Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

6

i laḋar ġaḋair, an gaḋar a ruaigfeaḋ fiad, an fiaḋ a ṡnáṁfaḋ uisge, an t-uisge a ḟliuċfaḋ leac, leac a ċuirfeaḋ faoḃar air tuaiġ, tuaġ a ġearrfaḋ slat, slat a ḋeunfaḋ gad, gad a ċroċfaḋ Manaċar a d’iṫ mo ċuid suġ-craoḃ.

Ni ḃfuiġiḋ tu aon áḋḃar cáca uaim-se, ar san Muilleóir go dtiuḃraiḋ tu lán an ċriaṫair sin d’uisge ó’n aḃainn ċugam.

Ġlac Monaċar an criaṫar ann a láiṁ, agus ṫaínig sé ċum na h-aiḃne, agus ṫosuiġ sé ag lionaḋ an ċriaṫair leis an uisge, aċt ċoṁ luaṫ agus ḃi an t-uisge dul asteaċ ann, ḃi sé riṫ amaċ as arís.

Ċuaiḋ preuċán ṫairis, os a ċeann. “Dáb! Dáb!” ar an preuċán. “M’anam do Ḋia is maiṫ í do ċóṁairle!” ar Monaċar, agus ġlac sé an ċréafóg ruaḋ, agus ċuimil sé le tóin a riaṫair í, gur líon sé na puill a ḃi ann, agus ċongḃaiġ an criaṫar an t-uisge ann sin agus rug sé ċum an Ṁuilleóra é, agus ṫug an Muilleóir áḋḃar cáca ḋo, agus ṫug sé an t-áḋḃar cáca dona buailteóiriḃ, agus ṫug na buailteóiriḋ sop tuiġe ḋó, ṫug sé an sop tuiġe do’n ḃó, ṫug an ḃó bainne ḋó, ṫug sé an bainne do’n ċat, sgríob an cat an t-im, ċuaiḋ an t-im i