Leabhar Sgeulaigheachta/An Píobaire agus an Púca

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Leabhar Sgeulaigheachta by Dubhghlas de hÍde
An Píobaire agus an Púca

[ 96 ]AN PÍOBAIRE AGUS AN PÚCA.

Annsan t-sean-aimsir do ḃí leaṫ-amadán ’nna ċóṁnuiḋe i n-Dúnmór i g-condaé na Gailliṁe, agus ciḋ go raiḃ dúil ṁór aige annsa’ g-ceól, nior ḟeud sé níos mó ’ná aon ṗort aṁáin d’ ḟóġlaim, agus buḋ h-é sin an Rógaire Duḃ. Do ġeiḃeaḋ sé cuid ṁaiṫ airgid ó na daoiniḃ uaisle, mar do ġeiḃeaḋ siad greann as.

Oiḋċe Ṡaṁna ḃí an píobaire a’ teaċt aḃaile o ṫeaċ daṁsa, agus é leaṫ air meisge. Nuair ṫáinig sé go droiċiod beag anaice le teaċ a ṁáṫar d’ḟáisg sé na píobaiḋ air, agus ṫoisiġ sé ag seinm an Rógaire Duḃ.

Ṫáinig an Púca taoḃ-ṡiar dé agus ċaiṫ sé air a ḋruim féin é. Ḃí aḋarca fada air an b-Púca agus fuair an Píobaire greim daingean orra. Ann sin duḃairt sé, “leír- sgrios ort! a ḃeiṫiġ ġránna, leig aḃaile mé, tá píosa deiċ b-piġne agam do mo ṁá- ṫair, agus tá uireasḃuiḋ snísín uirri.”

“Na bac le do ṁáṫair,” ar san Púca, “aċt congḃuiġ do ġreim, má ṫuitfiḋ tu brisfiḋ tu do ṁuineul agus do ṗíobaiḋ.” [ 97 ]Annsin duḃairt an Púca leis, “séid suas dam an t-Sean-ḃean Ḃoċt.”

“Ní ’l eólas agam air,” ar san píobaire.

“Ná bac le d’eólas,” ar san Púca, “séid suas agus béarfaiḋ mise eólas duit.”

Do ċuir an píobaire gaoṫ ann a ṁála agus ṡinn sé ceól do ċuir iongantas air féin.

“Dar m’ḟocal is maiṫ an máiġistir ceóil ṫu,” ar san píobaire, “aċt innis dam anois cá ḃfuil tu dom’ ṫaḃairt?”

“Tá fleaḋ (féusta) ṁór i dteaċ na mná síḋe air ḃárr Ċruaċ-Ṗádraic, anoċt,” ar san Púca, “agus tá mé do d’ṫaḃairt ann le ceól do ṡeinm, agus glac m’ḟocal go ḃfuiġiḋ tu luaċ do ṫrioblóide.”

“Dar m’ḟocal sáḃálfaiḋ tu aistear dam,” ar san píobaire; “ċuir an t-aṫair Uilliam turus orm go Cruaċ-Ṗádraic, mar ġeall gur ġoid me gandal bán uaiḋ an féil Ṁár- tain seo ċuaiḋ ṫart.”

Ṫug an Púca tar cnocaiḃ agus portaċaiḃ é go d-táinig sé go bárr Ċruaċ-Ṗádraiċ. Ann sin do ḃuail an Púca trí builliḋ le na ċois, agus d’ḟosgail doras mór. Ċuadar asteaċ i seómra breáġ. Ċonnairc an pío- baire bord óir i lár an tseómra, agus [ 98 ]ceudta de ċailleaċaiḃ ’nna suiḋe timċioll air.

Nuair ṫáinig an Púca agus an píobaire asteaċ d’éiriġ na cailleaċa, agus duḃairt siad, “ceud míle fáilte róṁat a Ṗúca na Saṁna, cia h-é seó atá leat?”

“An píobaire is feárr i n -Éirinn,” ar san Púca.

