Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/97

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

83

péire luċóig ṁóir do ḃí ag deunaṁ a n-díṫ- ċill lé dul coṁ fada le pláta ime do ḃí leagṫa air ċlár-cloice annsan mballa, agus ḃí siad ag strapaireaċt suas agus ag tui- tim air ais arís, mar do ḃí an balla ro ḋíreaċ agus roṡleaṁain. “Creud air a ḃfuil tu dearcaḋ?” ar san óig-ḃean. “Dear- ċad air ḋá luċóig,” ar seisean. “Creud a ḃfuil siad ag deunaṁ?” ar sí. “Ag iar- raiḋ teaċt ċoṁ fada leis an im sin, tá air an g-clár cloiċe annsan mballa,” ar sé. “Tionntaiġ mo ċeann,” ar sise, “go ḃfeic- fiḋ mé iad, ni ṫig liom féin corruġaḋ.” Ċuir sé sios a ḋá láim do ḃí ceangailte le ċéile agus ċorruiġ sé a ceann leo, gur ṫionntaiġ sé í coṁ maiṫ agus d’ḟeud sé, agus ċonnairc sí na luċóga ag obair.

“Tá nios mó ’ná dó ann,” ar sí, ta mó- rán aca air an úrlar agus tá siad fan- aṁaint go ḃfeicfiḋ siad cad é an ċaoi éireó- ċaiḋ an obair leis an dá ċeann sin tá ag strapaireaċt suas. Ḃfuil ḟios agad an niḋ a ṫáinig ann mo ċeann anois nuair duḃairt tu liom go raiḃ na luċóga ann, ag iarraiḋ an ime.

“Ni’l ḟios,” ar Goillís.

“Ṡaoil me,” ar sí, “dá gcuirfeá im air