṫre uaire ann sin, nuair ḃí sé tuirseaċ, agus nuair naċ ḃfaca sé aon ċosaṁlaċt duine, no tiġe no áite- ċóṁnuiḋe, d’ḟill sé le trioblóid ṁoír ann a ċroiḋe air ais do’n áit ann ar ḟág sé a ṁáiġistreas, aċt ni raiḃ sí ann.

Fuair sé an áit, ceart go leór, agus d’aiṫniġ sé an crann mór faoi n-a raiḃ sí ’nna luiḋe, aċt ni raiḃ sí féin le feicsint ann áit air biṫ. Ġlaoḋ sé, aċt ni ḃfuair sé aon ḟreagraḋ; ġlaoḋ sé nios áirde, aċt nior ċualaiḋ sé dadaṁ aċt an macalla ameasg na g-crann mór ag taḃairt freagarṫa ḋó.

Ḃi sé réiḋ le fáġail ḃáis le brón agus le faitċios, agus ḃí an oiḋċe ag teaċt air, agus níor ḟeud sé dadaṁ ḋeunaṁ go dti an ṁaidin. Luiḋ sé féin faoi an g-crann ceudna, aċt go deiṁin buḋ ḃeag é an codlaḋ a fuair sé. B’éigin dó fanaṁaint [ 56 ]annsin air feaḋ mórán uair, agus b’ḟaide leis gaċ móimid ’ná uair, agus gaċ uair ’ná lá.

D’éiriġ an ġrian air deire agus is é ḃí luṫġáireaċ nuair ċonnairc sé an ċeud ṡolas an taoḃ ṡiar dé. D’éiriġ sé air an mball aċt ṫosaiġ sé ag cuartuġaḋ ṫimċioll an ċrainn ṁóir ag feuċaint an ḃfeicfeaḋ sé cosaṁlaċt air biṫ d’á ḃain-tiġearna. Fuair sé sliġe beag o’n g-crann, an ciairsiúr do ḃí air a múineul, agus ceann dá láṁainniḃ, aċt nior ḟeud sé aon rud eile ṫaḃairt faoi deara. Ṫosaiġ sé ag breaṫnuġaḋ go geur air an talaṁ ann sin, agus ni raiḃ sé a ḃfad ag cromaḋ sios agus ag dearcaḋ, no go ḃfaca sé lorg coise móire, coise do ḃi an-ṁór, annsan ḃfeur bog, agus ṡaoil sé go raiḃ an áit rud-beag brúiġte sios. Ċrom sé e féin sios air an talaṁ arís, agus lean sé d’á ċuartugaḋ, go ḃfuair sé lorg na coise móire sin ag teaċt o ċeart-lár na coille, suas ċum an ċrainn faoi a raiḃ an ḃean óg ’nna codlaḋ, agus ag dul air ais arís do’n áit ċeudna.

Cia b’ é diaḃal no duine a raiḃ an ċos sin aige, ar sé, ann a intinn féin, tá mé cinnte gur b’ eisean ṫug mo ṁaiġistreas leis agus leanfaiḋ mé é, cia bé áit a [ 57 ]ḃfuil sé dul. Ċrom sé sios arís agus ċuaiḋ sé ag smeuraċt air fud na g-crann, no go ḃfuair sé an lorg ag dul asteaċ annsan áit buḋ ṫiuġa, agus buḋ ḋuiḃe de’n g-coill, agus lean sé é asteaċ ameasg na gcrann árd, le trí mle no nios mó, no go dtáinig sé go móinḟeur coṫrom, gan ċrann ná sgeaċ ag fás ann, agus ḃí aḃann leaṫan uisge ag riṫ tríd an móinḟeur, agus air an taoiḃ buḋ ḟaide uaiḋ ḋe’n aḃainn, ċonnairc sé pálás mór geal, ċoṁ geal leis an aol, agus ceiṫre tuir ṁóra ag na ceiṫre coirneulaiḃ, agus geata mór árd láidir práis ann, agus ḃí tri fuinneóga ann gaċ tor aca, agus ḃí barraiḋ iarainn trasna air gaċ fuinneóig aca, agus ċualaiḋ sé gul agus caoineaḋ agus osnaḋa teaċt amaċ asta, aċt ḃí sé ro ḟada uaṫa le h-aiṫne creud do ḃí ag caoineaḋ, ar daoine no beaṫaiġ do ḃí ann.

Ni raiḃ sé dá ṁóimid ’nna ṡeasaṁ air ċiúṁas na coille, agus ag dearcaḋ anonn air an g-caisleán, nuair ċualaiḋ sé streaċailt an ġeata práis ’gá ḟosgailt, agus ṫarraing sé air ais annsa’ g-coill ameasg na g-crann arís, i rioċt naċ ḃfeicfiḋe é.

Ċonnairc sé ann sin an faṫaċ buḋ ṁó [ 58 ]agus buḋ áirde d’á ḃfaca súil duine ariaṁ ag teaċt amaċ go mall, agus ag druidim an ġeata go cúramaċ na ḋiaiġ. Ṫáinig allus fuar faitċis air eudan agus air ḋruim Ġoillís agus luiḋ sé sios go socair ciúin annsan ḃfeur, air eagla go dtiuḃraḋ an faṫaċ faoi ḋeara é. Aċt ḃí an t-áġ air, mar ni ḋeacaiḋ an faṫaċ asteaċ annsan g-coill an taoḃ do ḃí Goillís, aċt an taoḃ eile. Coṁ luaṫ agus ḃí sé imṫiġṫe as a raḋarc ṫáinig Goillís amaċ, agus ḋruid sé anonn ċum an ċaisleáin, agus nuair ṫáinig sé faoi an mballa, ċualaiḋ sé goṫa daoine ag caoineaḋ agus ag ceasaċt astiġ ann, agus ṡaoil sé gur ċualaiḋ sé guṫ a ḃain- tiġearna féin ’nna measg.

Ṡeas sé faoi an tor do b’ áirde, agus ġaḃ sé go milis, mar ḃí guṫ maiṫ aige, aḃrán beag do ṫaiṫniġ le h-inġin an Riġ, nuair ḃí sí i dteaċ an t-sagairt, mar duḃairt sí gurb’ é an port mac-saṁail puirt do ṡeinneaḋ sí féin nuair ḃíḋeaḋ sí annsa ḃFrainc. Do ġaḃ Goillís:

“Ċuir me mo ṗílíḋ ċait
Suas go Beultráiġ,”

[ 59 ]agus d’ḟreagair guṫ na mná uaisle é as

an ḃfuinneoíg amaċ.

“Agus ṁarḃ sé caora
Air ḟear annsan áit.”

Agus an móimid ’nna ḋiaiġ sin ċuir sí a ceann féin amaċ as an ḃfuinneóg agus ċogair sí go ciúin, “Ṫug an faṫaċ asteaċ ann so mé, agus nior ṫug sé dadaṁ le n-iṫe ḋam o ċuir sé ann so faoi ġlas mé,” agus ċogair Goillís air ais ċuici, “dá mbeiḋeaḋ rópa agad d’ḟeudfá teaċt anuas, tá ’n ḟuinneog leaṫan go leór,” aċt sul d’ḟeud sé aon ḟocal eile ráḋ, ġlaoḋ sí amaċ go ḃfaca sí an faṫaċ teaċt air ais ameasg na g-crann, agus gurb’éigin do Ġoillís imṫeaċt. Ṫiontaiġ sé agus riṫ sé air ais do’n ċoill, agus go díreaċ mar ḃí sé i ḃfolaċ, ṫáinig an faṫaċ amaċ air an taoib eile, agus d’ḟosgail sé an geata práis le h-eoċair ṁóir iarainn agus ċuaiḋ sé asteaċ, agus ḋruid sé an geata go cúramaċ ’na ḋiaiġ arís, agus ċuir an geata osna as agus é ’gá ḋruidim. D’ḟan Goillís tamall fada, ag fanaṁaint no go dtiucfaḋ sé amaċ arís, agus nuair nár ċorruiġ an faṫaċ, ṡaoil [ 60 ]sé dá dtiucfaḋ leis rópa ḋeunaṁ de ċairt na g-crann, go dtiucfaḋ leis an mnaoi ḃoiċt teaċt anuas le na ċonġnaṁ. An móimid a ṫáinig an smuaíneaḋ sin ann a ċeann, ṫosaiġ sé ag oibriuġaḋ, agus ċuaiḋ sí do’n ċrann do b’ḟoigse ḋó, agus ḃain sé sliosóg ḟada de’n ċairt dé, agus ḃí an ċáirt sin roiġin agus láidir. Ċas sé agus ḋúbail sé í, agus rinne sé srang ṫiuġ ḋí, agus ċroċ sé as ġeugán crainn í, agus nuair fuair sé gur iomċair sí a ṫroime féin, ḃí lúṫġáire ṁór air.

