Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/103

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

89

Nuair d’éiriġ an ġrian, ḋearc siad ’nna dtimċioll agus fuair siad go raiḃ siad i dtír ḃreáġ a raiḃ a lán tiġṫeaḋ agus daoine agus eallaċ agus crainn innti, agus buḋ ṁaiṫ leó sin d’ḟeicsint. Ḃí deataċ ag tosúġaḋ do ṫeaċt amaċ as na tiġṫiḃ agus ḃí na daoine ag tosugaḋ air a n-obair.

Ċuir siad ceist air an g-ceud ḟear do casaḋ orra, agus d’ḟiafruiġ siad dé an raiḃ se a ḃfad go dtí an Ḟrainc, agus cad é an bealaċ buḋ ċoír dóiḃ dul le teaċt ann. Rinne an fear gáire, agus nior ḟrea- gair sé iad.

Ċuaiḋ siad air aġaiḋ arís agus casaḋ fear eile orra, agus d’ḟiafruiġ siad an rud ceudna ḋé-sean. “Cá ḃfuil siḃ ag dul,” ar sé, “Dul go dti an Ḟrainc,” ar Goillís, agus cá ḃfuil siḃ anois ar san fear, “ni’l ḟios agam,” ar Goillís. “Naċ ḃfuil ḟios agad go ḃfuil tu annsan ḃFrainc anois?” ar san fear. “Sin sgeul maiṫ,” ar Goillís, “ní raiḃ ḟios agam sin,” agus ċaiṫ sé a ḃirreud ’san aér suas, le luṫġáire agus le sásuġaḋ-inntinne. “Ní fada anois le con- gnaṁ Dé go mbéiḋ tu air ais ann do ṗálás aris,” ar sé, aċt ni luaiṫe a duḃairt sé