Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/100

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

86

Bhi an ḃeirt ag gaḃail ṫart ṫimċioll, agus ag dearcaḋ air uile rud do ḃí le feicsint, nuair ċualaiḋ siad coiscéim duine, agus guṫ ḟir ag feadaoil ag teaċt anaice leó. “Caiṫ ṫu féin sios air ċúl an rolla ṁóir sioda sin,” ar Goillís, “agus b’éidir naċ ḃfeicfear ṫu.”

Luiḋ siad sios le ċéile air ċúl an t-sioda, i rioċt go raiḃ siad foluiġṫe go maiṫ, agus d’ḟan siad le feicsint créud do ṫárlóċaḋ leó. Nior ḟan siad a ḃfad nuair d’ḟosgail fear mór láidir an doras iarainn le h-eoċair, agus ṫáinig sé asteaċ. Chuaiḋ sé anonn go báirille do ḃí san g-cuaine, agus ṫarraing sé deoċ dó féin as. Ḃí am ag Goillís le breaṫnuġaḋ air, nuair ḃí sé ag ól na diġe, agus ċonnairc sé, naċ raiḃ an fear ameasg na ndaoine eile nuair leag siad agus nuair ċeangail siad é.

Chonnairc sé naċ raiḃ aon tsliġe eile aige aċt a leagaḋ sios agus an eoċair do ḃaint dé, agus ḋearc sé ’nna ṫimċioll ag iarraiḋ airm éigin, aċt ní ḃfuair sé aon rud aċt barra láidir airgid do ḃí curṫa i dtaisge ameasg móráin rud luaċṁar eile. Thóg sé sin ’nna láiṁ agus ċuaiḋ sé go socair sáiṁ anonn do’n ḟear do ḃí ag ól, agus a