Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/52

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

38

uile ḋuine go raiḃ sí balḃ, agus go ndeunfaḋ sé a ḋiṫċioll uile ḋuine do ċongḃáil uaiṫi. D’innis siad do’n óg-ṁnaoi creud do ċuir siad rómpa a ḋeunaṁ, agus ṫaisbéan sí le na súiliḃ go raiḃ sí buiḋeaċ dioḃ.

Ċuaiḋ Goillís a ḃaile ann sin, agus nuair ċuir a ṁuinntir féin ceist air cá raiḃ sé, duḃairt seisean gur ṫuit se ’nna ċodlaḋ ag bonn na cloiḋe agus gur ċaiṫ sé an oiḋċe ann sin.

Buḋ ṁór an t-ionġnaḋ ḃí air na cóṁarsannaiḃ nuair ṫaisbéan an Sagart cóir, bulla an Ṗápa ḋóiḃ, agus nuair fuair sé a ṡean-áit air ais arís, agus ḃí luṫġáire air uile ḋuine, mar go deiṁin ni raiḃ loċt air biṫ annsan duine macánta sin, aċt aṁáin go raiḃ iomarcuiḋ dúil aige nois agus arís i m-braon de’n ḃuideul, aċt nior ḟeud duine air biṫ ráḋ go ḃfaca sé riaṁ é i rioċt naċ dtiucfaḋ leis “Seo! beirim do ṡláinte” a ráḋ ċoṁ maiṫ le fear air biṫ ’sa’ rioġaċt. Aċt má ḃí ionġantas orra an sagart dḟeicsint arís ann a ṡean-áit, buḋ ṁó go mór a n-ionġantas faoi an g-cailín do ṫáinig go h-obann ċum a ṫiġe gan ḟios ag aon duine cá’r b’as di, no cad e an gnó do ḃí aici ann sin. Ḃi cuid dena