Do ḃuail aon dena cailleaċaiḃ buille air an talaṁ, agus d’ḟosgail doras i d-taoiḃ an ḃalla, agus creud d’ḟeicfeaḋ an pío- baire a’teaċt amaċ aċt an gandal bán do ġoid sé ó’n aṫair Uilliam.

“Dar mo ċóinsias,” ar san píobaire, “d’iṫ mé féin agus mo ṁáṫair uile ġreim de ’n gandal sin, aċt aon sgiaṫán aṁáin do ṫug me do Ṁáire-Ruaḋ, agus is í a d’innis do’n t-sagart gur b’ é mise a ġoid an gandal.

Do ṫóg an gandal an bord leis, agus duḃairt an Púca leis an b-píobaire “Séid suas ceól dona mnáiḃ uaisle.”

Do ṡéid an píobaire suas, agus ṫoisiġ na cailleaċa ag daṁsa, agus bíḋeadar ag daṁsa go raḃadar sáruiġṫe.

Ann sin duḃairt an Púca, “Íoc an píobaire.”

Do ṫarraing gaċ cailleaċ píosa óir amaċ, agus ṫug do’n ṗíobaire é. [ 99 ]“Dar fiacal Ṗádraic,” ar seisean, “táim coṁ saiḋḃir le mac tíġearna.”

“Tar liom-sa,” ar san Púca,” agus béarfad aḃaile ṫu.”

D’imṫiġeadar amaċ, agus nuair ḃí sé dul a’ marcuiġeaċt air an b-Púca, ṫáinig an gandal agus ṫug se píobaiḋ nuaḋ’ ḋó.

Ni raiḃ an Púca a ḃfad go dtáinig sé go Dúnmór agus leag sé an píobaire air an droiċiod beag. Ann sin duḃairt sé leis. Éiriġ aḃaile, anois atá ḋá niḋ agad naċ raiḃ agad ariaṁ roiṁe seo, tá ciall agus ceól agad.

Ċuaiḋ an píobaire aḃaile agus ḃuail ag doras a ṁáṫar ag ráḋ, “leig asteaċ mé, táim coṁ saiḋḃir le tiġearna agus is mé an píobaire is feárr i n-Eírinn.”

“Táir air meisge,” ar san ṁáṫair.

“Ni ’lim go deiṁin,” ar san píobaire, “ níor ól mé braon.”

Leig an ṁáṫair asteaċ é, agus ṫug se ḋí na píosaiḋ óir.

“Fan anois go g-cluinfiḋ tu mé ag seinm ceóil,” ar seisean.

D’ḟáisg sé na píobaiḋ nuaḋ’ air, aċt i n-áit ceóil ṫáinig toran mar ḃeiḋeaḋ an méad gé agus gandal i n-Éirinn ag sgreadaoil. [ 100 ]Ṁúsgail sé na cóṁarsanna agus ḃí- ḋeadar a’deunaṁ magaiḋ faoi, no gur ċuir sé na sean-ṗíobaiḋ air, agus ṡinn se ceól binn dóiḃ. Ann sin d’innis sé an méad a ṫárla air, an oiḋċe sin.

Air maidin, an lá air na ṁáraċ, nuair d’ḟeuċ an ṁáṫair air na píosaiḃ i n-áit óir ní raiḃ ionnta aċt duilleóga luiḃe.

Ċuaiḋ an píobaire ċum an t-sagairt agus d’innis an sgeul dó, aċt ní ċreidfeaḋ an sagart focal uaiḋ, no gur ċuir sé na pío- baiḋ air, agus ṫoisiġ an sgreadaoil gandal agus gé.

Ann sin duḃairt an sagart, “Imṫiġ as mo raḋarc,” aċt ni ḋeunfaḋ niḋ air biṫ do’n ṗíobaire go g-cuirfeaḋ sé na sean-ṗíobaiḋ air, le taisbeunt do’n t-sagart go raiḃ an sgeul fíor. D’ḟáisg se na píobaiḋ air agus ṡinn sé ceól binn.

O’n lá sin go ḃfuair sé bás ní raiḃ aon ṗíobaire i g-condaé na Gailliṁe ċoṁ maiṫ leis.