Leabhar Sgeulaigheachta/Monachar agus Manachar

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Leabhar Sgeulaigheachta by Dubhghlas de hÍde
Monachar agus Manachar
[ 1 ]

LEABHAR SGEULAIĠEACHTA.


MONAĊAR AGUS MANAĊAR.

Bhi Monaċar agus Manaċar ann, fad o ṡoin, agus is fad o ḃi, agus dá mbeiḋeaḋ siad ann an t-am sin, ni ḃeiḋeaḋ siad ann anois. Ċuaiḋ siad amaċ le ċéile ag bain suġ-craeḃ, agus an méad a ḃaineaḋ Monaċar d‘iṫeaḋ Manaċar iad. Duḃairt Monaċar go raċaḋ sé ag iarraiḋ slaite a ḋeunfaḋ gad le croċaḋ Mhanaċair a d‘iṫ a ċuid súġ-craoḃ, agus ṫáinig se ċum na slaite.

“Gom-beannuiġiḋ Dia ḋuit,” ar san t-Slat. ”Go m-beannuiġiḋ Dia ’gus Muire ḋuit.” ”C’ḟad a raċas tu?” Ag iarraiḋ slait’ a ḋeunfaḋ gad, a ċrocfaḋ Manaċar, a d’iṫ mo ċuid suġ-craoḃ.

Ní ḃfuiġiḋ tu mise ars an t-Slat go ḃ-fáġ’ tu tuaġ a ġearrfas me. Ṫáining se ċum na tuaiġe. ”Go m-beannuiġiḋ Dia ḋuit.” [ 2 ]Go m-beannuiġiḋ Dia ’gus Muire ḋuit. “C’ḟad a racas tu?” Ag iarraiḋ tuaiġe, tuaġ a ġearrfaḋ slat, slat a ḋeunfaḋ gad, gad a ċroċfaḋ Manaċar a d’iṫ mo ċuid suġ-craoḃ.

“Ni ḃfuiġiḋ tu mise,” ar san Tuaġ, “go ḃ-fáġ’ tu leac a ċuirfeas fáoḃar orm.”

Ṫáinig se ċum na leice.

“Go m-beannuiġiḋ Dia ḋuit,” ar san leac, “Go m-beannuiġiḋ Dia gus Muire ḋuit.” “C’ḟad a racas tu?” “Ag iarraiḋ leice, leac a ċuirfeaḋ faoḃar air tuaiġ, tuaġ a ġearrfaḋ slat, slat a ḋeunfaḋ gad, gad a ċroċfaḋ Manaċar a d’iṫ mo ċuid suġ-craeḃ.

“Ni ḃfuiġiḋ tu mise” ar san leac “go ḃfáġ’ tu uisge a ḟliuċfas me.”

Ṫáinig se cum an uisge. “Go m-beannuiġiḋ Dia ḋuit,” ars an t-uisge “Go m-beannuiġiḋ Dia ’gus Muire ḋuit.” C’ḟad a raċas tu. Ag iarraiḋ uisge, uisge a ḟliucfaḋ leac, leac a ċuirfeaḋ faoḃar air tuaiġ, tuaġ a ġearrfaḋ slat, slat a ḋeunfaḋ gad, gad a ċroċfaḋ Manaċar a d’iṫ mo ċuid suġ-craoḃ.

Ni ḃfuiġiḋ tu mise ars an t-uisge go ḃfáġ, tu fiaḋ a ṡnáṁfas me.

Ṫainig se cum an Fhiaiḋ, go m-beannuiġiḋ Dia ḋuit ar san fiaḋ. Go m-beannuiġiḋ Dia [ 3 ]’gus Muire ḋuit. C’ḟad a raċas tu. Ag iarraiḋ fiaiḋ, fiaḋ a ṡnáṁfaḋ uisge, uisge a ḟliucfaḋ leac, leac a ċuirfeaḋ faoḃar air tuaiġ, tuaġ a ġearrfaḋ slat, slat a ḋeunfaḋ gad, gad a ċroċfaḋ Manaċar a d’iṫ mo ċuid suġ-ċraoḃ.

