Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/22

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

8

siad an gárda ag tarraing orra, “’Nois,” ar san fear is sine, “racamaoid ag troid astiġ annsan g-coill agus nuair a ṫiucfas an riġ, leigfimíd orrainn ḃeiṫ ag troid eadrainn féin, go g-cuirfimíd tri ceiste air, naċ dtiucfaiḋ leis fuasgailt.”

Chonnairc an Riġ iad ag troid, agus ċuaiḋ se asteaċ annsa’ g-coill le na sgaoileaḋ. “Cad ċuige ḃfuil siḃ ag troid?” ar san Riġ, “Is i dtaoiḃ na coille seo, atámoid troid,” ar san fear buḋ sine aca, “d’ḟág m’aṫair an ċoill seo agam-sa, críon agus glas.”

Duḃairt an dara fear gur ḟág a aṫair an oiread aige-sean. “Cad é,” duḃairt an riġ, “cad é ’n ċaoi a ḃfuigfeaḋ se dadaṁ agad-sa, agus an ċoill uile ḟágáilt aige seó?” “Cad é an ċaoi ar’ ḟág se an oiread agad-sa?” “Is cuma liom-sa cad é an ċaoi ar’ ḟág se aige é, d’ḟág se a raiḃ cam agus díreaċ agam.” Ar san trioṁaḋ fear, “d’ḟág se oiread agam-sa le ceaċtar aca.” “Cad é an ċaoi ar’ ḟág se agad-sa? d’ḟág se a raiḃ críon agus glas ag an ḟear buḋ sine; d’ḟág se a raiḃ cam agus díreaċ ag an dara fear, cad é an ċaoi ḃfuigfeaḋ se dadaṁ agad-sa?” “Tá!