Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/45

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

31

leo ’reís Goillis a coisreaġaḋ ḋo feín. “O a Ġoillis naċ deas an oibir í sin a rinne tu ḋúinn agus sinne ċoṁ cinéálta sin leat-sa. Cad é an ṁaiṫ atá againn anois as ar dturas go dti an Róiṁ agus go dti an Ḟrainc. Ná bac leis go fóil, a ḃodaiġ! aċt iocfaiḋ tu sin am eile, creid sinne go mbéiḋ aiṫreaċas ort.

“Ni ḃéiḋ aon ṁaiṫ aige le fáġail as an g-cailín óg,” ar san firín beag do ḃi ag caint le Goillis annsan b-palás roiṁe sin, agus mar duḃairt se an focal ḋruid se anonn ċum na h-óg-ṁná agus ḃuail se bos air a leiṫceann. “’Nois!” ar se “béiḋ si gan ċaint feasta. ’Nois! a Ġoillís cad é an ṁaiṫ ḋuit-se í, nuair a ḃéiḋ si balḃ? Is miṫid dúinn imṫeaċt, aċt béiḋ cuiṁne agad orrainne, a Ġoillís na g-cos duḃ!”

Nuair duḃairt se sin ṡín se a ḋá láiṁ amaċ, agus sul dḟeud Goillís aon ḟreagraḋ taḃairt do, ḃi se féin agus an ċuid eile ḋioḃ imṫiġṫe asteaċ annsan ráṫ as a aṁarc agus ni ḟaca se iad nios mo.

Ṫionntaiġ se ċum na h-óg-ṁná agus duḃairt se léiṫe, “Buiḋeaċas le Dia, tá siad imṫiġṫe; naċ feárr leat fanaṁaint liom-sa ná leo-san?” Nior ḟreagair si dadaṁ; tá buaiḋreaḋ agus brón uirri