Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/88

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

74

ċualaiḋ an inġean óg sin nior ḟeud sí gan ċraṫaḋ arís air gcuimniuġaḋ ḋí coṁ fogus do’n ḃás agus ḃí sise, agus ḋearc sí go carṫanaċ agus go buiḋeaċ air Ġoillís do ṡáḃáil í.

Nior ḟeud sí dul nios faide le tamall beag, agus ċaiṫ siad trí lá annsa’ d-teaċ- ósta sin, go croiḋeaṁail compórtaṁail, aċt ḃí a g-cuid airgid ag eíriġe gann agus ḃí faitċios orra fanaṁaint coṁ fada agus buḋ ṁian leis an ṁnaoi oíg. B’eígin dóiḃ siuḃal arís agus d’ḟág siad an ball sin le croiḋe buaiḋriġṫe brónaċ, aċt ní raiḃ aon neart ná áraċ aca air.

Ṡiuḃal siad sé no seaċt de laéiṫiḃ ’r eís a ċeíle gan sgíṫ gan stad, agus ṡaoil siad go raiḃ siad ag tarraing anaice leis an ḃFrainc. Ḃí an tír ann a dtáinig siad anois fiaḋain agus cnocaċ. ni raiḃ aon rud eile le feicsint aca aċt cloċa móra, carraige, agus creaga árda, le loċaiḃ uisge ḋuiḃ ó áit go h-áit ’nn a measg, agus ḃí an bóṫar an-ċúṁang agus caol, agus é ag dul suas air uairiḃ air ḃárr sléiḃe, agus ḃiḋeaḋ gleann mór doiṁin le na ṫaoiḃ agus an bóṫar gearrṫa as an g-carraig ḋuiḃ, agus dá dtuitfeaḋ duine, (rud buḋ