55
le n-íṫe. Ḃi faitċios mór air Ġoillís, aċt ni raiḃ aon ṁaiṫ i g-caint, agus b’éigin dó imṫeaċt.
Luiḋ síse sios faoi ċrann mór, agus ṫuit sí ’nna codlaḋ, agus ṫriall seisean tríd an g-coill ṁoír ḋuiḃ, ag iarraiḋ tiġe no boṫáin no áite éigin ann a ḃfuiġeaḋ sé biaḋ le n-íṫe, aċt ni ḟaca sé dadaṁ.
’R éis trí no ceiṫre uaire ann sin, nuair ḃí sé tuirseaċ, agus nuair naċ ḃfaca sé aon ċosaṁlaċt duine, no tiġe no áite- ċóṁnuiḋe, d’ḟill sé le trioblóid ṁoír ann a ċroiḋe air ais do’n áit ann ar ḟág sé a ṁáiġistreas, aċt ni raiḃ sí ann.
Fuair sé an áit, ceart go leór, agus d’aiṫniġ sé an crann mór faoi n-a raiḃ sí ’nna luiḋe, aċt ni raiḃ sí féin le feicsint ann áit air biṫ. Ġlaoḋ sé, aċt ni ḃfuair sé aon ḟreagraḋ; ġlaoḋ sé nios áirde, aċt nior ċualaiḋ sé dadaṁ aċt an macalla ameasg na g-crann mór ag taḃairt freagarṫa ḋó.
Ḃi sé réiḋ le fáġail ḃáis le brón agus le faitċios, agus ḃí an oiḋċe ag teaċt air, agus níor ḟeud sé dadaṁ ḋeunaṁ go dti an ṁaidin. Luiḋ sé féin faoi an g-crann ceudna, aċt go deiṁin buḋ ḃeag é an codlaḋ a fuair sé. B’éigin dó fanaṁaint