Ni ḃ-fuiġiḋ tu mise ar san Fiaḋ go ḃfáġ’ tu gaḋar a ruaigfeas me.

Ṫáinig se ċum an ġaḋair. Go m-beannuiġiḋ Dia ḋuit ar san gaḋar. Go m-beannuiġiḋ Dia ’gus Muire ḋuit. C’ḟad a raċas tu? Ag iarraiḋ gaḋair, gaḋair a ruaigfeaḋ fiaḋ, fiaḋ a ṡnáṁfaḋ uisge, uisge a ḟliucfaḋ leac, leac a ċuirfeaḋ faoḃar air tuaiġ, tuaġ a ġearrfaḋ slat, slat a ḋeunfaḋ gad, gad a ċrocfaḋ Manaċar a d’iṫ mo ċuid súġ-craoḃ.

Ni ḃ-fuiġiḋ tu mise, ar san gaḋar, go ḃfáġ’ tu greim ime a ċuirfeas tu ann mo laḋar.

Ṫáinig se ċum an ime. “Go m-beannuiġiḋ Dia ḋuit” ar san t-im. “Go m-beannuiġiḋ Dia ’gus Muire ḋuit.” “C’ḟad a raċas tu?” “Ag iarraiḋ ime, im a raċaḋ i laḋar ġaḋair gaḋar a ruaigfeaḋ fiaḋ, fiaḋ a ṡnáṁfaḋ uisge, uisge a ḟliuċfaḋ leac, leac a cuirfeaḋ faoḃar air tuaiġ, tuaġ a ġearrfaḋ slat, [ 4 ]slat a ḋeunfaḋ gad, gad a ċrocfaḋ Manaċar a d’iṫ mo ċuid súġ-craoḃ.”

Ni ḃfuiġiḋ tu mise ar san t-im go ḃfáġ’ tu cat a sgríobfas me.

Ṫainig se ċum an ċait. Go m-beannuiġiḋ Dia ḋuit ar san cat. Go m-beannuiġiḋ Dia ’gus Muire ḋuit. C’ḟad a raċas tu? Ag iarraiḋ cait, cat a sgríobfaḋ im, im a raċaḋ i laḋar ġaḋair, gaḋar a ruaigfeaḋ fiaḋ, fiaḋ a ṡnáṁfaḋ uisge, uisge a fliuċfaḋ leac, leac a ċuirfeaḋ faoḃar air tuaiġ, tuaġ a ġeárrfaḋ slat, slat a ḋeunfaḋ gad, gad a ċroċfaḋ Manaċar a d’iṫ mo ċuid suġ-craoḃ.

Ni ḃfuiġiḋ tu mise ar san Cat go ḃfáġ’ tu bainne a ḃéarfas tu ḋam.

Ṫainig sé ċum na bo. Go m-beannuiġiḋ Dia ḋuit ar san Ḃo. Go m-beannuiġiḋ Dia ’gus Muire ḋuit. C’ḟad a raċas tu. Ag iarraiḋ braoin bainne, bainne a ḃéarfainn don ċat, cat a sgríobfaḋ im, im a raċaḋ i laḋar ġaḋair, gaḋar a ruaigfeaḋ fiaḋ, fiaḋ a ṡnáṁfaḋ uisge, uisge a ḟliuċfaḋ leac, leac a ċuirfeaḋ faoḃar air tuaiġ, tuaġ a ġearrfaḋ slat, slat a ḋeunfaḋ gad, gad a ċroċfaḋ Manaċar, a d’iṫ mo ċuid suġ-ċraoḃ.

[ 5 ]Ni ḃfuiġiḋ tu aon deór bainne uaim-se ar san Ḃó, go ḃfáġ’ me sop tuiġe uait.

