Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/87

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

73

lá ann sin, ag iṫe agus ag ól agus ag leigint a sgiṫe, ’réis an dainseura ann a raiḃ siad, leis na trí lá ċuaiḋ ṫart.

D’innis fear an tiġe dóiḃ go raiḃ an faṫaċ a ḃí annsa g-coill an-ṁillteaċ, agus gur ṁarḃ sé timċioll ceud duine gaċ bliaḋain, agus naċ ndeacaiḋ fear ná bean riaṁ uaiḋ d’á rug sé air go dti sin. D’ḟiafruiġ siad dé, cad é an t-ainm a ḃí air, agus duḃairt seisean gur b’ iomḋa an t-ainm a ḃí air, gur ġlaoḋ na daoine an taoḃ so de’n g-coill “an t-Iṫeadóir” air, agus gur ġlaoḋ daoine eile an “Feannadóir” air. Duḃairt sé ċor leis sin gur ċaiṫ sé a lá agus a oiḋċe ag dul ṫart annsa’ g-coill ag cuartuġad air ṫóir daoine do ṫéiḋeaḋ air seaċran, aċt go raiḃ sé faoi ġeasaiḃ gan teaċt amaċ as go bráṫ. Duḃairt sé mar an g-ceuḋna go raiḃ spiadoíriḋ aige, sean-ċailleaċ, agus a h-inġean do ḃí ’nna g-cóṁnuiḋe i mboṫán beag air ḃruaċ na coille, agus gur ṁeall siadsan an méad do ṫiucfaḋ anaice leó, go g-cuirfeaḋ siad fios air an ḃfaṫaċ agus go dtiucfaḋ sé agus go marḃfaḋ sé na daoine boċta do ġlacfaḋ lóistín annsa’ mboṫán sin. Nuair