Nior sguir sé no go raiḃ teud fada garḃ deunta aige, agus ḃí sé dá ċruṫuġaḋ ag féuċaint an raiḃ sé láidir go leór le meaḋaċan inġine an Riġ d’iomċar, agus nuair ḃí sé réiḋ deunta aige d’ḟan se air bruiṫ le mi-ṡuaiṁneas no go dtáinig an oiḋċe, agus nuair ṫáinig sí coṁ luaṫ agus ḃí an ċoill agus an caisleán agus uile rud socair agus ciuin, d’ḟág sé fosgaḋ na g-crann agus ċuaiḋ sé amaċ trasna an ṁoinḟéir agús ṫar an aḃainn, no go dtáinig sé go dti an caisleán.

Ṡeas sé faoi an tor ann a ḃfaca sé an ḃean óg, agus ṫosaiġ sé ag feadaoil an ṗuirt ċeudna go socair sáiṁ, agus nior [ 61 ]ḃ’ḟada é gur ċualaiḋ sé fead beag caol eile ’gá ḟreagraḋ. Ċogair sé le guṫ ċaol ḃeag, “ṫug me rópa liom, dá ḃfeudfá a ṫarraing suas ċugad as so?” agus d’ḟreagair glór na mná óige, “ni ṫig liom.” Ḃi sé i rioċt coṁ dona agus ḃí sé ariaṁ anois, agus nior ḟeud sé ċuiṁniuġaḋ air aon tsliġe le na ċur suas ċuici.

Ṡaoil sé air deire, dá dtiucfaḋ léiṫe srang ḃeag do ḋeunaṁ dá h-eudaiġiḃ féin agus a leigint sios ċuige, agus ceann a rópa-san do ċeangailt as, go ḃfeudfaḋ sise a ṫarraing suas arís léiṫe, d’ḟiafruiġ sé go ciúin dí an ḃfeudfaḋ sí sin a ḋeunaṁ, agus duḃairt síse go ndeunfaḋ sí a diṫċioll.

Ḃain sí a gúna ḋí féin, agus strác sí i ngiotaiḃ caola é, agus ċuir sí snaiḋm orra, agus rinne sí sórt córda ḋioḃ, agus ḃí sí ’gá leigint amaċ roimpi i g-cóṁnuiḋe i g-cóṁnuiḋe no go rug Goillís air, faoi ḋeire, agus ċeangail sé a rópa láidir féin as, agus duḃairt se “tarraing leat.” Ṫarraing síse, agus nior ḃ’fada go raiḃ an rópa ann a láiṁ féin. Ḋearc sí ’nna timċioll ann sin, annsan rúma beag cúṁang ann a raiḃ sí druidte suas, le fáġail amaċ rud [ 62 ]éigin d’á g-ceangólaḋ sí an rópa. Ḃi fáinne ṁeirgeaċ iarainn daingniġṫe annsan mballa, agus buḋ leis sin ċeangail sí é. Ḃi beag-naċ dá ḟiċid troiġe le teaċt anuas aici, aċt ḃí sí misneaṁail agus eudtrom, agus ḃí an faitċios ’gá tiomaint. Ġlac sí an rópa ann a dá láiṁ agus ċroċ sí í féin as an ḃfuinneóig, agus ṫosaig sí ag sleaṁnuġaḋ sios. Ċuaiḋ sí go mall i dtosaċ, aċt nuair ḃí sí teaċt anaice leis an talaṁ ḃí a meaḋaċan féin gá tarraing, agus ni raiḃ si láidir a sáiṫ le greim daingion do ċongḃáil air an rópa agus riṫ sé coṁ luaṫ sin ṫrid a meuraiḃ go raiḃ siad gearrṫa agus gortaiġte leis, agus an croicionn bog bán bainte d’á láṁaiḃ. Ṫuit sí ’na h-uallaċ trom air an talaṁ, agus ḃí sí beag-naċ gan ṁeaṁair, aċt ṫóg Goillís suas í agus cuir sé air a ṁuin í, agus riṫ sé léiṫe, ṫar an aḃainn amaċ agus trasna an ṁoinḟéir, agus asteaċ annsa g-coill arís a’s nior sguir sé de’n riṫ sin, aċt d’iomċair sé í coṁ fada asteaċ ameasg na g-crann agus d’ḟeud sé.

Nuair ḃí sé saruiġṫe air fad, leig sé sios air ḟód glas féir í, agus leig sé a sgiṫ. [ 63 ]Ni raiḃ sí a ḃfad ag teaċt ċuici féin, agus d’innis sí a sgeul dó, mar ṫáinig faṫaċ mór nuair ḃí sí-se ’nna codlaḋ, agus mar ṫóg sé agus ċaiṫ sé ṫar a ġualainn í, ag ráḋ go ndeunfaḋ sí suipeur maiṫ ḋó, agus mar rug sé ċum a ċaisleáin í, agus mar ḋruid se suas faoi ġlas i rúma beag duḃ caol í, agus mar d’ḟág sé ann sin í, agus mar ċualaiḋ sí gol agus caoine agus ceasaċt na ndaoine eile do ḃí annsa’ g-cruaḋáil ceudna.

Buḋ mar sin do ċaiṫ siad cuid de’n oiḋċe, aċt nuair ḃí sé anaice le fáinne an laé, d’éiriġ siad, agus rinne siad deaḃaḋ agus deifir le fágḃáil na coille móire. Ḃi siad tri no ceiṫre uaire ag siúḃal agus ḃí an ġrian árd annsna speurṫaiḃ nuair ṫáinig siad amaċ aisti faoi ḋeire, agus ḃí an ḃeirt aca beag-naċ marḃ le h-eagla agus le h-obair. Ḃi siad beag-naċ fáġail ḃáis leis an ocarus, act ċonnairc siad boṫán beag i ḃfad uaṫa, agus nuair ṫáinig siad coṁ fada leis fuair siad sean-ċailleaċ astiġ ann. D’iarr siad greim aráin n-ainim Dé uirri, agus fuair siad sin. Ḃi siad ró ṫuirseaċ le siúbal nios mó, agus d’ḟiafruiġ siad de’n g-cailliġ an leigfeaḋ sí dóiḃ luiġe annsan teaċ an oiḋċe sin, agus [ 64 ]duḃairt sí go leigfeaḋ agus fáilte. Ṫáinig, air ṫeaċt an traṫnóna, inġean na sean-ċailliġe asteaċ, agus ḃí sí nios gránna agus nios duiḃe ’ná a máṫair, da mbuḋ ḟéidir. Rinne síse dá leabuiḋ tuiġe agus ċuir sí cuireaḋ air Ġoillis agus air an ógṁnaoi luiġe sios agus dul ’nna g-codlaḋ, “mar ḃí sí cinnte go raiḃ siad sáruiġṫe.” Ṫug siad buiḋeaċas dí, agus luiḋ siad sios, agus ṫuit an ḃainṗrionnsa ’na codlaḋ air an mball, aċt ni raiḃ aon spéis ag Goillís annsna cailleaċaiḃ, agus nior ċodail se néul, aċt leig sé air ’r eis seal beag, do ḃeiṫ ann a ċodlaḋ, agus ṫosaiġ sé ag srannfartaiġ.

Ċuaiḋ an ċailleaċ anonn ċuige le coinneal agus ċongḃaiġ sé os coinne a ṡuile í, aċt nior ċorruiġ sé agus ċuaiḋ sé air aġaiḋ ag srannfartuiġ, go raiḃ sí cinnte go raiḃ sé ’nna ċodlaḋ dáririḃ. Nuair ḃí sí sásta ag breaṫnuġaḋ airsean, ċuaiḋ sí anonn do’n ḃain-ṗrionnsa, agus d’aiṫniġ sí air an móimid go raiḃ síse ’nna trom-ċodlaḋ. Ċuaiḋ sí air ais ċum na teine agus ṫosaiġ sí ag caint go sáiṁ, le na h-inġin, aċt ċogair siad coṁ h-iosall sin nar tuig Goillís creud do ḃí siad ag ráḋ, aċt ḃí aṁrus agus faitċios air, naċ raiḃ aon rud maiṫ le deunaṁ [ 65 ]aca. Ċuir sé cluas ġeur air féin, agus ċualaiḋ sé air deire mar duḃairt an ṁáṫair “is air éigin ṫiucfaḋ leis ḃeiṫ annso roiṁe éiriġe an laé,” agus d’ḟreagair an inġean, “tá’n t-Iṫeadóir luaṫ.”

“Maiseaḋ, marḃfáisg orra!” ar Goillís ann a ċroiḋe féin, “cia h-é an t-Iṫeadóir, no cad é? agus cad ċuige ḃfuil sé ag teaċt annso? Míle mallacṫ orra! na sean-ċailleaċa gránna! tá faitċios orm rómpa.”

Duḃairt an ṁáṫair arís, “imṫiġ leat anois, agus fill leis ċoṁ luaṫ agus is féidir leat,” agus d’éiriġ an inġean ġránna agus ċaiṫ sí falluing uirri agus d’ḟág sí an teaċ.

