Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

5

Ni ḃfuiġiḋ tu aon deór bainne uaim-se ar san Ḃó, go ḃfáġ’ me sop tuiġe uait.

Ṫáinig se ċum na m-buailteóiriḋ. Go m-beannuiġiḋ Dia ḋuit ar sna buailteóiriḋ. Go m-beannuiġiḋ Dia ’gus Muire ḋaoiḃ. Cḟad a raċas tu? Ag iarraiḋ suip tuiġe uaiḃ á ḃéarfainn do’n ḃó, an ḃo a ḃéarfaḋ bainne ḋam, an bainne a ḃéarfainn do’n ċat, an cat a sgríobfaḋ an t-im, an t-im a raċaḋ i laḋar ġaḋair, gaḋar a ruaigfeaḋ fiaḋ, fiaḋ a ṡnáṁfaḋ uisge, uisge a ḟliuċfaḋ leac, leac a ċuirfeaḋ faoḃar air tuaiġ, tuaġ a ġeárrfaḋ slat, slat a ḋeunfaḋ gad, gad a ċroċfaḋ Manaċar a d’iṫ mo ċuid suġ-craoḃ.

“Ní ḃ-fuiġiḋ tu aon ṡop tuiġe uaim-se” ar sna Buailteóiriḋ “go dtiuḃraiḋ tu áḋḃar cáca ḋuínn ó’n Muilleoír sin ṡuas.

Ṫáinig sé ċum an Ṁuilleóra. Go m-beannuiġiḋ Dia ḋuit ar san Muilleóir. Go m-beannuiġiḋ Dia ’gus Muire ḋuit. C’ḟad a raċas tu? Ag iarraiḋ áḋḃair cáca a ḃéarfainn dona buailteoíriḃ, na buailteóiriḋ a ḃéarfaḋ sop tuiġe ḋam, sop tuiġe a ḃéarfainn do’n ḃo, an ḃo a ḃéarfaḋ bainne ḋam, an bainne a ḃéarfainn do’n ċat, an cat a sgríobfaḋ an t-im, an t-im a raċaḋ,