Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/30

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

16

luaiṫe ná na capaill is éadtroime a ċonnairc tu riaṁ ag fiaḋaċ, agus nios luaiṫe ná an sionnaċ agus na gaḋair ag a earball.

An ġaoṫ ḟuar ġeiṁriḋ do ḃi rompa do rug siad uirri, agus an ġaoṫ ḟuar ġeiṁriḋ do ḃi ’nna ndiaiġ ni rug si orra-san, agus stop ná stad ni ḋearnaiġ siad de’n láinríṫ sin, no go dtáinig siad go bruaċ na fairrge.

Duḃairt uile ċeann aca ann sin—“Eiriġ agus ṫart leat—Eiriġ agus ṫart leat,” agus air an móimid d’éiriġ siad suas ann san aer, agus sul do ḃi am ag Goillís le cuiṁniuġaḋ cá raiḃ se, ḃi siad ṡios air an talaṁ ṫirm arís, agus ag imṫeaċt mar an ngaoiṫ. Ṡeas siad air deireaḋ, agus duḃairt fear aca le Goillís, “A Ġoillís ḃfuil ḟios agad cá ḃfuil tu anois?” “Ni’l,” ar Goillis. “Tá tu ’sa’ Roíṁ a Ġoillís,” ar se, “agus támaoid le dul nios faide ná sin. Tá inġean Riġ na Fraince le ḃeiṫ pósta anoċt, an ḃean is deise d’á ḃfaca an ġrian riaṁ, agus caiṫfimíd ar ndiṫċioll ḋeunaṁ i do ṫaḃairt linn féin, má ṫig linn a fuadaċ air ṁóḋ air biṫ, agus caitfiḋ tusa teaċt linn, i rioċt go g-cuirfimíd an inġean óg suas air do ċúl air an