Má ḃ faitċios air Ġoillís boċt roiṁe sin, buḋ seaċt mó é nuair d’ḟan sé le leaṫ-uair agus naċ ḃfaca sé í ag teaċt air a h-ais. Ḃuail sé é mar ḃuille tinntiġ gur b’ag iarraiḋ an ḟaṫaiġ ṁóir do ḃí sí, le na ṫaḃairt sios orra, agus le na marḃaḋ; agus mar smuaín sé air sin do ḃris an t-allas fuar amaċ air a ṁala agus a éudan. “Má ḟanamaoid ann so go dti an ṁaidin támaoid caillte,” ar sé, leis féin; “má tá aon t-súl air biṫ aguinn le teaċt saor caiṫfimíd an teaċ d’ḟágḃáil air an mball so.”

[ 66 ]Ṫionntaiġ sé air a leabuiḋ tuiġe cúpla uair, agus leig sé osna no ḋo; le taisbéant don ċailliġ go raiḃ sé ag dúisiuġaḋ, agus ann sin ṡuiḋ sé suas annsa’ tuiġe, agus d’éiriġ sé.

Ċuaiḋ se anonn ċum na teine go socair, ag síneaḋ a láṁ agus ag osnaeiġil aṁail a’s mar ḃeiḋeaḋ an codlaḋ air fós, agus ṡuiḋ sé air stól beag ag an teine, agus ṡuiḋ an tsean-ċailleaċ ag taoiḃ eile an teaġlaiġ. Ṫosaiġ sé ’gá ṫéiḋeaḋ féin, agus d’iarr sé cóṁráḋ do ċur air bonn eidir é féin ’s an ċailleaċ, aċt d’ḟreagair sí go gearr agus go crosta é, ċoṁ minic agus d’ḟosgail sé a ḃeul. Ṡaoil sé go mbuḋ ḋroċ-ċosaṁlaċt é sin, agus ḃí sé ag éiriġe cinnte go raiḃ droċ- rún ag muinntir an tiġe seo.

D’ḟiafruiġ sé air deire ḋi, gan a imniḋe do leigint air, cá raiḃ a h-inġean imṫiġṫe uaṫa, agus d’ḟreagair an t-sean-ḃean go geur é, “Ni ḃaineann sé ḋuit-se cia bé áit a ḃfuil sí imṫiġṫe, ní h-é sin do ġnóḋ-sa.

B’ iomarcuiḋ é sin dó. Rinne sé aon léim, agus rug sé air sgórnaiġ na cailliġe agus ṫuit sí faoi, le sgread áiḋḃeul a ḋúisiġ inġean-an-Rig “Damnaḋ siorruiḋ [ 67 ]ort a ṡean-ċailleaċ na bpisreóg,” ġlaoḋ sé, “an measann tu go dtig leat mo ṁeallaḋ-sa, innis dam an móimid so cá ḃfuil d’inġean no bainfiḋ mé do ṁuineul gránna ḋiot d’aon ḟásgaḋ.” Do sgread an ċailleaċ, agus ṫroid sí agus ṫuit sí ag strapaireaċt air an urlár, aċt ḃí a láṁ aige air a piobán agus nior sgaoil sé a ġreim, “innis dam cá ḃḟuil d’inġean, a ḃean gan ṁaiṫ gan náire,” ar sé, “no taċtfaiḋ mé ṫu.” “Naċ leigfiḋ tu ḋam laḃairt,” ar síse, air éigin, “agus inneósaiḋ mé rud air biṫ ḋuit.” Sgaoil Goillís a ġreim annsin, aċt nior ḟág sé amaċ-’s-amaċ í. “Abair leat,” ar sé, “agus muna gniḋ tu faoistin ḟior dam tá an Bás i ndán duit anoċt.” “Ċuaiḋ sí ċum an tobair le tarraing uisge le bruiṫ mine le ḃur n-aġaiḋ-se amáraċ,” ar san ċailleaċ, “agus cad é an sórt cúitiġṫe é sin air mo ċineáltas duit-se nuair ṫug me leabuiḋ, dídion, agus biaḋ ḋaoiḃ, agus is é an buiḋeaċas a fuair mé go ḃfuil mé beag-naċ taċta agad.”

“Basgaḋ ort! ṫug tu d’éiṫeaċ,” Ġlaoḋ Goillís, “dá mbuḋ ċum an tobair do ḃeiḋeaḋ sí ag imṫeaċt ġlacfaḋ sí soiṫeaċ no canna léiṫe agus ni raiḃ ann a láiṁ aċt bata [ 68 ]nuair d’ḟág sí an teaċ mar ḃí mise ag breaṫ- nuġaḋ uirri.”

“Ni raiḃ aon tsoiṫeaċ a’ teastáil,” ar an t-sean-ḃean, “ḃí an soiṫeaċ-uisge fágṫa taoḃ amuiġ ḋe’n teaċ.” “Cad ċuige naċ ḃfuil sí air ais roiṁe seó?” ar Goillís, “Mar tá an tobar tri míle ó’n áit seó agus tá ’n bóṫar olc,” ar san ċailleaċ.

Ġlaoḋ Goillís arís “ṫug tu d’éiṫeaċ, ċonnairc mé tobar agus sroṫán uisge, ceaṫ- raṁaḋ míle ó’n teaċ so nuair ḃí mé tíġeaċt.” D’ḟan an tsean-ḃean le leaṫ-ṁóimid ’nna tost, agus ann sin d’ḟreagair sí, “Ni ḟeu- dann duine air biṫ an t-uisge sin d’ól, tá sé searḃ.” ni ċreidim ṫu,” ar Goillís, “is breuga a nḋiaiġ a ċéile tá tu ag innsint.”

Ḃi inġean-an-Riġ sgannruiġṫe go mór leis an obair do ḃí dul air aġaiḋ, agus ni raiḃ ḟios aici creud do ḃí ann. Ḃí an codlaḋ ann a súil fós, agus dḟeuċ sí mar do ḃeiḋeaḋ sí boḋaruiġṫe leis an troid agus an sgreadaoil. “Cad d’éiriġ ḋuit i n-ainm Dé, a Ġoillís, O innis dam é,” ar sí, “ agus ná taċt an ḃean ḃoċt, fág í, ná bain le mnaoi laig.”

Aċt cia bé aṁrus do ḃí ag Goillís i [ 69 ]dtosaċ ni raiḃ aṁrus air biṫ aige anois naċ raiḃ an ċailleaċ ag imirt feille orra, agus d’innis sé an t-iomlán i g-cúpla focal do’n ṁnaoi óig, agus duḃairt sé go mbuḋ h-í a ċóṁairle-sean an ċailleaċ do ċeangailt le córda air eagla go leanfaḋ sí iad no go ndeunfaḋ sí doċar air biṫ ḋoiḃ, agus an teaċ d’ḟágḃáil air an móimid sin. “Is agad- sa tá an fios is fearr,” arsan ḃain-ṗrionnsa, “agus deunfaiḋ mise rud air biṫ a ḋéarfas tu liom.”

“Feicim rópa ann sin annsa’ g-clúid,” ar Goillís, “agus seaċaid dam é.” Ṡeaċaid sise an rópa ḋó. Ċeangail sé láṁa na cailliġe an taoḃ ṡiar dí air a druim, agus dḟáisg sé a cosa le ċéile, agus leag sé air a druim air an urlár í, i rioċt naċ dtiucfaḋ léiṫe corruġaḋ, agus ann sin d’ḟág siad an teaċ ’r éis a bpócaiḋ do lionaḋ leis an mbeagán aráin duiḃ do ḃí ann.

Ḃí an oiḋċe dorċa, agus ní raiḃ ḟios aca cad é an bealaċ do b’ḟeárr dóiḃ dul, aċt ḃí an oiread sin d’ḟaitċios orra gur buḋ ċuma leó sin, ḃí siad sásta an teaċ mallaiġṫe sin d’ḟágḃáil ’nn a ndiaiġ, agus rinne siad an oiread deifre agus d’ḟeud siad annsan oiḋċe, ag briseaḋ bóṫair [ 70 ]dóiḃ féin ameasg na g-crann agus na sgeaċ.

Ṫáinig an ġealaċ amaċ faoi ḋeire go geal, agus fuair siad go raiḃ siad i réiḋteaċ mór lán de ċoilltiḃ beaga crann, agus de ċrannaiḃ móra ag fás leó féin, agus ḃí an feur fada agus tiuġ ann. ni raiḃ ḟios aca cad é an rud b’ḟearr dóiḃ a ḋeunaṁ anois, ná an bóṫar b’ḟearr dóiḃ a leanaṁaint, agus mar sin rinne siad cóṁairle eatorra féin go mbeiḋeaḋ sé coṁ maiṫ dóiḃ fanaṁaint mar ḃí siad go dti an ṁaidin, agus ann sin b’éidir go dtiucfaḋ leó casán buailte, no bóṫar éigin d’ḟáġail, do ḃéarfaḋ amaċ iad go tír a raiḃ daoine ann, arís.

