Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

11

is áirde; sgaoil amaċ é lá gaoiṫe móire; ċruinneóċainn iad, agus ni ċaillfinn aon ċeann aṁáin d’á raiḃ annsan mála.”

“Ni’l ḟios agam-sa,” ar san riġ, “cia aca a ndeunfaiḋ me an ċoill do, acṫ cia b’é air biṫ agaiḃ is fallsa (deunfaiḋ me ḋo é.)”

“Tá mise,” duḃairt an ċeud ḟear.

“Ni féidir a ráḋ go ḃfuil tusa fallsa, agus tu ċoṁ gasta a’s ḃi tu air ball! cad é an ḟallsaċt is mo a ḋeunfá?”

“Dá ḃfágfaiḋe me ’mo luiḋe i sean-teaċ súiṫċe, ni leigfeaḋ mḟallsaċt (dam) mo ṡúil a ḋruid go dtuitfeaḋ braon súiṫċe asteaċ ann mo ṡúil agus go ligfeaḋ se (sic) an tsúil as mo ċeann.”

“Tá mise ċoṁ fallsa leis,” ar san dara fear.

“Cad é an ḟallsaċt a ṫiucfaḋ leat-sa a ḋeunaḋ?”

“Dá ḃfágfaiḋe mé mo luiḋe ann áit a raiḃ tri ḃeallaċ casta air a ċéile, luiḋfinn air ċúl mo ċinn, agus ni leigfeaḋ mḟallsaċt dam corruġaḋ go dtiucfaḋ na cartaċa air mo ṁullaċ agus go marḃfaḋ siad me.”

“Tá mise ċoṁ fallsa leis” ar san trioṁaḋ duine.