Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/112

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

98

ceudta de ċailleaċaiḃ ’nna suiḋe timċioll air.

Nuair ṫáinig an Púca agus an píobaire asteaċ d’éiriġ na cailleaċa, agus duḃairt siad, “ceud míle fáilte róṁat a Ṗúca na Saṁna, cia h-é seó atá leat?”

“An píobaire is feárr i n -Éirinn,” ar san Púca.

Do ḃuail aon dena cailleaċaiḃ buille air an talaṁ, agus d’ḟosgail doras i d-taoiḃ an ḃalla, agus creud d’ḟeicfeaḋ an pío- baire a’teaċt amaċ aċt an gandal bán do ġoid sé ó’n aṫair Uilliam.

“Dar mo ċóinsias,” ar san píobaire, “d’iṫ mé féin agus mo ṁáṫair uile ġreim de ’n gandal sin, aċt aon sgiaṫán aṁáin do ṫug me do Ṁáire-Ruaḋ, agus is í a d’innis do’n t-sagart gur b’ é mise a ġoid an gandal.

Do ṫóg an gandal an bord leis, agus duḃairt an Púca leis an b-píobaire “Séid suas ceól dona mnáiḃ uaisle.”

Do ṡéid an píobaire suas, agus ṫoisiġ na cailleaċa ag daṁsa, agus bíḋeadar ag daṁsa go raḃadar sáruiġṫe.

Ann sin duḃairt an Púca, “Íoc an píobaire.”

Do ṫarraing gaċ cailleaċ píosa óir amaċ, agus ṫug do’n ṗíobaire é.