Duḃairt Goillís go mbuḋ ḟeárr dóiḃ dul suas i g-crann air eagla go ḃfeicfiḋe iad, no go ndeunfaḋ beiṫeaċ no aon rud eile doċar no anaċain dóiḃ dá ḃfanfaḋ siad mar do ḃí siad, agus ḃí Inġean-an-Riġ réiḋ le dul áit air biṫ buḋ ṁian leisean, mar buḋ aige-sion do ḃí an ċóṁairle do b’ḟeárr, o’n lá d’ḟág siad an baile, agus ḃí sí-se fóġlaim taoḃ ṁór do ṫaḃairt dó, agus go mór-ṁór anois, o ċuaiḋ sí coṁ fogus sin do ḃeit caillte mar ġeall air a h-amadántaċt féin, nuair nár éist sí leis, an [ 71 ]tráṫ do luiḋ sí faoi an g-crann ’nna h-aonar.

Ċuaiḋ siad suas annsan g-crann buḋ ṁó aca, a raiḃ a ġeugáin anaice leis an talaṁ, agus ċuaiḋ Goillís air dtús, agus ṫarraing sé inġean-an-riġ ’nna ḋiaiġ. Ni raiḃ siad ḃfad i ḃfolaċ ann sin, no gur ċualaiḋ siad toran mór ag teaċt, mar ḋuine éigin ag briseaḋ tríd na sgeaċaiḃ agus ag brúġaḋ na g-cipín faoi na ċois. Ṫáinig an rud nios foigse agus nios foigse, agus faoi ḋeire ċonnairc siad go soilleír gurb’ é an faṫaċ do ḃí ann, agus ḃí inġean na sean-ċailliġe ag riṫ le na ṫaoiḃ. Ċuaiḋ siad ṫart, go díreaċ faoi an g-crann ann a raiḃ an ḃeirt ’nna suiḋe, agus ċualaiḋ siad é ag ráḋ le h-inġin na cailliġe, “buḋ ċóir dúinn ḃeiṫ i n-am le breiṫ orra, ni raċa sise as mo láiṁ arís, is faide liom ’ná uair gaċ móimid no go leagfaiḋ mé mo ṁeura uirri.”

Do ċraiṫ an ḃean óg nuair ċualaiḋ sí na focla áiḋḃeula sin, agus rug sí air láiṁ Ġoillís, agus d’ḟáisg sí í, le taisbéant dó an méad buiḋeaċais do ḃí aici air son a ċóṁairle-sean an boṫán d’ḟágḃáil go tráṫaṁail. Ċuaiḋ an faṫaċ agus a ċomráid [ 72 ]air a n-aġaiḋ rómpa, agus ḃí siad gan ṁall imṫiġṫe as a raḋarc.

“’Nois,” ar Goillís, “naċ raiḃ an t-áġ orrainn dul suas annsa’ gcrann,” agus d’ḟreagair an ṁaiġdion, “is anaṁ naċ mbíonn an t-áġ air an rud a ċuireann tusa róṁad,” agus ḃí luṫġáir air Ġoillís ann sin, mar buḋ hé sin an ċeud ṁolaḋ a ṫug sí ariaṁ dó.

Ḃi siad eidir dá ċóṁairle ann sin, fanaṁaint annsan áit a raiḃ siad go dti an ṁaidin, no teaċt anuas agus riṫ leo an taoḃ do b’ḟaide ó’n taoiḃ a ċuaiḋ an faṫaċ. Ḃí an oiread faitċis orra go dtiucfaḋ sé air a ais an bealaċ ceuḋna, gur ṡaoil siad go mbuḋ ḟearr dóiḃ teaċt anuas, agus leanaṁaint d’á siúḃal. Rinne siad sin, agus nior sguir siad dá g-coisiġeaċt coṁ luaṫ agus ḃí ionnta siúḃal, no gur éiriġ an ġrian agus fuair siad iad féin air ḃruaċ na coille móire.

Cúpla míle eile agus ḃí siad amuiġ annsna maċairiḃ féir arís, agus ċonnairc siad tiġṫe, aċt nior ċreid siad go raiḃ siad go ceart saḃálta no gur ḟág siad an ċoill ṁór ḋuḃ mílte agus mílte air a g-cúl. Ṫáinig siad go teaċ-ósta faoi ḋeire, agus ċaiṫ siad an [ 73 ]lá ann sin, ag iṫe agus ag ól agus ag leigint a sgiṫe, ’réis an dainseura ann a raiḃ siad, leis na trí lá ċuaiḋ ṫart.

D’innis fear an tiġe dóiḃ go raiḃ an faṫaċ a ḃí annsa g-coill an-ṁillteaċ, agus gur ṁarḃ sé timċioll ceud duine gaċ bliaḋain, agus naċ ndeacaiḋ fear ná bean riaṁ uaiḋ d’á rug sé air go dti sin. D’ḟiafruiġ siad dé, cad é an t-ainm a ḃí air, agus duḃairt seisean gur b’ iomḋa an t-ainm a ḃí air, gur ġlaoḋ na daoine an taoḃ so de’n g-coill “an t-Iṫeadóir” air, agus gur ġlaoḋ daoine eile an “Feannadóir” air. Duḃairt sé ċor leis sin gur ċaiṫ sé a lá agus a oiḋċe ag dul ṫart annsa’ g-coill ag cuartuġad air ṫóir daoine do ṫéiḋeaḋ air seaċran, aċt go raiḃ sé faoi ġeasaiḃ gan teaċt amaċ as go bráṫ. Duḃairt sé mar an g-ceuḋna go raiḃ spiadoíriḋ aige, sean-ċailleaċ, agus a h-inġean do ḃí ’nna g-cóṁnuiḋe i mboṫán beag air ḃruaċ na coille, agus gur ṁeall siadsan an méad do ṫiucfaḋ anaice leó, go g-cuirfeaḋ siad fios air an ḃfaṫaċ agus go dtiucfaḋ sé agus go marḃfaḋ sé na daoine boċta do ġlacfaḋ lóistín annsa’ mboṫán sin. Nuair [ 74 ]ċualaiḋ an inġean óg sin nior ḟeud sí gan ċraṫaḋ arís air gcuimniuġaḋ ḋí coṁ fogus do’n ḃás agus ḃí sise, agus ḋearc sí go carṫanaċ agus go buiḋeaċ air Ġoillís do ṡáḃáil í.

Nior ḟeud sí dul nios faide le tamall beag, agus ċaiṫ siad trí lá annsa’ d-teaċ- ósta sin, go croiḋeaṁail compórtaṁail, aċt ḃí a g-cuid airgid ag eíriġe gann agus ḃí faitċios orra fanaṁaint coṁ fada agus buḋ ṁian leis an ṁnaoi oíg. B’eígin dóiḃ siuḃal arís agus d’ḟág siad an ball sin le croiḋe buaiḋriġṫe brónaċ, aċt ní raiḃ aon neart ná áraċ aca air.

Ṡiuḃal siad sé no seaċt de laéiṫiḃ ’r eís a ċeíle gan sgíṫ gan stad, agus ṡaoil siad go raiḃ siad ag tarraing anaice leis an ḃFrainc. Ḃí an tír ann a dtáinig siad anois fiaḋain agus cnocaċ. ni raiḃ aon rud eile le feicsint aca aċt cloċa móra, carraige, agus creaga árda, le loċaiḃ uisge ḋuiḃ ó áit go h-áit ’nn a measg, agus ḃí an bóṫar an-ċúṁang agus caol, agus é ag dul suas air uairiḃ air ḃárr sléiḃe, agus ḃiḋeaḋ gleann mór doiṁin le na ṫaoiḃ agus an bóṫar gearrṫa as an g-carraig ḋuiḃ, agus dá dtuitfeaḋ duine, (rud buḋ [ 75 ]cosṁuil go leór muna mbeiḋeaḋ sé air a ċoiṁeud,) ġeaḃfaḋ sé leagaḋ míle troiġ sios go m-brúiġfiḋe i ngiotaiḃ é air na cloċaiḃ geura garḃa do ḃí annsan ngleann.

Ni gan eagla do ṡiúḃail an ḃean óg ṫar na bóṫaraiḃ dainséuraċa so, agus ḃí faitċios uirri dearcaḋ sios air an doiṁneaċt do ḃí fúiṫi, aċt do ṫug Goillís a láṁ dí, agus ṫug sé croiḋe agus meisneaċ dí.

