Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/89

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

75

cosṁuil go leór muna mbeiḋeaḋ sé air a ċoiṁeud,) ġeaḃfaḋ sé leagaḋ míle troiġ sios go m-brúiġfiḋe i ngiotaiḃ é air na cloċaiḃ geura garḃa do ḃí annsan ngleann.

Ni gan eagla do ṡiúḃail an ḃean óg ṫar na bóṫaraiḃ dainséuraċa so, agus ḃí faitċios uirri dearcaḋ sios air an doiṁneaċt do ḃí fúiṫi, aċt do ṫug Goillís a láṁ dí, agus ṫug sé croiḋe agus meisneaċ dí.

Ni raiḃ mórán tiġṫeaḋ le feicsint annsna h-áiteaċaiḃ seó, agus ní raiḃ aon dúil ná spéis ag Goillís ná ag an mbain-ṗrionnsa, annsna daoiniḃ do ḃí ’nna g-cóṁnuiḋe ionnta, agus uile aít a ġlac siad lóistín, no uile ṫeaċ ann a ndeacaiḋ siad asteaċ ċualaiḋ siad sgeulta áiḋbeula air roḃáiliḋiḃ agus air ġaduiġiḃ do rinne an ḟuil do ḃí i g-cuisleannaiḃ na mná oíge fuar le faitċios. Buḋ ṁinic duḃairt sí le Goillís go mbuḋ ḟeárr léiṫe na leaṫ a rioġaċta ḃeiṫ slán sáḃálta as an dtír ġránna sin, agus go deiṁin ḃí an ḃaraṁuil ċeudna ag Goillís. Rinne siad a ndiṫċioll le teaċt saor, mar nior ṡiuḃail siad ariaṁ aċt do lá, agus ṫug siad aire ṁaiṫ naċ mbeiḋeaḋ siad air an mbóṫar ’r eís luiġe na greíne, agus nior ġlac siad loístín i dteaċ air biṫ nár ċualaiḋ siad