Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

7

laḋar ġaḋair, ruaig an gaḋar an fiaḋ, ṡnáṁ an fiaḋ an t-uisge, ḟliuċ an t-uisge an leac, ċuir an leac faoḃar air an tuaiġ, ġeárr an tuaġ an tslat, rinne se gad de’n tslait, agus nuair ḃi an gad réiḋ deunta aige, creid misi go raiḃ Manaċar imṫiġṫe fada go leór uaiḋ.



NA TRI CEISTIONNA.

Bhi tri díleaċtaiḋ agus ṫug an Riġ leis iad. Buḋ ċlann deirḃṡiúra do’n riġ iad. Bhi siad aige go raiḃ siad ’nna ċóṁair (sic) na m-buaċailliḃ. Ḃi garḋa deas ag an riġ. Ní raiḃ an riġ (le fáġail) ḃáis cóiḋċe go g-cuirfiḋe trí ceiste air, naċ ḃfuaisgeólaḋ se. Bhi se spaisdeóraċt lá breáġ annsan ngarḋa. Nuair a ḃi se tuirseaċ air siuḃal ṡuiḋ se. Ṫuit se ’nna ċodlaḋ. Rinne se brionnglóid gurb’ é na tri buaċailliḋ a ḃi astiġ aige a ṁarḃfaḋ é. Dhíbir se iad. Ḋ’imṫiġ siad air a seaċnad (sic). Chuir an riġ gárda ’nna ndiaiġ. Nuair a ċonnairc