Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/40

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

26

ḃfáine air a meur do ḃi si ċoṁ soillseaċ leis an ngréin.

Ḃi Goillís beag naċ dallta leis an m-breáġaċt agus an sgeíṁ do ḃi ínnti. Ḋearc se arís agus ċonnairc se, mar ṡaoil se, go raiḃ si ag gul, no go raiḃ lorg deóir ann a súil. “Ni féidir,” ar Goillís, go ḃfuil brón uirri, nuair atá uile ḋuine ’nna timcioll ċoṁ súgaċ spórtaṁail sin.”

“Tá si brónaċ,” ar san fear beag, “tá si brónac. maiseaḋ! mar is anaġaiḋ a tola féin tá sí ’gá pósaḋ, agus ni’l aon ġráḋ aici air an ḃfear atá le ḃeiṫ aici. Ḃi an Riġ dul ḋá taḃairt do, tri bliaḋna o ṡoin, nuair naċ raiḃ sí aċt cúig bliaḋna deug d’aois, agus rinne síse impiḋe air a fágḃáil mar ḃi si go fóil, mar duḃairt si go raiḃ si ro óg. Ṫug an Riġ cáirde bliaḋna ḋi, agus nuair ḃi an ḃliaḋain sin imṫiġṫe ṫug se cáirde bliaḋna eile ḋi, agus ann sin bliaḋain eile, agus seaċtṁain no lá ni ṫiuḃraḋ sé di nios mo, agus tá sí oċt mbliaḋna deug anois agus is miṫid di pósaḋ, aċt go deiṁin,” ar seisean, agus ċam se a ḃeul le gáire gráineaṁail, “go deiṁin ni mac Riġ a ṗósfaiḋ si, má ṫig liom-sa é.”

Ġlac Goillís truaġ ṁór do’n ógṁnaoi