Ni raiḃ mórán tiġṫeaḋ le feicsint annsna h-áiteaċaiḃ seó, agus ní raiḃ aon dúil ná spéis ag Goillís ná ag an mbain-ṗrionnsa, annsna daoiniḃ do ḃí ’nna g-cóṁnuiḋe ionnta, agus uile aít a ġlac siad lóistín, no uile ṫeaċ ann a ndeacaiḋ siad asteaċ ċualaiḋ siad sgeulta áiḋbeula air roḃáiliḋiḃ agus air ġaduiġiḃ do rinne an ḟuil do ḃí i g-cuisleannaiḃ na mná oíge fuar le faitċios. Buḋ ṁinic duḃairt sí le Goillís go mbuḋ ḟeárr léiṫe na leaṫ a rioġaċta ḃeiṫ slán sáḃálta as an dtír ġránna sin, agus go deiṁin ḃí an ḃaraṁuil ċeudna ag Goillís. Rinne siad a ndiṫċioll le teaċt saor, mar nior ṡiuḃail siad ariaṁ aċt do lá, agus ṫug siad aire ṁaiṫ naċ mbeiḋeaḋ siad air an mbóṫar ’r eís luiġe na greíne, agus nior ġlac siad loístín i dteaċ air biṫ nár ċualaiḋ siad [ 76 ]tuaraisg ṁaiṫ air ó na daoiniḃ. Mar sin ċuaiḋ siad air a n-aġaiḋ go cúramaċ, agus ṡaoil siad naċ mḃainfeaḋ doċar air biṫ ḋóiḃ go dtiucfaḋ siad go tír buḋ nádúrḋa, aċt ḃí siad meallta ann aindeoin a n-aire agus a g-cúraim.

Ḃi siad ag dul air an mbóṫar cuṁang aon lá aṁáin agus ḃí an ait nios fiaḋaine, ’ná ariaṁ, eidir ḋá ṡliaḃ, agus duḃairt uile ḋuine air a ċuir siad ceist o ṁaidin naċ raiḃ aca aċt aistear laé le siúḃal go mḃeiḋeaḋ siad amuiġ arís annsan réiḋteaċ, agus naċ raiḃ aċt sliġe ḃeag le dul annsin, no go mbeiḋeaḋ siad annsa’ ḃFrainc, agus ḃí siad ag deunaṁ lúṫġaíre le ċéile, ag ráḋ naċ fada anois go mbeiḋeaḋ an turas trioblóideaċ sin crioċnuiġṫe aca faoi ḋeire. Ḃí siad mar sin go greannaṁail gan ḃron ná ceó orra, agus ḃí an meaḋon-laé go díreaċ ann, nuair ċonnairc siad duine boċt crom ag teaċt ċuca, agus mála air a ḋruim. Ċuir siad ceist air-sean mar ḃí siad ’gá cur air uile ḋuine eile do ċasfaiḋe orra, “cá ḟad ḃí sé go mbeiḋeaḋ siad annsa’ ḃFrainc,” agus leig seisean air go raiḃ iongantas air, nuair ċualaiḋ sé go raiḃ siad ag triall ċum na Fraince. “Ni ċum na [ 77 ]Fraince atá siḃ ag dul air an mbóṫar so,” ar sé, “béarfaiḋ an bóṫar so go h-oileán na ḃfaṫaċ siḃ, agus is olc an áit do ḋuine air biṫ, í sin, muna ḃfuil duine muinntireaċ aige ’nna measg.” Ḃi sgannrad orra nuair ċualaiḋ siad sin, agus duḃairt siad leis gur ċualaiḋ siad óna daoiniḃ dár ḟiafruiġ siad an t-eólas gurb’ é sin an bealaċ buḋ ḟoigse. “Cá ḟad ó d’ḟiaḟruig siḃ sin d’aon ḋuine?” ar fear na déirce. “Faoi ṫuairm dá uair o ṡoin,” ar Goillís. “O! is furas ṫuigsint go ndeacuiġ siḃ air seaċrán, mar sin,” ar san sean-fear, “ḃí siḃ annsa’ mbóṫar díreaċ air maidin, aċt nior ṫug sib faoi deara an aít ann a mbuailtear an bóṫar ċum na Fraince air an mbóṫar eile seó, a ḃéarfaḋ go tír-na-ḃfaṫaċ siḃ; má iompaiġiḋ siḃ liom-sa anois, cuirfid mé air an g-cosán ceart siḃ, mar tá mé feín dul ċum na Fraince, agus ní’l aċt aistear leaṫuaire air ais arís go mbéiḋ siḃ air an mbóṫar sin.” Ċreid siad-san é, agus ṫionntaiġ siad air ais arís leis, agus ’réis siúḃail air feaḋ leaṫ-uaire no mar sin, ṫáinig siad go deiṁin go h-áit ann a raiḃ cosán, no boíṫ- sín beag ag teaċt amaċ as an mbóṫar mór, agus as dul asteaċ ameasg na g-cnoc. [ 78 ]Ṡeas Goillís suas, agus duḃairt sé, “ní ḟeuċann sin cosṁúil leis an mbóṫar do ḃeiḋeaḋ dul ċum na Fraince, tá sé róḃeag agus róċúṁang, agus ní’l aon ċosaṁlaċt siúḃail air. Rinne an seanduine gáire, “O!” ar seisean, “dá ḃfeicfeá an boíṫrín seó dá ḟiċid bliaḋain o ṡoin nuair ḃí mise am’ ógánaċ ḋeurfá naċ raiḃ ann aċt cosán coiníniḋ, aċt rinne siad suas go deíġionaċ é. Is doiliġ bóṫar maiṫ do ḋeunaṁ annsan tír seo, agus ni ḃeiḋeaḋ an bóṫar air a raiḃ tusa ag imṫeaċt anois, leaṫ coṁ maiṫ no leaṫ coṁ leaṫan a’s tá sé, aċt go ndearna na Faṫaig, iad feín, é. Tá an iomarcuiḋ carraig ann seó le deunaṁ boṫair ċeirt, aċt míle ó’n áit seó béiḋ fé ag leaṫnuġaḋ arís, agus béid sé ’nna ḃóṫar breáġ sul tá siḃ cúig míle imṫiġṫe.”

“Ni’l ḟios agam,” ar Goillís, “tá aṁras agam; measaim gur fearr é fanaṁaint go ḃfeicfimíd duine eígin eile, tá ’n lá óg fós, agus má ḟanmaoid ní féidir naċ dtiucfaiḋ duine éigin an bealaċ.”

“Cad é an t-aṁras atá agad?” ar an óig- ḃean, “cad é an fáṫ do ḃeiḋeaḋ ag an t-seanduine seó breug d’innsint duit? naċ [ 79 ]dtig linn dul air aġaiḋ le leiṫ-ṁíle go ḃfeicfimíd ḃfuil an bóṫar ag leaṫnuġaḋ mar deir sé, agus muna ḃfuil, tig linn teact air ais.”

“Deunfamaoid sin,” ar Goillís, “aċt go deiṁin tá aṁras agam i g-cómnuiḋe, agus do ḃ’ ḟearr liom fanaṁaint.” Ċuaiḋ siad air aġaid le ceaṫraṁaḋ míle, agus ní raiḃ an bóiṫrín ag eiriġe nios leiṫne, agus ní raiḃ Goillís suaiṁneaċ ann a ċroiḋe feín. Ḃí an seanḟear ag siuḃal cúig no sé slata amaċ rompa, nuair leig sé fead geur go h-obann, agus hui! leím deiċ ḃfear, no ḋá ḟear deug, amaċ o ċúl na mballa air an dá ṫaoiḃ dé’n ḃóṫar, agus sul d’ḟeud Goillís a sgian a ṫarraing no buille a ḃualaḋ, leagaḋ sios, agus ceanglaḋ go cruaiḋ caol le córdaiḃ é. Ċeangail siad láṁa na mná oíge air a druim, ċor leis, agus ann sin rug beirt aca air láṁaiḃ Ġoillís agus beirt eile air a ċosaiḃ agus d’iomċair siad leó é, agus b’éigín do’n ṁnaoi óig a leanaṁaint. Ḃris sí amaċ ag caoineaḋ agus ag malluġaḋ a hamadántaċta feín, nár ḟan sí air an m-bóṫar mór mar ċóṁairliġ Goillís dí, aċt ni raiḃ aon ṁaiṫ ḋí ann; ṫiomáin siad air aġaiḋ í, agus b’éigin dí siúbal. [ 80 ]D’ḟág siad an bóiṫrín agus ċuaiḋ siad trasna na bpáirc, i lár cloċ agus carraig agus tom, go dtáinig siad faoi ḋeire go gleann doiṁin duḃ, agus ag ceann an ġleanna sin ḃí sliaḃ árd ag eíriġe suas, agus ḃí taoḃ an t-sléiḃe ’nna aon ċarraig aṁáin, agus d’éiriġ sé coṁ díreaċ beag-naċ, le balla tiġe, agus ḃí sgoilt beag no poll, ann a ṫaoiḃ, coṁ mór sin gó leigfeaḋ sé caora asteaċ ’s amaċ go réiḋ, no fear dá raċaḋ se sios air a ḋá láiṁ, agus buḋ annsa’ bpoll sin do ṡáiṫ siad Goillís boċt rómpa, agus ċuaiḋ siad féin ag smeurṫaċt ’nna ḋiaiġ, agus b’ eígin d’ inġín an Riġ an rud ceudna do ḋeunaṁ.

