Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/94

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

80

D’ḟág siad an bóiṫrín agus ċuaiḋ siad trasna na bpáirc, i lár cloċ agus carraig agus tom, go dtáinig siad faoi ḋeire go gleann doiṁin duḃ, agus ag ceann an ġleanna sin ḃí sliaḃ árd ag eíriġe suas, agus ḃí taoḃ an t-sléiḃe ’nna aon ċarraig aṁáin, agus d’éiriġ sé coṁ díreaċ beag-naċ, le balla tiġe, agus ḃí sgoilt beag no poll, ann a ṫaoiḃ, coṁ mór sin gó leigfeaḋ sé caora asteaċ ’s amaċ go réiḋ, no fear dá raċaḋ se sios air a ḋá láiṁ, agus buḋ annsa’ bpoll sin do ṡáiṫ siad Goillís boċt rómpa, agus ċuaiḋ siad féin ag smeurṫaċt ’nna ḋiaiġ, agus b’ eígin d’ inġín an Riġ an rud ceudna do ḋeunaṁ.

Ċuaiḋ siad mar sin le cúig no sé de slataiḃ, agus ḃí an poll ag leaṫnuġaḋ i g-cóṁnuiḋe, no go raib sé coṁ h-árd sin faoi ḋeire go dtiucfaḋ leó seasaṁ suas. Ṫáinig siad ann sin go geata iarainn annsan mballa, agus nior ḟeud siad dul nios faide. Ċuir an Caiptín a láṁ ann a ṗóca agus do ṫarraing sé eoċair ṁór ṫrom amaċ, agus d’ḟosgail sé an doras léiṫe, agus gaċ sgread a leig an doras iarainn ’gá ḟosgailt ṫuit sé air ċroiḋe Ġoillís mar ṫonna cloċ. Ċuaiḋ siad uile asteaċ agus ṫarraing siad