Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/53

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

39

daoiniḃ ann, a duḃairt naċ raiḃ uile niḋ mar buḋ ċoír, agus cuid eile “nár ḃféidir é go dtug an Pápa a áit arís do’n t-sagart ’r éis a ḃaint dé roiṁe sin mar ġeall air an g-claṁsán do ḃí aca air, i dtaoiḃ na ṁeisge.”

Agus ḃí cuid eile aca, a duḃairt naċ raiḃ Goillís na g-cos duḃ cosṁúil leis an ḃfear ceuḋna do ḃí ann roiṁe sin, agus go mbuḋ ṁór an sgeul é go raiḃ sé ag triall gaċ le lá ċum tiġe an t-sagairt agus go raiḃ cion agus meas ag an tsagart air, rud nár ḟeud siad ġlanaḋ suas air ċor air biṫ.

B’ḟior sin doiḃ go deiṁin, mar b’anaṁ an lá ċuaiḋ ṫart, naċ raċaḋ Gollís go teaċ an t-sagairt agus naċ mbeiḋeaḋ caint aige leis, agus leis an óg-ṁnaoi uasail, agus ċoṁ minic agus ṫiucfaḋ sé ḃeiḋeaḋ súil aige go ḃfuiġeaḋ sé í go slán agus cead laḃarta aici arís, aċt faraoir d’ḟan sí ’nna tost agus í balḃ, gan leiġeas ná biseaċ. Nuair naċ raiḃ aon ċaoi eile aici le deunaṁ cainte leis, do rinne sí sórt cóṁráḋ eidir í féin agus éisean le corrugaḋ a láṁ agus a meur, le sméideaḋ a súl, le fosgailt agus le druidim a béil, le gáire no le mion-ġaíre, agus le míle coṁarṫa eile, i rioċt naċ raiḃ