Ċuaiḋ siad mar sin le cúig no sé de slataiḃ, agus ḃí an poll ag leaṫnuġaḋ i g-cóṁnuiḋe, no go raib sé coṁ h-árd sin faoi ḋeire go dtiucfaḋ leó seasaṁ suas. Ṫáinig siad ann sin go geata iarainn annsan mballa, agus nior ḟeud siad dul nios faide. Ċuir an Caiptín a láṁ ann a ṗóca agus do ṫarraing sé eoċair ṁór ṫrom amaċ, agus d’ḟosgail sé an doras léiṫe, agus gaċ sgread a leig an doras iarainn ’gá ḟosgailt ṫuit sé air ċroiḋe Ġoillís mar ṫonna cloċ. Ċuaiḋ siad uile asteaċ agus ṫarraing siad [ 81 ]Goillís agus an ḃean óg asteaċ leó agus sgaoil siad iad.

Ṡeas Goillís air a ċosaiḃ arís, agus ḋearc sé ’nna ṫimcioll, agus buḋ léar do air an mball gur ann ait-cómnuiḋe robáiliḋe do Bḃí sé. Ṫug sé faoi deara ór agus airgiod, síoda agus sról, plátaiḋ luaċṁara, cloċa uaisle, agus mórán ruda breáġa eile cruinniġṫe le ċéile no caiṫte air air an urlár agus ḃí ḟios aige go raiḃ siad uile goidte leis na robáiliḃ.

Nuair ċonnairc an Caiptín é ag dearcaḋ ’nna ṫimcioll, ḃuail sé dorn air agus duḃairt sé “An measaiḋ tu naċ go macánta ṫáinig na ruda sin ann so? Má ċreidiḋ tu sin ni’l tu ceart. Ċruinniġ mé féin agus mo ċomráidiḋ iad, agus troiġ as an uaiġ seó ni raċaiḋ tusa ná an ḃean so tá leat go n-iocfaiḋ tu míle púnta sios dam. Má gníḋ tu sin sgaoilfiḋ mé ṫusa, aċt dar mo láiṁ measaim go ndeunfaiḋ me bean dam féin ded’ ṁnaoi-se.”

Ḃí sé ag caint fós nuair ṫáinig duine ag ríṫ, agus ġlaoḋ sé air an g-caiptín. Ċuaiḋ an caiptín anonn ċuige, agus ċogair an fear rud éigin ann a ċluais. Leig an caip- tín fead, agus ċruinniġ sé a ḟir ’nna ṫim[ 82 ]ċioll agus ḃí sé dul amaċ as an uaiġ, nuair ṫionntaiġ sé go h-obann, agus duḃairt sé, “ḃí mé deunaṁ dearmaid, caiṫfimíd an ḃeirt seó ċeangailt go maiṫ i dtosaċ, air eagla go n-imṫeóċaḋ siad,” agus air an móimid leag siad Goillís arís agus ċean- gail siad a láṁa agus a ċosa go dlúṫ le ċéile, agus rinne siad an rud ceudna leis an óg-ṁnaoi. D’ḟág siad an uaiġ ann sin. D’ḟan Goillís agus inġean an riġ ’nna luiḋe air an talaṁ, ceangailte go caol cruaiḋ agus níor ḟeud siad corruġaḋ. Ṫosaiġ síse ag gol, agus do rinne seisean a ḋíṫċioll le na brostuġaḋ suas agus le meis- neaċ do ċur innti, aċt ni raiḃ aon ṁait ḋó ann, agus lean sí dá claṁsán.

Rinne sé a ḋíṫcioll feín le seasaṁ suas agus faoi ḋeire rinne sé sin le conġnaṁ na h-óg-mná, aċt nior ḟeud sise seasaṁ air aon ċor.

Ċuir sé a ḋruim i n-aiġaiḋ an ḃalla, agus ṫoisiġ sé ag smuaíneaḋ creud do buḋ ċóir do ḋeunaṁ annsan g-cruaḋ-ċás ann a raiḃ sé. ni raiḃ sé a ḃfad air an g-cuma sin no gur ċualaiḋ sé toran taoḃ leis, mar do ḃeiḋeaḋ rud éigin ag sgríopaḋ. Ḋearc sé ’nna ṫimċioll, agus ṫug sé faoi deara [ 83 ]péire luċóig ṁóir do ḃí ag deunaṁ a n-díṫ- ċill lé dul coṁ fada le pláta ime do ḃí leagṫa air ċlár-cloice annsan mballa, agus ḃí siad ag strapaireaċt suas agus ag tui- tim air ais arís, mar do ḃí an balla ro ḋíreaċ agus roṡleaṁain. “Creud air a ḃfuil tu dearcaḋ?” ar san óig-ḃean. “Dear- ċad air ḋá luċóig,” ar seisean. “Creud a ḃfuil siad ag deunaṁ?” ar sí. “Ag iar- raiḋ teaċt ċoṁ fada leis an im sin, tá air an g-clár cloiċe annsan mballa,” ar sé. “Tionntaiġ mo ċeann,” ar sise, “go ḃfeic- fiḋ mé iad, ni ṫig liom féin corruġaḋ.” Ċuir sé sios a ḋá láim do ḃí ceangailte le ċéile agus ċorruiġ sé a ceann leo, gur ṫionntaiġ sé í coṁ maiṫ agus d’ḟeud sé, agus ċonnairc sí na luċóga ag obair.

“Tá nios mó ’ná dó ann,” ar sí, ta mó- rán aca air an úrlar agus tá siad fan- aṁaint go ḃfeicfiḋ siad cad é an ċaoi éireó- ċaiḋ an obair leis an dá ċeann sin tá ag strapaireaċt suas. Ḃfuil ḟios agad an niḋ a ṫáinig ann mo ċeann anois nuair duḃairt tu liom go raiḃ na luċóga ann, ag iarraiḋ an ime.

“Ni’l ḟios,” ar Goillís.

“Ṡaoil me,” ar sí, “dá gcuirfeá im air [ 84 ]an g-córda atá ag ceangailt do ḋá láiṁ, agus iad do ṡíneaḋ amaċ go socair, go dtiucfaḋ na luċóga agus go mbeiḋeaḋ siad ag cogaint an ċórda agus ag iṫ an ime no go ngearrfaḋ siad an tsrang faoi ḋeire. An dtig leat an t-im ċuimilt leis an g-córda?”

“Feucfaiḋ mé,” ar Goillis, agus ċuaiḋ sé ag strapaireaċt anonn do’n im coṁ maiṫ agus d’ḟeud sé, agus ċuir sé a ḋá láim suas, agus ċumuil sé an córda leis an im no go raiḃ sé bealuiġṫe go maiṫ leis; agus ann sin ċrom sé sios agus ṡín sé a ḋá láiṁ amaċ uaiḋ air an urlár agus d’ḟan sé go socair gan oiread agus cor do ċur as.

Ni fada d’ḟan sé ann, go ḃfuair na luċóga bolaḋ an ime, agus ṫáinig siad o gaċ coir- neul agus clúid le feicsint cá ’r b’ as do ḃí an bolaḋ ag teaċt. Ċuaiḋ siad suas ċuige go mall agus iad sgannruiġṫe i dtosaċ, aċt nuair fuair siad naċ raiḃ sé ag cur cor as féin d’éiriġ siad dána agus ṡeas ceann aca air a láiṁ agus ṫosaiġ se ag liġe an ime. Nuair ċonnairc na cinn eile sin, ṫái- nig siadsan suas le ċéile agus ṫoisiġ siad ag liġe agus ag iṫ agus ag cogaint go raiḃ croicionn a láṁ strácṫa leó, mar ḃí an [ 85 ]t-im air a ċroicionn coṁ maiṫ agus air an t-srang. Nuair ḃí an t-im uile iṫte o’n g-córda d’ éiriġ sé agus rinne sé an rud ceudna as an nuaḋ, agus buḋ ann sin do ḃí an obair agus an cuiṁlint ameasg na luċóg, nuair ṡín sé amaċ a láṁa an dara uair. Riṫ siad agus ṫroid siad agus ṫuit siad air a ċéile ag iarraiḋ an t-im d’ḟáġail. Reub siad an córda agus reub siad a láṁa leis, aċt do ḃí an oiread sin de’n ċorda iṫte aca faoi ḋeire go ndearna sé iarraċt láidir le na ḃriseaḋ, agus ḃris sé é. Ċuir sé gáir lúṫġáire as, agus nuair fuair sé a ḋá láiṁ saor, ċrom sé agus sgaoil sé a ċosa, agus ċuaiḋ sé anonn do’n óg-ṁnaoi, agus rinne sé an rud ceudna léiṫe.

