Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/28

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

14

sin dam, buille eile ni ḃuailfeá go bráṫ.” Chuaiḋ se amaċ as an teaċ agus fearg ṁór air.

Do ḃi an lios no an Ráṫ buḋ ḃreáġa do ḃi ann Eírinn sgaṫaḋ beag o ḃinn an tiġe, agus buḋ ġnáṫ leis go minic suiḋe sios air an mbanca breáġ fód do ḃi ’nna ṫimċioll. Ṡeas se, agus é ’nna leaṫ-luiḋe ag binn an tíġe ag dearcaḋ suas air an speur, agus ag breaṫnuġaḋ air an ngealaiġ aoiḃinn ġil do ḃi os a ċionn, agus d’ ḟan se ann sin le cúpla uair gan ċor do ċur as. ’R éis é do ḃeiṫ ’nna ṡeasaṁ mar sin le cúpla uaire, duḃairt se leis féin, “Mo leun geur! naċ ḃfuil me imṫiġṫe as an áit seo uile go léir, b’ḟeárr liom ḃeiṫ ann aít air biṫ air an doṁan na ann so. Oċ naċ aoiḃínn é ḋuit-se a ġealaċ ḃán,” ar se, “tá dul ṫart dul ṫart mar is mian leat feín, agus ni ṫig le duine air biṫ do ḃárraḋ na do ċur air gcul. Mo ḃrón gan mise mar ṫu!” Is air éigin do ḃi an focal sin as a ḃeul nuair ċualaiḋ se toran mór ag teaċt, mar toran móráin daoine ag ríṫ le ċeíle, agus ag caint, agus ag gáire, agus ag deunaḋ grinn, agus ċuaiḋ an toran ṫart mar fromán-gaoiṫe, (tormán-ġaoiṫe) agus ḃi se ag éisteaċt leis dul asteaċ annsan ráṫ.