Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/90

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

76

tuaraisg ṁaiṫ air ó na daoiniḃ. Mar sin ċuaiḋ siad air a n-aġaiḋ go cúramaċ, agus ṡaoil siad naċ mḃainfeaḋ doċar air biṫ ḋóiḃ go dtiucfaḋ siad go tír buḋ nádúrḋa, aċt ḃí siad meallta ann aindeoin a n-aire agus a g-cúraim.

Ḃi siad ag dul air an mbóṫar cuṁang aon lá aṁáin agus ḃí an ait nios fiaḋaine, ’ná ariaṁ, eidir ḋá ṡliaḃ, agus duḃairt uile ḋuine air a ċuir siad ceist o ṁaidin naċ raiḃ aca aċt aistear laé le siúḃal go mḃeiḋeaḋ siad amuiġ arís annsan réiḋteaċ, agus naċ raiḃ aċt sliġe ḃeag le dul annsin, no go mbeiḋeaḋ siad annsa’ ḃFrainc, agus ḃí siad ag deunaṁ lúṫġaíre le ċéile, ag ráḋ naċ fada anois go mbeiḋeaḋ an turas trioblóideaċ sin crioċnuiġṫe aca faoi ḋeire. Ḃí siad mar sin go greannaṁail gan ḃron ná ceó orra, agus ḃí an meaḋon-laé go díreaċ ann, nuair ċonnairc siad duine boċt crom ag teaċt ċuca, agus mála air a ḋruim. Ċuir siad ceist air-sean mar ḃí siad ’gá cur air uile ḋuine eile do ċasfaiḋe orra, “cá ḟad ḃí sé go mbeiḋeaḋ siad annsa’ ḃFrainc,” agus leig seisean air go raiḃ iongantas air, nuair ċualaiḋ sé go raiḃ siad ag triall ċum na Fraince. “Ni ċum na