Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/114

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

100

Ṁúsgail sé na cóṁarsanna agus ḃí- ḋeadar a’deunaṁ magaiḋ faoi, no gur ċuir sé na sean-ṗíobaiḋ air, agus ṡinn se ceól binn dóiḃ. Ann sin d’innis sé an méad a ṫárla air, an oiḋċe sin.

Air maidin, an lá air na ṁáraċ, nuair d’ḟeuċ an ṁáṫair air na píosaiḃ i n-áit óir ní raiḃ ionnta aċt duilleóga luiḃe.

Ċuaiḋ an píobaire ċum an t-sagairt agus d’innis an sgeul dó, aċt ní ċreidfeaḋ an sagart focal uaiḋ, no gur ċuir sé na pío- baiḋ air, agus ṫoisiġ an sgreadaoil gandal agus gé.

Ann sin duḃairt an sagart, “Imṫiġ as mo raḋarc,” aċt ni ḋeunfaḋ niḋ air biṫ do’n ṗíobaire go g-cuirfeaḋ sé na sean-ṗíobaiḋ air, le taisbeunt do’n t-sagart go raiḃ an sgeul fíor. D’ḟáisg se na píobaiḋ air agus ṡinn sé ceól binn.

O’n lá sin go ḃfuair sé bás ní raiḃ aon ṗíobaire i g-condaé na Gailliṁe ċoṁ maiṫ leis.