Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/29

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

15

“Maiseaḋ, dar m’anam,” ar se, “tá siḃ-se súgaċ go leór, agus leanfaiḋ me siḃ.”

Créud do ḃi ann aċt an Sluaġ-siḋe, aċt ni raiḃ ḟios aige i dtosaċ gurb’ iad do ḃi ann, aċt lean se iad asteaċ annsa ráṫ. Chualaiḋ se an “fulparnaiġ ’s an falparnuiġ,” an “rap-le-húta,” agus an “ruaile-buaile” do ḃi aca ann sin, agus gac uile duine aca ag glaoḋaċ amaċ go h-árd, “Mo ṡrian, mo ċapall, ’s mo ḋiallaid!” “Mo ṡrian ’s mo ċapall ’s mo ḋiallaid!”

“Dar mo láiṁ,” ar Goillís an buaċaill,” “ni h-olc é sin, deunfaiḋ mise aiṫris orraiḃ,” agus ġlaoḋ seisean amaċ ċor leó, “Mo ṡrian ’s mo ċapall ’s mo ḋiallaid, mo ṡrian ’s mo ċapall ’s mo ḋiallaid,” agus air an móimid ḃi capall breáġ le srian oír agus diallaid airgid ’nna ṡeasaṁ os a ċoinne. Léim se suas air, agus an móimid do ḃi sé air a ḋruim ċonnairc se go soilleír go raiḃ an ráṫ lán de ċapallaiḃ, agus de ḋaoiniḃ beaga dul ag marcuiġeaċt orra.

Duḃairt fear aca leis, “Ḃfuil tu teaċt linn anoċt a Ġoillís,” “Táim go cinnte,” ar Goillís. “Má taír, tar uait,” ar san fear beag, agus amaċ leó uile go leír, le ċéile, ag marcuiġeaċt mar an ngaoiṫ, nios