Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/113

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

99

“Dar fiacal Ṗádraic,” ar seisean, “táim coṁ saiḋḃir le mac tíġearna.”

“Tar liom-sa,” ar san Púca,” agus béarfad aḃaile ṫu.”

D’imṫiġeadar amaċ, agus nuair ḃí sé dul a’ marcuiġeaċt air an b-Púca, ṫáinig an gandal agus ṫug se píobaiḋ nuaḋ’ ḋó.

Ni raiḃ an Púca a ḃfad go dtáinig sé go Dúnmór agus leag sé an píobaire air an droiċiod beag. Ann sin duḃairt sé leis. Éiriġ aḃaile, anois atá ḋá niḋ agad naċ raiḃ agad ariaṁ roiṁe seo, tá ciall agus ceól agad.

Ċuaiḋ an píobaire aḃaile agus ḃuail ag doras a ṁáṫar ag ráḋ, “leig asteaċ mé, táim coṁ saiḋḃir le tiġearna agus is mé an píobaire is feárr i n-Eírinn.”

“Táir air meisge,” ar san ṁáṫair.

“Ni ’lim go deiṁin,” ar san píobaire, “ níor ól mé braon.”

Leig an ṁáṫair asteaċ é, agus ṫug se ḋí na píosaiḋ óir.

“Fan anois go g-cluinfiḋ tu mé ag seinm ceóil,” ar seisean.

D’ḟáisg sé na píobaiḋ nuaḋ’ air, aċt i n-áit ceóil ṫáinig toran mar ḃeiḋeaḋ an méad gé agus gandal i n-Éirinn ag sgreadaoil.