Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/77

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

63

Ni raiḃ sí a ḃfad ag teaċt ċuici féin, agus d’innis sí a sgeul dó, mar ṫáinig faṫaċ mór nuair ḃí sí-se ’nna codlaḋ, agus mar ṫóg sé agus ċaiṫ sé ṫar a ġualainn í, ag ráḋ go ndeunfaḋ sí suipeur maiṫ ḋó, agus mar rug sé ċum a ċaisleáin í, agus mar ḋruid se suas faoi ġlas i rúma beag duḃ caol í, agus mar d’ḟág sé ann sin í, agus mar ċualaiḋ sí gol agus caoine agus ceasaċt na ndaoine eile do ḃí annsa’ g-cruaḋáil ceudna.

Buḋ mar sin do ċaiṫ siad cuid de’n oiḋċe, aċt nuair ḃí sé anaice le fáinne an laé, d’éiriġ siad, agus rinne siad deaḃaḋ agus deifir le fágḃáil na coille móire. Ḃi siad tri no ceiṫre uaire ag siúḃal agus ḃí an ġrian árd annsna speurṫaiḃ nuair ṫáinig siad amaċ aisti faoi ḋeire, agus ḃí an ḃeirt aca beag-naċ marḃ le h-eagla agus le h-obair. Ḃi siad beag-naċ fáġail ḃáis leis an ocarus, act ċonnairc siad boṫán beag i ḃfad uaṫa, agus nuair ṫáinig siad coṁ fada leis fuair siad sean-ċailleaċ astiġ ann. D’iarr siad greim aráin n-ainim Dé uirri, agus fuair siad sin. Ḃi siad ró ṫuirseaċ le siúbal nios mó, agus d’ḟiafruiġ siad de’n g-cailliġ an leigfeaḋ sí dóiḃ luiġe annsan teaċ an oiḋċe sin, agus