Ṡeas siad suas le ċéile, agus léim siad leis an méad lúṫġáire do ḃí orra. Ḋearc siad ’nna dtimcioll air an uaiġ, agus fuair siad go raiḃ sí deunta annsan g-carraig ċruaiḋ agus go raiḃ an áit ’nna áit-taisge le congḃáil an t-saiḋḃris do ġeaḃfaḋ na robáiliḋ ó am go h-am. ni raiḃ aon rud breáġ ná saiḋḃir dá ḃfacaiḋ súil duine ariaṁ naċ raiḃ sé cruinniġṫe ann sin, ag fanaṁaint no go ḃfuiġeaḋ na robáiliḋe faill le na ndiol. [ 86 ]Bhi an ḃeirt ag gaḃail ṫart ṫimċioll, agus ag dearcaḋ air uile rud do ḃí le feicsint, nuair ċualaiḋ siad coiscéim duine, agus guṫ ḟir ag feadaoil ag teaċt anaice leó. “Caiṫ ṫu féin sios air ċúl an rolla ṁóir sioda sin,” ar Goillís, “agus b’éidir naċ ḃfeicfear ṫu.”

Luiḋ siad sios le ċéile air ċúl an t-sioda, i rioċt go raiḃ siad foluiġṫe go maiṫ, agus d’ḟan siad le feicsint créud do ṫárlóċaḋ leó. Nior ḟan siad a ḃfad nuair d’ḟosgail fear mór láidir an doras iarainn le h-eoċair, agus ṫáinig sé asteaċ. Chuaiḋ sé anonn go báirille do ḃí san g-cuaine, agus ṫarraing sé deoċ dó féin as. Ḃí am ag Goillís le breaṫnuġaḋ air, nuair ḃí sé ag ól na diġe, agus ċonnairc sé, naċ raiḃ an fear ameasg na ndaoine eile nuair leag siad agus nuair ċeangail siad é.

Chonnairc sé naċ raiḃ aon tsliġe eile aige aċt a leagaḋ sios agus an eoċair do ḃaint dé, agus ḋearc sé ’nna ṫimċioll ag iarraiḋ airm éigin, aċt ní ḃfuair sé aon rud aċt barra láidir airgid do ḃí curṫa i dtaisge ameasg móráin rud luaċṁar eile. Thóg sé sin ’nna láiṁ agus ċuaiḋ sé go socair sáiṁ anonn do’n ḟear do ḃí ag ól, agus a [ 87 ]ċeann cromṫa air an diġ; agus ṫug se buille ḋó do sgoiltfeaḋ ceann tairḃ. Ṫuit an robáiliḋe cosṁúil le duine marḃ, gan ḟocal gan osna, agus léim Goillís air, agus ġlac sé an eoċair do ḃí ann a ṗóca agus ċuir sé ’nna ṗóca féin é.

“Tarr leat, tarr leat, deun deifir,” ar sé le hingin an riġ, “agus fágfamaoid an áit seó.

“Nár ċoír duit,” ar síse, “do ṗóca do lionaḋ leis an ór sin i dtosac.”

“Ni ’l aon am againn,” ar sé, “aċt béarfamaoid beugán dé linn.” Líon sé a ṗócaiḋ le h-ór agus le cloċaiḃ uaisle, agus líon an óigḃean a h-áprúin agus d’ imṫiġ siad amaċ le ċéile agus ċuir seisean glas air an doras mar ḃí sé, agus riṫ siad leó coṁ luaṫ agus d’ḟeud siad. Ḃí an oiḋċe ag tuitim ’san am só, agus ḃí na speurṫa ag dorċuġaḋ agus ní raiḃ ḟios aca cad é an bealaċ buḋ ċóir dóiḃ imṫeaċt, aċt buḋ ċoma leó sin dá ḃfeudfaḋ siad an uaiġ áiḋḃeul sin d’ḟágḃáil ’nna ndiaiġ.

Riṫ siad agus riṫ siad go raiḃ siad sáruiġṫe, agus ’r éis do ḃeiṫ ag siúḃal le trí no ceiṫre uaire ċualaiḋ siad goṫanna ndaoine agus do luiḋ siad sios annsan [ 88 ]ḃfeur, air eagla go ḃfeicfiḋe iad. ni raiḃ aon tsolas ann, aċt an méad do ḃí ag na reultaiḃ, aċt ċonnairc siad sgáile seaċt ḃfear ag gaḃail trasna na maċaire, agus d’aiṫniġ siad glór an ċaiptín go maiṫ agus ḃí sé ag ráḋ, “béiḋ siad socair nuair ṫiucfamaoid a ḃaile agus muna ḃfuilid béarfamaoid an bata ḋóiḃ; damnuġaḋ uaim! aċt deunfaiḋ me bean dam féin, de’n ċailín.” Ṫáinig criṫ air an óg-ṁnaoi nuair ċualaiḋ siad an biṫeaṁnaċ ag laḃairt, agus b’éigin do Ġoillís a láṁ a ċur air a beul air eagla go leigfeaḋ sí sgread no glór aisti. D’ḟan siad ’nna luiḋe san ḃfeur go raiḃ na fir sin uile imṫiġṫe ṫart, agus ann sin d’éiriġ siad, agus duḃairt Goillís. “Tá siad-san dul aḃaile do’n uaiġ, agus má ṫéiḋmíd air ár n-aġaiḋ ann- san mbóṫar as a dtáinig siad-san, béiḋmid ag fágḃáil na h-áite gránna so ’nn ar ndiaiġ.” Duḃairt an ḃean óg gur b’ḟíor dó é, agus ċuaiḋ siad air a n-aġaiḋ ’sa’ mbóṫar sin agus lean siad d’á siúḃal, air feaḋ na h-oiḋċe, agus nuair d’éiriġ an ṁaidin duḃairt Goillís go raiḃ siad cúig míle deug no fiċe míle ó’n áit ’nna raiḃ na robailiḋe. [ 89 ]Nuair d’éiriġ an ġrian, ḋearc siad ’nna dtimċioll agus fuair siad go raiḃ siad i dtír ḃreáġ a raiḃ a lán tiġṫeaḋ agus daoine agus eallaċ agus crainn innti, agus buḋ ṁaiṫ leó sin d’ḟeicsint. Ḃí deataċ ag tosúġaḋ do ṫeaċt amaċ as na tiġṫiḃ agus ḃí na daoine ag tosugaḋ air a n-obair.

Ċuir siad ceist air an g-ceud ḟear do casaḋ orra, agus d’ḟiafruiġ siad dé an raiḃ se a ḃfad go dtí an Ḟrainc, agus cad é an bealaċ buḋ ċoír dóiḃ dul le teaċt ann. Rinne an fear gáire, agus nior ḟrea- gair sé iad.

Ċuaiḋ siad air aġaiḋ arís agus casaḋ fear eile orra, agus d’ḟiafruiġ siad an rud ceudna ḋé-sean. “Cá ḃfuil siḃ ag dul,” ar sé, “Dul go dti an Ḟrainc,” ar Goillís, agus cá ḃfuil siḃ anois ar san fear, “ni’l ḟios agam,” ar Goillís. “Naċ ḃfuil ḟios agad go ḃfuil tu annsan ḃFrainc anois?” ar san fear. “Sin sgeul maiṫ,” ar Goillís, “ní raiḃ ḟios agam sin,” agus ċaiṫ sé a ḃirreud ’san aér suas, le luṫġáire agus le sásuġaḋ-inntinne. “Ní fada anois le con- gnaṁ Dé go mbéiḋ tu air ais ann do ṗálás aris,” ar sé, aċt ni luaiṫe a duḃairt sé [ 90 ]sin ’ná ṫáinig brón air, oir ṡaoil sé leis féin, “coṁ luaṫ agus geaḃfaiḋ sí í féin ameasg na n-uaċtarán agus na ndaoine mór deunfaiḋ sí dearmad orm-sa, agus ni ċuiṁneóċaiḋ sí aon rud d’á ndearna mise ḋ.”

Ċuir siad a dtuaraisg ann sin, le fáġail cad é an tsliġe a ḃéarfaḋ go palás riġ na Fraince iad, agus fuair siad naċ raiḃ a ḃfad le dul aca.

Ḃi airgiod go leór aca anois, mar líon siad a bpócaiḋ sul d’ḟág siad uaiġ na robáiliḋe, agus ċeannuiġ Goillís dá ċapall maiṫ ḋó féin ’s do’n ċailín, agus ann sin ní raiḃ siad fada ag fágḃáil an ḃóṫair ’nna ndiaiġ, agus ní raiḃ stop no stad aca go dtáinig siad i g-ceann seaċtṁuine eile go dtí na cáṫraċ ann a raiḃ an Pálás Rioġail, agus ċualaiḋ siad go raiḃ an ríġ agus an ḃainriogain ann.

