Leabhar Sgeulaigheachta/Na Tri Ceistionna

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Leabhar Sgeulaigheachta by Dubhghlas de hÍde
Na Tri Ceistionna
[ 7 ]

NA TRI CEISTIONNA.

Bhi tri díleaċtaiḋ agus ṫug an Riġ leis iad. Buḋ ċlann deirḃṡiúra do’n riġ iad. Bhi siad aige go raiḃ siad ’nna ċóṁair (sic) na m-buaċailliḃ. Ḃi garḋa deas ag an riġ. Ní raiḃ an riġ (le fáġail) ḃáis cóiḋċe go g-cuirfiḋe trí ceiste air, naċ ḃfuaisgeólaḋ se. Bhi se spaisdeóraċt lá breáġ annsan ngarḋa. Nuair a ḃi se tuirseaċ air siuḃal ṡuiḋ se. Ṫuit se ’nna ċodlaḋ. Rinne se brionnglóid gurb’ é na tri buaċailliḋ a ḃi astiġ aige a ṁarḃfaḋ é. Dhíbir se iad. Ḋ’imṫiġ siad air a seaċnad (sic). Chuir an riġ gárda ’nna ndiaiġ. Nuair a ċonnairc [ 8 ]siad an gárda ag tarraing orra, “’Nois,” ar san fear is sine, “racamaoid ag troid astiġ annsan g-coill agus nuair a ṫiucfas an riġ, leigfimíd orrainn ḃeiṫ ag troid eadrainn féin, go g-cuirfimíd tri ceiste air, naċ dtiucfaiḋ leis fuasgailt.”

Chonnairc an Riġ iad ag troid, agus ċuaiḋ se asteaċ annsa’ g-coill le na sgaoileaḋ. “Cad ċuige ḃfuil siḃ ag troid?” ar san Riġ, “Is i dtaoiḃ na coille seo, atámoid troid,” ar san fear buḋ sine aca, “d’ḟág m’aṫair an ċoill seo agam-sa, críon agus glas.”

Duḃairt an dara fear gur ḟág a aṫair an oiread aige-sean. “Cad é,” duḃairt an riġ, “cad é ’n ċaoi a ḃfuigfeaḋ se dadaṁ agad-sa, agus an ċoill uile ḟágáilt aige seó?” “Cad é an ċaoi ar’ ḟág se an oiread agad-sa?” “Is cuma liom-sa cad é an ċaoi ar’ ḟág se aige é, d’ḟág se a raiḃ cam agus díreaċ agam.” Ar san trioṁaḋ fear, “d’ḟág se oiread agam-sa le ceaċtar aca.” “Cad é an ċaoi ar’ ḟág se agad-sa? d’ḟág se a raiḃ críon agus glas ag an ḟear buḋ sine; d’ḟág se a raiḃ cam agus díreaċ ag an dara fear, cad é an ċaoi ḃfuigfeaḋ se dadaṁ agad-sa?” “Tá! [ 9 ]Innsiḋ me sin duit, dḟág se agam a raiḃ faoi ’n talaṁ agus os a ċionn.”

Duḃairt an riġ, “Níl ḟios agam cia agaiḃ a d-triúr a ndeunfaiḋ me an ċoill do, aċt cia b’é air biṫ agaiḃ é is sinne, deunfaiḋ me an ċoill do.”

“Tá mise,” (ar fear aca.)

“Cad é an aois agad-sa?”

“Tá me ċoṁ sean go ḃfuair me lán ‘slúip’ (loinge) de rásúir, nior ṗronn (ḃronn) me aon ċeann aca, nior ċaill me aon ċeann aca aċt a g-caṫaḋ uile go léir ag baint na feusóige ḋiom.”

“Ta mise ċoṁ sean leis,” duḃairt an dara fear.

“Cad é an aois agad-sa? ni ṫiucfaḋ leat ḃeiṫ ċoṁ sean leis an ḟear údí (úd).”

“Ta me ċoṁ sean go ḃfuair me luċt slúip de ṁeuraċaín, nior ċaill me ceann aca, nior ṗronn me ceann aca, aċt a g-caṫaḋ uile go léir ag táilliúraċt.”

“Ta mise ċoṁ sean leis,” ar san trioṁaḋ duine.

