Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/104

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

90

sin ’ná ṫáinig brón air, oir ṡaoil sé leis féin, “coṁ luaṫ agus geaḃfaiḋ sí í féin ameasg na n-uaċtarán agus na ndaoine mór deunfaiḋ sí dearmad orm-sa, agus ni ċuiṁneóċaiḋ sí aon rud d’á ndearna mise ḋ.”

Ċuir siad a dtuaraisg ann sin, le fáġail cad é an tsliġe a ḃéarfaḋ go palás riġ na Fraince iad, agus fuair siad naċ raiḃ a ḃfad le dul aca.

Ḃi airgiod go leór aca anois, mar líon siad a bpócaiḋ sul d’ḟág siad uaiġ na robáiliḋe, agus ċeannuiġ Goillís dá ċapall maiṫ ḋó féin ’s do’n ċailín, agus ann sin ní raiḃ siad fada ag fágḃáil an ḃóṫair ’nna ndiaiġ, agus ní raiḃ stop no stad aca go dtáinig siad i g-ceann seaċtṁuine eile go dtí na cáṫraċ ann a raiḃ an Pálás Rioġail, agus ċualaiḋ siad go raiḃ an ríġ agus an ḃainriogain ann.

Aċt coṁ luaṫ agus fuair an ḃean óg go raiḃ sí ag geata an Ḃaile-ṁóir, agus naċ raiḃ le deunaṁ aici aċt siúḃal asteaċ, ṫosaig sí a ḃeiṫ go ró ṁio-ṡuaiṁneaċ agus ḃí sí eidir ḋá ċóṁairle, gan ḟios aici creud do buḋ ċóir dí a ḋeunaṁ mar ḃí faitċios uirri go bpósfaḋ a h-aṫair í leis an ḃfear