Aċt coṁ luaṫ agus fuair an ḃean óg go raiḃ sí ag geata an Ḃaile-ṁóir, agus naċ raiḃ le deunaṁ aici aċt siúḃal asteaċ, ṫosaig sí a ḃeiṫ go ró ṁio-ṡuaiṁneaċ agus ḃí sí eidir ḋá ċóṁairle, gan ḟios aici creud do buḋ ċóir dí a ḋeunaṁ mar ḃí faitċios uirri go bpósfaḋ a h-aṫair í leis an ḃfear [ 91 ]buḋ ġráin léiṫe, agus go mbuḋ éigin dí ċur suas do Ġoillís, rud naċ ndeunfaḋ sí dá ḃfuiġeaḋ si saiḋḃreas agus ór an doṁain, mar ḃí sí taḃairt gráḋ do Ġoillís anois coṁ mór agus ḃí Goillís ag taḃairt gráḋ ḋíí-se. Air an áḋḃar sin ṡeas sí ag geata an Ḃaile-ṁoír agus ġlac sí cóṁairle le Goillís creud do buḋ ċóir dí a ḋeunaṁ, agus buḋ h-é sin an ċeud uair a ṫug Goillís faoi deara go ceart go raiḃ fior-speís ag an óg-ṁnaoi ann féin.

“Má ġlacfaiḋ tu mo ċóṁairle a inġin- an-ríġ,” ar sé, “raċamaoid go teaċ éigin agus sgrioḃfaiḋ tu litir ċum an ríġ as an teaċ sin, agus déarfaiḋ tu leis go ḃfuil tu saor arís, aċt go dtug tu do ṁionna naċ ḃfillfeá go bráṫ, no go mbeiḋeaḋ briaṫar an ríġ agad naċ g-cuirfeaḋ sé d’ḟiaċaiḃ ort an fear sin ṗósaḋ, naċ maiṫ leat féin; agus taḃair an litir sin daṁ-sa agus béarfaiḋ mise do ’n ríġ í, agus creid mé go ndeunfaiḋ sé an rud atá tu ’g iarraiḋ, agus go mbéiḋ do ṫoġaḋ féin agad feasta.”

Buḋ ṁaiṫ an t-sliġe í sin, agus ġlac sí an ċóṁairle sin, agus sgrioḃ sí litir ċum an ríġ, ag innsint dó go raiḃ sí saor arís, ’reís beag-naċ dá ḃliadain dó ċaṫaḋ i dtír ċoi[ 92 ]ṁiġṫiġ, agus ag innsint dó, go follusaċ, go raiḃ faitċíos uirri filleaḋ d’á ṗálás, ais eagla go g-cuirfeaḋ sé d’ḟiaċaiḃ uirri fear nár ṁaiṫ léiṫe féin a pósaḋ, agus má gníḋ tu sin, ar síse, annsan litir, tuitfiḋ mé arís faoi ċúṁaċt na Síḋeóg a rug leó roiṁe seó mé, agus ní ḟeicfiḋ tu mé a ċoiḋċe no go ḃfáġ’ mé do ṁóid agus do ṁionna go leigfiḋ tu ḋam ḋeunaṁ mar is mian liom féin. Má tá tu sásta sin a ḋeunaṁ, tig leat freagairt a ċur ċugam leis an teaċtaire ceudna a ḃéarfas an litir seó ḋuit-se.

Ṫug sí an litir do Ġollís agus duḃairt sí leis dul do’n ṗálás agus a taḃairt don ríġ fein, agus dá g-cuirfead an riġ ceist air biṫ air, ḃí sé le leigint air go raiḃ sé balḃ. Nuair a ḃéarfaḋ an ríġ an frea- gairt dó, ḃí sé le ḃeiṫ air a ċoiṁeud naċ leanfaḋ duine air biṫ é, air eagla go g-cuirfeaḋ an ríġ spídeóiriḋe air a lorg a ġeaḃfaḋ amaċ an áit ann a raiḃ an ḃain- ṗrionsa.

Ġeall Goillís dí go ndeunfaḋ sé sin, agus rinne. Ṫáinig sé go teaċ mór an ríġ, agus d’ḟan sé anaice leis an doras mór air feaḋ leiṫ an laé, no go ḃfacaiḋ sé an riġ agus [ 93 ]a ċúirt ag teaċt amaċ. Nuair ċonnairc sé sin, léim sé tríd an ngárda a ḃí timċioll an ríġ, ċuaiḋ sé sios air a ḋá ġlún, agus ċuir sé an litir ann a láiṁ féin.

D’ḟosgail an ríġ an litir le deifir agus leíġ sé í, agus ṫáinig ionġantas air i rioċt gur air éigin d’ḟeud se seasaṁ, agus ṫionn- taiġ sé go Goillís.

“Cia ṫu féin a Ġiolla,” ar sé, “agus cá ḃfuil m’inġean?”

Leig Ġoillís a ḋá ṁeur air a ḃeul le taisbéant do’n ríġ naċ raiḃ ann laḃairt; agus leig sé osna trom, agus ḃí a ḋá ṡúil greamṫa i n-eudann an ríg.

“Ḃḟuil tu ḃalḃ?” ar san ríġ leis.

Rinne Goillís coṁarṫa le h-innsint dó gur b’ aṁlaiḋ ḃí sé.

Ṫug an riġ litir do Ġoillís ann sin le taḃairt d’á inġin. “Taḃair í sin leat go cúramaċ do’n ṁnaoi a ṫug an ċéid-litir duit-se,” ar sé, “agus na ḃí mall leis.”

D’imṫiġ Goillís, agus ní siúḃal aċt riṫ agus ni riṫ aċt léim a ḃí aige, agus é ag im- ṫeaċt mar an ngaoiṫ; no go dtáinig se ċum na h-inġíne, agus ṫug an litir dí.

Duḃairt an riġ annsan litir sin naċ n-iarrfaḋ sé coṁ ḟad agus ḃeiḋeaḋ sé beó [ 94 ]a inġean a ṗósaḋ le fear nár ṁaiṫ léiṫe féin” agus go raiḃ an oiread sin de luṫ- gáire air, í a ḃeiṫ air ais leis, go dtiúḃraḋ sé a toġa ’s a roġa féin dí ameasg fear an doṁain, dá mbuḋ h-é fear glanta na sgeanna féin do buḋ ṁian léiṫe, aċt aṁáin deifir a ḋeunaṁ go ḃfuigeaḋ sé féin agus a mátair ann a raḋarc aris í. Ṫaisbéan sí an litir do Ġoillís agus ann sin ċuaiḋ sí léiṫe féin ċum an ṗáláis, agus is roimpi-se do ḃí an fáilte.

D’innis sí dá h-aṫair agus da máṫair an méad a rinne Goillís dí, agus mar ṡáḃáil sé a h-anam trí uaire, agus faoi ḋeire duḃairt sí, muna dtiuḃraḋ siad Goillís dí le pósaḋ, agus áird-ṫíġearna mór a ḋeunaṁ ḋé, naċ bpósfaḋ sí fear go bráṫ.

Duḃairt an ríġ go leigfeaḋ sé ḋí rud air biṫ a ḋeunaṁ a ṫógróċaḋ sí féin, agus d’or- duiġ se Goillís do ġlaoḋaċ asteaċ aca.

Nuair a ṫáinig sé asteaċ ċuca duḃairt uile ḋuine a ḃí ’san b-pálás naċ ḃfacaiḋ siad ariaṁ fear buḋ ḃreáġa ’ná é, agus ṡeas an Rig suas roiṁe agus ṫug sé póg dó agus ċuir sé fáilte roiṁe, agus rinne sé tiġearna ḋé. Ċuir an ḃainrioġain fáilte roiṁe, ann sin, agus an ċúirt uile. [ 95 ]D’ḟan sé ’nna measg ann sin le trí ráiṫ- ċe, agus ḃí meas agus cionn gaċ uile ḋuine ag meuduġaḋ ó lá go lá, air agus nior ṁó an meas do ḃí ag an riġ air, ’ná dá mbeiḋeaḋ sé ’nna ṁac dileas dó féin.

Ag ceann na h-aimsire sin ġlaoḋ sé a inġean asteaċ ċuige, agus d’ḟíafruiġ sé ḋí an raiḃ an oiread spéis’ aici i nGoillís anois agus a ḃí aici, i dtosaċ, agus duḃairt sí go raiḃ, agus nios mó. “Is maiṫ é sin,” ar san riġ, “maiseaḋ! bioḋ sé agad!”

Ḃí go maiṫ agus ní raiḃ go holc. Ṗós siad a ċéile, agus buḋ hé sin an ḃainḟeis bréag do ḃí aca, aċt dá mbeiṫinn ann, an t-am sin, ni ḃeiṫinn ann anois, aċt ċualaiḋ mé ó h-éinín é naċ raiḃ brón ná buaireaḋ leun ná leónaḋ, mi-áġ ná mi-ṫapa orra go h-uair a m-báis, agus go mbuḋ aṁlaiḋ é liom féin agus linn uile.