“Cad é an ċaoi a d-tiucfaḋ leat-sa ḃeiṫ ċoṁ sean leó-san? cad é an aois atá agad?”

“Fuair me luċt slúip de ṡnáṫadaiḃ cruaiḋe, nior ċaill me ceann aca, agus nior [ 10 ]ṗronn me ceann aca, aċt a g-caṫaḋ lig (uile) go léir ag córuġaḋ mo ċuid eudaiġ.”

“Ni’l ḟios agam,” duḃairt an riġ, “cé agaiḃ a ndeunfaiḋ me an ċoill do; aċt cé agaiḃ is gasta? (agus deunfaiḋ me ḋo é.)”

“Tá mise,” duḃairt an ċeud ḟear.

“Cad é an ġastaċt ṫiucfaḋ leat a ḋeunaḋ?”

“An beaṫaċ is gasta (luaiṫe) riṫ ariaṁ, ċuirfinn crúḋ air, agus é air a rása.”

“Tá mise ċoṁ gasta leis,” ar san dara fear.

“Cad é an ġastaċt ṫiucfaḋ leat-sa a ḋeunaḋ?”

Dá mbeiḋeaḋ teaċ fada agad, leag bonn a ḋá ṫaoḃ-ḃalla, agus a ḋá ḃinn; ná fág ’nna seasaṁ aċt ceiṫre coirnéil; lion lán eúnaċ (eún) dá ċuid an ċnuic; ṫiucfainn ṫart air na ceitre coirneul ċoṁ gasta, naċ leigfinn aon ċeann amaċ naċ m-béarfainn air.”

“Tá tu gasta,” duḃairt an riġ.

“Tá mise ċoṁ gasta leis,” ar san trioṁaḋ fear.

“Nior ḃféidir duit ḃeiṫ ċoṁ gasta; cad é an ġastacṫ a ṫiucfaḋ leat a ḋeunaḋ?”

“Taḃair leat mála ċlúiṁ go dti an cnoc [ 11 ]is áirde; sgaoil amaċ é lá gaoiṫe móire; ċruinneóċainn iad, agus ni ċaillfinn aon ċeann aṁáin d’á raiḃ annsan mála.”

“Ni’l ḟios agam-sa,” ar san riġ, “cia aca a ndeunfaiḋ me an ċoill do, acṫ cia b’é air biṫ agaiḃ is fallsa (deunfaiḋ me ḋo é.)”

“Tá mise,” duḃairt an ċeud ḟear.

“Ni féidir a ráḋ go ḃfuil tusa fallsa, agus tu ċoṁ gasta a’s ḃi tu air ball! cad é an ḟallsaċt is mo a ḋeunfá?”

“Dá ḃfágfaiḋe me ’mo luiḋe i sean-teaċ súiṫċe, ni leigfeaḋ mḟallsaċt (dam) mo ṡúil a ḋruid go dtuitfeaḋ braon súiṫċe asteaċ ann mo ṡúil agus go ligfeaḋ se (sic) an tsúil as mo ċeann.”

“Tá mise ċoṁ fallsa leis,” ar san dara fear.

“Cad é an ḟallsaċt a ṫiucfaḋ leat-sa a ḋeunaḋ?”

“Dá ḃfágfaiḋe mé mo luiḋe ann áit a raiḃ tri ḃeallaċ casta air a ċéile, luiḋfinn air ċúl mo ċinn, agus ni leigfeaḋ mḟallsaċt dam corruġaḋ go dtiucfaḋ na cartaċa air mo ṁullaċ agus go marḃfaḋ siad me.”

“Tá mise ċoṁ fallsa leis” ar san trioṁaḋ duine.

[ 12 ]“Cad é an ḟallsacṫ a ṫiucfaḋ leat-sa a ḋeunaḋ?”

“Dá ḃfágfaiḋe me mo ṡeasaṁ ag taoiḃ ċruaiċe móna, cuir teine ann a ceann agus ni leigfeaḋ an ḟallsaċt dam corruġaḋ.”

“Ni’l ḟios agam cia agaiḃ a ndeunfaiḋ me an ċoill do.”

Ni táinig leis na tri ceiste d’ḟuasgailt agus ṫuit se as a ṡeasaṁ. Fuair se bás. Cuaiḋ an triúr air ais. Ḃi siad ’nna g-cóṁnuiḋe i g-cúirt an Riġ.