Ṫáinig se ċum na m-buailteóiriḋ. Go m-beannuiġiḋ Dia ḋuit ar sna buailteóiriḋ. Go m-beannuiġiḋ Dia ’gus Muire ḋaoiḃ. Cḟad a raċas tu? Ag iarraiḋ suip tuiġe uaiḃ á ḃéarfainn do’n ḃó, an ḃo a ḃéarfaḋ bainne ḋam, an bainne a ḃéarfainn do’n ċat, an cat a sgríobfaḋ an t-im, an t-im a raċaḋ i laḋar ġaḋair, gaḋar a ruaigfeaḋ fiaḋ, fiaḋ a ṡnáṁfaḋ uisge, uisge a ḟliuċfaḋ leac, leac a ċuirfeaḋ faoḃar air tuaiġ, tuaġ a ġeárrfaḋ slat, slat a ḋeunfaḋ gad, gad a ċroċfaḋ Manaċar a d’iṫ mo ċuid suġ-craoḃ.

“Ní ḃ-fuiġiḋ tu aon ṡop tuiġe uaim-se” ar sna Buailteóiriḋ “go dtiuḃraiḋ tu áḋḃar cáca ḋuínn ó’n Muilleoír sin ṡuas.

Ṫáinig sé ċum an Ṁuilleóra. Go m-beannuiġiḋ Dia ḋuit ar san Muilleóir. Go m-beannuiġiḋ Dia ’gus Muire ḋuit. C’ḟad a raċas tu? Ag iarraiḋ áḋḃair cáca a ḃéarfainn dona buailteoíriḃ, na buailteóiriḋ a ḃéarfaḋ sop tuiġe ḋam, sop tuiġe a ḃéarfainn do’n ḃo, an ḃo a ḃéarfaḋ bainne ḋam, an bainne a ḃéarfainn do’n ċat, an cat a sgríobfaḋ an t-im, an t-im a raċaḋ, [ 6 ]i laḋar ġaḋair, an gaḋar a ruaigfeaḋ fiad, an fiaḋ a ṡnáṁfaḋ uisge, an t-uisge a ḟliuċfaḋ leac, leac a ċuirfeaḋ faoḃar air tuaiġ, tuaġ a ġearrfaḋ slat, slat a ḋeunfaḋ gad, gad a ċroċfaḋ Manaċar a d’iṫ mo ċuid suġ-craoḃ.

Ni ḃfuiġiḋ tu aon áḋḃar cáca uaim-se, ar san Muilleóir go dtiuḃraiḋ tu lán an ċriaṫair sin d’uisge ó’n aḃainn ċugam.

Ġlac Monaċar an criaṫar ann a láiṁ, agus ṫaínig sé ċum na h-aiḃne, agus ṫosuiġ sé ag lionaḋ an ċriaṫair leis an uisge, aċt ċoṁ luaṫ agus ḃi an t-uisge dul asteaċ ann, ḃi sé riṫ amaċ as arís.

Ċuaiḋ preuċán ṫairis, os a ċeann. “Dáb! Dáb!” ar an preuċán. “M’anam do Ḋia is maiṫ í do ċóṁairle!” ar Monaċar, agus ġlac sé an ċréafóg ruaḋ, agus ċuimil sé le tóin a riaṫair í, gur líon sé na puill a ḃi ann, agus ċongḃaiġ an criaṫar an t-uisge ann sin agus rug sé ċum an Ṁuilleóra é, agus ṫug an Muilleóir áḋḃar cáca ḋo, agus ṫug sé an t-áḋḃar cáca dona buailteóiriḃ, agus ṫug na buailteóiriḋ sop tuiġe ḋó, ṫug sé an sop tuiġe do’n ḃó, ṫug an ḃó bainne ḋó, ṫug sé an bainne do’n ċat, sgríob an cat an t-im, ċuaiḋ an t-im i [ 7 ]laḋar ġaḋair, ruaig an gaḋar an fiaḋ, ṡnáṁ an fiaḋ an t-uisge, ḟliuċ an t-uisge an leac, ċuir an leac faoḃar air an tuaiġ, ġeárr an tuaġ an tslat, rinne se gad de’n tslait, agus nuair ḃi an gad réiḋ deunta aige, creid misi go raiḃ Manaċar imṫiġṫe fada go leór uaiḋ.