Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/35

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

21

ḟeud Goillís a innsint go gearr réiḋ dó, mar ḃi se mall-laḃarṫaċ agus garḃ, agus ċuir sin fearg air an b-Pápa agus nuair ċrioċnuiġ Goillís a sgeul, do ṫug se a ṁóid naċ dtiuḃraḋ se párdún do’n t-sagart go deó, agus ḃagair se air Ġoillís feín go g-cuirfeaḋ se ċum báis é mar ġeall air an mbeag-náire do ḃi air, teaċt asteaċ annsan oiḋċe ċuige, agus ṫoisiġ se ág béiceaḋ agus ag glaoḋaċ na searḃfóġantaiḋ arís. Ni’l ḟios agam ar ċualaiḋ na searḃḟóġantaiḋe é ag glaoḋaċ orra, aċt ḃi glas air an doras an taoḃ-astiġ, agus nior ḟeud siad teaċt asteaċ air ṁóḋ air biṫ ċuige.

“Muna dtiuḃraiḋ tu bulla ḋam faoi do láiṁ agus do ṡeula, agus párdún an t-sagairt ann, dóġfaiḋ me do ṫeaċ le teine,” ar Goillís. Do ṫoisiġ an t-Siḋeog naċ ḃfaca an Pápa, teine agus lasaḋ do ċaṫaḋ amaċ as a ḃeul, agus ṡaoil an Pápa go raiḃ an rúma uile air lasaḋ.

Ġlaoḋ se amaċ, “O léirsgrios siorruiḋ! ḃéarfaiḋ me an párdún duit, ḃéarfaiḋ me rud air biṫ ḋuit, aċt coisg do ṫeine agus na dóġ me ann mo ṫeaċ feín.”

“Tá me buiḋeaċ de d’ onoír,” ar Goillís, agus ċoisg an t-Siḋeóg an teine, agus b’ eígin