Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/99

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

85

t-im air a ċroicionn coṁ maiṫ agus air an t-srang. Nuair ḃí an t-im uile iṫte o’n g-córda d’ éiriġ sé agus rinne sé an rud ceudna as an nuaḋ, agus buḋ ann sin do ḃí an obair agus an cuiṁlint ameasg na luċóg, nuair ṡín sé amaċ a láṁa an dara uair. Riṫ siad agus ṫroid siad agus ṫuit siad air a ċéile ag iarraiḋ an t-im d’ḟáġail. Reub siad an córda agus reub siad a láṁa leis, aċt do ḃí an oiread sin de’n ċorda iṫte aca faoi ḋeire go ndearna sé iarraċt láidir le na ḃriseaḋ, agus ḃris sé é. Ċuir sé gáir lúṫġáire as, agus nuair fuair sé a ḋá láiṁ saor, ċrom sé agus sgaoil sé a ċosa, agus ċuaiḋ sé anonn do’n óg-ṁnaoi, agus rinne sé an rud ceudna léiṫe.

Ṡeas siad suas le ċéile, agus léim siad leis an méad lúṫġáire do ḃí orra. Ḋearc siad ’nna dtimcioll air an uaiġ, agus fuair siad go raiḃ sí deunta annsan g-carraig ċruaiḋ agus go raiḃ an áit ’nna áit-taisge le congḃáil an t-saiḋḃris do ġeaḃfaḋ na robáiliḋ ó am go h-am. ni raiḃ aon rud breáġ ná saiḋḃir dá ḃfacaiḋ súil duine ariaṁ naċ raiḃ sé cruinniġṫe ann sin, ag fanaṁaint no go ḃfuiġeaḋ na robáiliḋe faill le na ndiol.