Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

10

ṗronn me ceann aca, aċt a g-caṫaḋ lig (uile) go léir ag córuġaḋ mo ċuid eudaiġ.”

“Ni’l ḟios agam,” duḃairt an riġ, “cé agaiḃ a ndeunfaiḋ me an ċoill do; aċt cé agaiḃ is gasta? (agus deunfaiḋ me ḋo é.)”

“Tá mise,” duḃairt an ċeud ḟear.

“Cad é an ġastaċt ṫiucfaḋ leat a ḋeunaḋ?”

“An beaṫaċ is gasta (luaiṫe) riṫ ariaṁ, ċuirfinn crúḋ air, agus é air a rása.”

“Tá mise ċoṁ gasta leis,” ar san dara fear.

“Cad é an ġastaċt ṫiucfaḋ leat-sa a ḋeunaḋ?”

Dá mbeiḋeaḋ teaċ fada agad, leag bonn a ḋá ṫaoḃ-ḃalla, agus a ḋá ḃinn; ná fág ’nna seasaṁ aċt ceiṫre coirnéil; lion lán eúnaċ (eún) dá ċuid an ċnuic; ṫiucfainn ṫart air na ceitre coirneul ċoṁ gasta, naċ leigfinn aon ċeann amaċ naċ m-béarfainn air.”

“Tá tu gasta,” duḃairt an riġ.

“Tá mise ċoṁ gasta leis,” ar san trioṁaḋ fear.

“Nior ḃféidir duit ḃeiṫ ċoṁ gasta; cad é an ġastacṫ a ṫiucfaḋ leat a ḋeunaḋ?”

“Taḃair leat mála ċlúiṁ go dti an cnoc