Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/43

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

29

as a láiṁ uirri agus duḃairt se cúpla focal, agus air an moímid ḃi an óig-ḃean imṫiġṫe ó na measg. Nior ḟeud duine air biṫ a feicsint, mar rinne an focal sin do-ḟeicsint, í. Rug an firín beag uirri agus d’árduiġ sé suas air ṁuin Ġoillís í, agus ni ḟaca an Riġ ná duine air biṫ eile iad, aċt amaċ leó air fud na h-alla go dti an doras.

Oro! a Ṁuire ḋíleas, is ann sin do ḃi an truaġ agus an buaiḋreaḋ agus an caoineaḋ agus an t-ionġantas agus an cuartuġaḋ, agus an rúcán nuair d’imṫiġ an ḃean-uasal sin ó na súiliḃ agus gan iad dḟeicsint creud do rinne é. Amaċ air ḋoras an ṗáláis leó, gan ḃeiṫ bacṫa ná bárrṫa mar naċ ḃfaca aon duine iad, agus “mo ṡrian ’s mo ċapall, ’s mo ḋiallaid,” ar gaċ fear aca; “mo ṡrian ’s mo ċapall ’s mo ḋiallaid!” ar Goillís, agus air an moímid ḃi an capall ’nna ṡeasaṁ reíḋ uġamuiġṫe os a ċoinne. “Nois léim suas a Ġoillís, ar san fear beag agus cuir an ḃean-uasal air do ċúl agus béiḋmid ag imṫeaċt. ni fada uainn an ṁaidin anois.”

D’árduiġ Goillís í air ṁuin a ċapaill feín, agus leím se feín suas roimpi, agus, “Éiriġ a ċapaill,” ar se, agus ċuaiḋ an